Ó Titian go Tony O’Shea – iontais agus inspioráid na híomhá

An rud nach bhfeictear a oibriú amach ón méid a fheictear... An mar sin a thosaíonn úrscéal?

Ó Titian go Tony O’Shea – iontais agus inspioráid na híomhá

Bhí Henry James an-tógtha le scéal faoi chara leis, an t-úrscéalaí Anna Thackeray Richie, ise a scríobh úrscéal, a thuill meas, faoi Phrotastúnaigh óga sa Fhrainc. Nuair a fiafraíodh di cén chaoi a raibh an oiread sin eolais aici faoin dream sin, dúirt Anna Thackeray Riche go raibh sí ag dul in airde staighre i bPáras uair amháin agus shiúil sí thar dhoras oscailte trína bhfaca sí ‘scata ógánach Protastúnach ina suí timpeall boird agus iad théis béile a bheith caite acu’.

B’in a raibh d’eolas aici; bíodh beag nó mór. Scríobh James, a bhí faoi dhraíocht aige seo, faoin ‘gcumas an rud nach bhfeictear a oibriú amach ón méid a fheictear, impleachtaí rudaí a rianú, breithiúnas a thabhairt ar an bpíosa iomlán de réir an phatrúin’.

An mar sin a thosaíonn úrscéal? Sa Louvre bíonn scuaine ollmhór i gcónaí, amhail mar a bheadh in aerfort gnóthach, le bacainní agus gardaí slándála, ag fanacht le breathnú ar an Mona Lisa. Go dtí le gairid bhí pictiúr le Titian, A Young Man with a Glove, ar crochadh díreach ar a chúl. De réir chuile shlat tomhais (dar liomsa ar aon nós), tá an pictiúr seo i bhfad níos fearr ná portráid Leonardo. Táthar tar éis é a athrú de leataobh sa seomra mór ina bhfuil an Mona Lisa.

Ní bhreathnaíonn éinne anois air nó, ar a laghad ar bith, ní raibh éinne ag breathnú air nuair a bhí mise ann níos luaithe i mbliana.

Thug an t-úrscéalaí George Eliot dhá chuairt ar an Louvre, den chéad uair sa mbliain 1859, agus arís in 1864. Chonaic sí pictiúr Titian ansin agus bhain adhmad as an íomhá, an fear óg le miotóg, nuair a chruthaigh sí an laoch Giúdach ina húrscéal Daniel Deronda. Déantar cur síos ar Daniel i gcaibidil a 17:

‘Féach ar a lámha: níl siad beag ná logánach, le méara bioracha a bhfuil an chuma orthu nach bhfuil iontu ach teagmháil nó mothú teoranta: tá siad fada, aclaí, agus tá spreacadh iontu, mar a phéinteáil Titian iad i bpictiúr inar theastaigh uaidh an míneadas le neart a thaispeáint. Agus tá cosúlacht freisin idir na haghaidheanna ar leo na lámha — sa gculaith agus sa gcraiceann bándonn, sa mala ingearach, sna súile a stánann go géar socair.’

Sa ngailearaí sin, d’fhoghlaim George Eliot an oiread agus a theastaigh uaithi faoi Deronda. B’fhéidir gur tharla sé sin i soicind amháin, sracfhéachaint amháin, nó b’fhéidir gur thóg sé tamall níos faide uirthi é a shú isteach. In amharc an fhir óig, ina aghaidh, ina ghothaí, bhraith sí, nó b’fhéidir gur aimsigh sí, an rud nach ionann é agus carachtar amháin ach an saol morálta freisin, agus thairis sin, de bhrí gur luath-Shíónach ab ea Deoranda, cinniúint na staire.

Ní mé cé chomh minic is a tharlaíonn sé sin, cé chomh minic is a thagann leabhar ar an saol le hamharc mar sin a fháil ar rud eicínt, spléachadh amháin, nó nuair a aimsíonn tú nóiméad saoil amháin i ngrianghraf os do chomhair amach. Agus is leor sin, amhail Anna Thackeray Richie ag feiceáil grúpa daoine trí dhoras oscailte. Sin uilig is gá de thaighde a dhéanamh faoi.

Tá mé cinnte gur tháinig cuid den spreagadh do m’úrscéal féin The Blackwater Lightship ó ghrianghraf a fheiceáil de thriúr ban in áit eicínt faoin tuath in Éireann, trí ghlúin den teaghlach céanna agus iad ina seasamh ag geata. B’fhéidir gur shamhlaigh mé go mba solas ón bhfarraige é an solas a bhí sa ngrianghraf. Ach cibé rud a bhí sna haghaidheanna, bhí a raibh uaim agam ó bhreathnú ar an ngrianghraf sin.

Chuirfeadh cuairt amháin ar na Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath radharcanna ar fáil a chothódh slám úrscéalta. Tá cuimhne ghlinn agam ar gheábh ina raibh mé féin sa halla tosaigh i 1983 agus an Breitheamh Declan Costello ag siúl tharam. Ach is ar éigean a d’fhéadfá a rá gur ‘ag siúl tharam’ a bhí sé.

