Ochtar eile básaithe agus 3,443 cás de Covid-19 deimhnithe in Éirinn

Tá nach mór 3,500 cás deimhnithe de Covid-19 in Éirinn agus 76 duine a bhí buailte ag an ngalar básaithe, 54 duine ó dheas den teorainn agus 22 duine ó thuaidh di

Ochtar eile básaithe agus 3,443 cás de Covid-19 deimhnithe in Éirinn

Tá 3,443 cás deimhnithe de Covid-19 in Éirinn agus 76 duine a bhí buailte ag an ngalar básaithe, 54 duine ó dheas den teorainn agus 22 duine ó thuaidh di.

295 cás nua a dheimhnigh an Roinn Sláinte anocht rud a fhágann go bhfuil 2,910 cás deimhnithe ó dheas faoin tráth seo. Ochtar eile atá básaithe ó dheas, triúr fear agus cúigear ban. Bhí fadhbanna sláinte eile ag seachtar de na daoine is déanaí a bhásaigh, in oirthear na tíre a bhí seisear acu, duine amháin a bhí sa deisceart agus in iarthar na tíre a bhí an duine eile.

Ag labhairt dó faoi na figiúirí is déanaí tráthnóna, dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, nach féidir aon tuar a dhéanamh faoi cathain a tharlóidh aon bhrúisc sa líon cásanna. Dúirt sé, áfach, go dtuigeann na saineolaithe go maith cad is eipidéim “gan srian” ann agus nach an tslí sin atáimid ag dul. Dúirt sé go gcaithfí an cuar a chothromú “i bhfad níos mó” ionas go bhféadfaí déileáil leis an eipidéim.

“Tógfaidh sé tamall sula bhfeicfear toradh ár gcuid iarrachtaí sna figiúirí. Beidh 7-10 lá eile ann sula mbeidh an pictiúr ceart againn maidir le cé chomh héifeachtach is a bhí na hiarrachtaí atá déanta againn i dteannta a chéile,” arsa an tOllamh Philip Nolan.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis  na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan go raibh líon na gcásanna deimhnithe ag fás 33% in aghaidh an lae sular tugadh na srianta isteach agus go bhfuil an ráta fáis tite go dtí thart ar 15% le roinnt laethanta anuas. Ag fás a bhí líon na gcásanna mar sin féin, agus chaithfí stop a chur leis sin, a dúirt sé.

Dúirt an Dr Tony Holohan gur dóigh go mbeidh srianta fós ag teastáil tar éis Domhnach Cásca, an 12 Aibreán. “Ba mhaith linn fáil réidh leis na srianta seo chomh luath agus is féidir linn ach ní dhéanfaimid sin murab é sin an rud ceart le déanamh,” arsa Dr Tony Holohan.

Deimhníodh níos túisce tráthnóna go raibh 123 cás nua de Covid-19 sa Tuaisceart agus 533 cás ar fad atá deimhnithe ó thuaidh faoin tráth seo. Duine amháin eile a bhí buailte ag an ngalar a fuair bás ó thuaidh.

88 othar atá sna hionaid dianchúraim ó dheas faoi láthair, de réir figiúirí an HSE inné.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, eolas a bhain leis na cásanna a bhí ann faoi mheán oíche Dé hAoine:

  • Fir a bhí i gceist le 51% de na cásanna agus mná iad 49%
  • Bhí 111 braisle i gceist ar bhain 428 cás leo
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 47 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 645 duine, nó 29%
  • As na daoine sin, cuireadh 84 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 578 cás, nó 23%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 1,393 cás, nó 56%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 217 cás, nó 9%
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 50% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 27% agus taisteal thar lear ba chúis le 23%

Tá an HSE den tuairim nach mbeidh an líon othar a mbeidh leapacha géarchúraim agus leapacha dianchúraim de dhíth orthu de bharr Covid-19 chomh hard in aon chor is a bhí sa chás is measa a bhí leagtha amach acu seachtain ó shin.

De réir tuairisce ag RTÉ inniu, tugadh le fios sna réamh-mheastacháin a rinneadh laistigh den HSE don chás is measa sa ghéarchéim sláinte, go bhféadfadh go mbeadh dianchúram ag teastáil ó 546 othar sa lá nuair a bheadh an aicíd ina buaic faoi lár mhí an Aibreáin.

Sna réamh-mheastacháin sin, atá faoi rún, deirtear go raibh sé á thuar ag an bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbeadh géarchúram ag teastáil ó 1,328 othar ar an 11 Aibreán.

Ach tuairiscíodh ina dhiaidh sin go raibh súil ag an HSE go mbeidh líon na n-othar a mbeidh géarchúram nó dianchúram ag teastáil uathu cuid mhaith níos lú ná sin.

Dúirt Anne O’Connor, Príomh-Oifigeach Oibríochtaí an HSE go raibh líon suntasach aerálaithe faighte ag an bhfeidhmeannacht agus go raibh slabhra soláthair maith acu.

Agus í ag caint ar chlár Morning Ireland ar RTÉ ar maidin, dúirt Anne O’Connor go bhfuil teacht acu ar 2,000 leaba agus 170 leaba dianchúraim agus go raibh siad ag cur leis an líon sin.

Tá an HSE ag obair ar an mbonn gur idir an 10-14 Aibreán is measa a bheidh an phráinn ach dúirt sí nach féidir é sin a thuar go baileach beacht.

Léirigh sonraí nua faoi Coivid-19 ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) go raibh 22 braisle in ionaid altrannais agus 19 braisle in ospidéil ó dheas.

Tá sé i gceist beartais nua a thabhairt isteach le dul i ngleic le scaipeadh an ghalair in ionaid altrannais.

