Oidhreacht is Seoda Chonamara á bplé ar an gCeathrú Rua

Beidh taispeántas ag John Bhaba Jeaic in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge anocht de chuid de na seoda atá le feiceáil san Ionad Oidhreachta i Leitir Mealláin

Oidhreacht is Seoda Chonamara á bplé ar an gCeathrú Rua

An saineolaí oidhreachta John Bhaba Jeaic Ó Conghaile a bheas mar aoichainteoir ag Cumann Béaloidis Chonamara ag teacht le chéile speisialta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua anocht.

Ní folamh a thiocfaidh John Bhaba Jeaic aniar as Foirnis i Leitir Mealláin, mar a bhfuil sé ag obair mar choiméadaí in Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin.

Tá bailiúchán mór iarsmaí, cáipéisí is pictiúr curtha i dtoll a chéile ag Ó Conghaile san Ionad Oidhreachta agus beidh taispeántas ag teacht aniar leis de chuid de na seoda sa bhailiúchán sin.

Tá an-suim aige in oidhreacht agus i gcultúr a cheantair dhúchais agus an-chur amach aige ar chúrsaí farraige is iascaigh chomh maith le stair an cheantair.

Bíonn fáilte roimh chuile dhuine ar suim leo an béaloideas ag cruinnithe Chumann Béaloidis Chonamara agus bíonn deis plé is comhrá ann.

Anocht ag a 8.00pm a bheidh a dteacht le chéile míosúil ag Cumann Béaloidis Chonamara in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. 

Fág freagra ar 'Oidhreacht is Seoda Chonamara á bplé ar an gCeathrú Rua'