Ón gClochán Liath go Uibhist a Tuath – turas 300km thar farraige déanta ag liathróid CLG

Tháinig fear ó Inse Ghall Amuigh ar liathróid de chuid Chlub CLG an Chlocháin Léith ar cailleadh í in iarthar Dhún na nGall trí seachtaine ó shin

Ón gClochán Liath go Uibhist a Tuath – turas 300km thar farraige déanta ag liathróid CLG

Tá liathróid peile de chuid club Gaeltachta i nDún na nGall aimsithe ag fear ar cheann de na hoileáin in Inse Ghall Amuigh, amach ó chósta na hAlban.

Bhí Arthur Heyes amuigh ag siúl cois farraige ar Uibhist a Tuath ag an deireadh seachtaine nuair a tháinig sé ar an liathróid de chuid Chlub CLG an Chlocháin Léith in iarthar Dhún na nGall.

Bhí ainm an chlub scríofa ar an liathróid agus chuir Heyes teachtaireacht chucu ar Facebook le rá leo go raibh a liathróid tagtha slán ó thuras 300km.

In éineacht lena theachtaireacht, sheol Heyes pictiúr de féin agus an liathróid ina sheilbh aige, chomh maith le léarscáil a thaispeáin an fad idir an Clochán Liath agus Uibhist a Tuath.

Agus caighdeán na liathróide á mholadh aige, rinne Heyes iontas de go raibh an t-aer fós inti agus nach raibh smál dá laghad uirthi i ndiaidh a turais.

Ba le foireann na mban sa Chlochán Liath an liathróid agus dúirt a mbainisteoir Conor Comack leis an Donegal Democrat, gur cailleadh an liathróid trí seachtaine ó shin agus iad i mbun traenála ar thrá an Mhachaire sa cheantar.

“Chuaigh ceann de na cailíní isteach ina diaidh ach bhí an taoide róláidir agus tarraingíodh amach chun na farraige an liathróid.

“Níor cheap muid go bhfeicfeadh muid arís í agus nach orainn a bhí an t-iontas nuair a fuair muid an teachtaireacht ar Facebook go bhfuarthas í.”

Fág freagra ar 'Ón gClochán Liath go Uibhist a Tuath – turas 300km thar farraige déanta ag liathróid CLG'

  • Lillis Ó Laoire

    T’eagla orm gur as Dungloe go North Uist a chuaigh sé!