I dtithe príobháideacha a bhí braislí eile, bhain cinn eile le taisteal, ionaid oibre agus ionaid phobail agus chónaithe ina raibh  cúram fadchónaithe á chur ar fáil.

Ar maidin a foilsíodh na sonraí sin agus tá an t-eolas bunaithe ar 2,216 cás deimhnithe a bhí cláraithe roimh mheán oíche Dé hAoine seo caite.

Maidir leis an 43 duine a chuir Covid-19 den saol, duine amháin acu a bhí idir 25-34 bliain d’aois, duine amháin a bhí idir 35-44 agus duine amháin a bhí idir 45-54. Bhí beirt de na mairbh idir 55-64.

Bhí 38 duine as an 43 duine os cionn 65.

Maidir leis an 77 othar a cuireadh faoi dhianchúram sa tréimhse sin bhí 29 duine (37.7%) os cionn 65 65, 17 duine (22%) idir 45-54 agus 19 (24.7%) idir 55-64 bliain d’aois.

Cuireadh san aonad dianchúraim chomh maith seachtar (9%) a bhí idir 35-44 bliain d’aois agus ceathrar (5.2%) a bhí idir 25-34.

Tuairiscíodh chomh maith inniu gur 389,000 iarratas ar chúnamh leasa shóisialaigh atá curtha faoi bhráid na Roinne Coimirce Sóisialaí le coicís anuas agus gur 88% acu sin atá próiseáilte.

D’fhógair an Rialtas leis go rabhthas tagtha ar réiteach leis na hospidéil phríobháideacha maidir le soláthar na n-áiseanna sin don HSE. 

 

De réir staidéir nua tá beatha 59,000 duine sábháilte in 11 tír san Eoraip de bharr na mbeartas éagsúil a thug rialtais éagsúla isteach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19.

De réir na tuarascála nua ó ghrúpa saineolaithe Imperial College sábhálfar beatha go leor daoine eile mar gheall ar na srianta amhail dianghlasáil, an scoitheadh sóisialta agus dúnadh scoileanna.

Measann na saineolaithe gur sa Spáinn atá an sciar is mó den daonra (15%) buailte ag an ngalar. Sa Ghearmáin (0.7%) agus san Iorua (0.47%) is lú atá an galar tolgtha ag daoine, dar leo. Níl Éire san áireamh sa staidéar. 2.7% an ráta ionfhabhtaithe a mheastar atá sa Ríocht Aontaithe.

Deirtear go bhfuil sé róluath a rá fós cé chomh héifeachtach is atá na srianta agus na beartais a tugadh isteach i gcás fhormhór na dtíortha toisc go mbíonn aga 2-3 seachtaine ann idir an t-ionfhabhtú agus an bás.

“Dá bharr sin, chun go mbeadh muinín ann go bhfuil moill á cur le scaipeadh SARS-CoV-2, tá sé riachtanach go bhfágfaí ann na beartais agus go ndéanfaí scagadh leanúnach sna laethanta agus sna seachtainí amach romhainn ar líon na gcásanna agus líon na mbásanna,” a deir údair na tuarascála.

Dúirt aire gnóthaí eachtracha na Spáinne Arancha González inniu go raibh an chosúlacht ar an scéal go bhfuil scaipeadh an ghalair ag maolú de bheagán faoi dheireadh agus cuar an víris á chothromú.

812 duine eile a bhí buailte ag an víreas atá básaithe sa Spáinn le lá anuas. 7,340 duine atá básaithe de bharr na ráige sa Spáinn, an dara tír is measa atá buailte ag an ngéarchéim Covid-19 i ndiaidh na hIodáile, mar a bhfuil  Maidrid, an Chatalóin agus Tír na mBascach ar na ceantair is measa atá buailte ach tá údar dóchais áirithe ann sa mhéid agus gur inniu a tuairiscíodh an líon is lú cásanna nua sa Spáinn le seachtain.

Tá 11,591 duine le Covid-19 básaithe san Iodáil agus 812 duine eile caillte sa tír sin le lá anuas. Méadú a bhí ansin ar líon na na mbásanna a tuairiscíodh inné ach bhí líon na gcásanna nua a deimhníodh – 4,050 -níos lú ná mar a bhí aon lá eile ón 17 Márta i leith.

I Stáit Aontaithe Mheiriceá anois atá an líon is mó cásanna den ghalar agus nach mór 145,000 cás deimhnithe. Tá breis is 2,500 duine básaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar a raibh athrú poirt ag an Uachtarán Donald Trump le cúpla lá anuas.

Dúirt Trump, a mhaígh i dtosach go raibh an galar faoi smacht i SAM, go mbeadh “an-jab go deo” déanta ag na húdaráis dá n-éireodh leo líon na marbh a choimeád faoi bhun 100,000.

D’fhógair Trump chomh maith síneadh ama go dtí an 30 Aibreán leis na treoracha feidearálacha faoin scoitheadh sóisialta agus beartais eile. Roimhe seo, mhaígh sé go mbeadh an tír, nó cuid mhór di, faoi lán seoil arís Domhnach Cásca, an 12 Aibreán.

Dúirt Trump gurb amhlaidh gur éist sé leis na saineolaithe agus gur orthusan a bhíonn agus bheidh sé ag brath.

De réir an áirimh is déanaí ag Ollscoil Johns Hopkins, breis is 740,000 cás den choróinvíreas atá deimhnithe ar fud an domhain agus os cionn 35,000 duine curtha den saol de bharr na paindéime. Tá deimhniú faighte go bhfuil nach mór 157,000 duine a bhí buailte ag an ngalar tagtha chucu féin ar fad.

Fág freagra ar 'Ochtar eile básaithe agus 3,443 cás de Covid-19 deimhnithe in Éirinn'