Bhí an breitheamh ar a bhealach go dtí an chúirt in arm is in éide agus giolla cúirte ag siúl roimhe. Bhí sé ag breathnú faoi, an chuma air go raibh sé cumhachtach, dealaithe ón gcuid eile againn. Ach mar sin féin, ba duine daonna freisin é – go deimhin ba pholaiteoir a bhí ann lá den tsaol. Ba as an spléachadh sin a fuair mé air an lá úd a tháinig cuid den spreagadh don úrscéal The Heather Blazing.

Tráthnónta Aoine sna 1980idí luatha ba mhinic a thógainn an traein ó Rae an Iarthair go hInis Córthaidh. Tráthnóna amháin – an bhféadfadh sé gur i 1980 a tharla sé – bhí bean ina suí trasna an phasáiste uaim a raibh cuma neamhghnách uirthi. Bhí sí meánaosta go maith nó b’fhéidir níos sine, culaith bhréidín thréigthe uirthi, bróga maithe. Bhí sí airdeallach, duairc, dúranta. Is mairg nár choinnigh mé dialann ionas go bhféadfainn cur síos níos cruinne a dhéanamh uirthi. Ní cuimhneach liom fiú cén stáisiún ag ar fhág sí an traein.

Is aisti a chruthaigh mé Katherine Proctor i mo chéad úrscéal The South. Ní dóigh liom gur chuala mé ag caint í. Fuair mé spléachadh uirthi ansin agus d’fhan an íomhá in m’intinn.

B’amhlaidh an scéal oíche amháin is mé i seomra in óstán saor i mBuenos Aires. Chonaic mé duine eicínt ag caint ar an teilifís. B’in an méid. Ní pearsa mór le rá a bhí ann ná tada mar sin ach duine a raibh baint imeallach éigin aige le cúrsaí scannánaíochta. Chuir mé spéis i rud eicínt a bhí ina dhreach, ina ghuth. Faoi cheann cúpla bliain chlaochlaigh sé ina Richard Garay i m’úrscéal The Story of the Night.

Ba ansin a bhuail an smaoineamh úd mé go bhféadfaí rud fánach, gearrshaolach a athchruthú agus a aistriú nó a athlonnú go mistéireach nuair a bhog sé ó íomhá go leathanach leabhair. Ach tharla sé ar bhealach a chuaigh i bhfeidhm go mór ormsa agus mé ag obair le grianghrafadóir.

B’in é Tony O’Shea ar oibrigh mé leis den chéad uair leis an iris In Dublin agus níos déanaí ar dhá leabhar, Walking Along the Border agus Dubliners. Nuair a d’fhéachadh an bheirt againn ar an radharc céanna ní fhaighinnse ach roinnt nótaí as ach d’fhaigheadh seisean íomhá iontach a bhí lán de shaibhreas lán bríonna agus cineál amharclannaíocht fhíochmhar nach raibh réamhphleanáilte ach a bhí aimsithe ar an bpointe agus a cuireadh i bhfráma.

Bhí taispeántas saoil Tony O’Shea le feiceáil i Photo Museum Ireland anuraidh, agus foilsíodh leabhar dar teideal The Light of Day, bailiúchán dá shárshaothar. Sa mbliain 1982, nuair ba mé eagarthóir gné-alt In Dublin, thagadh Tony isteach san oifig, (an áit a bhfuil The Winding Stair anois) uair sa gcoicís lena shaothar coimisiúnaithe a chur i láthair, agus bhíodh bosca priontaí dubh agus bán leis. Bhíodh meangadh air a d’fhéadfadh a bheith idir dhá cheann na meá, cairdiúil, teolaí nó fuar, gruama. Níor mhaith leis ‘go mbearrfaí’ a chuid grianghraf agus bhí tuairimí láidre aige faoi cén chaoi agus cén áit a mba cheart iad a úsáid. Labhraíodh sé go séimh; gach focal lándáiríre.

Seachtain amháin, ionas go stopfadh sé ag clamhsán faoin gcaoi ar úsáid muid a chuid grianghraf, mhol mé dó dul in airde staighre ar bhus dhá stór agus tosú ag tógáil grianghraf de dhaoine. Ní hé gur ghá an spreagadh sin a thabhairt dó mar choimisiún. Tá mé cinnte go dtabharfadh sé faoi ar aon nós.

Pé scéal é, d’éirigh le Tony O’Shea sraith grianghraf a thógáil de dhaoine thuas staighre ar bhusanna Bhaile Átha Cliath – grianghraif a ndéanfaidh daoine eile iontas díobh amach anseo nuair a bheas an chuid eile againn ligthe i ndearmad.

Cuireann O’Shea spéis sa nóiméad ina dtugann an deasghnáth agus an neamhfhoirmeáltacht aghaidh ar a chéile. Is maith leis tionól daoine agus spásanna poiblí. Agus bíonn sé ag faire amach don nóiméad nuair nach mbítear ar an airdeall.

I gcuid dá ghrianghraif léirítear an teannas idir an gnáthrud comónta sa radharc agus an teannas san íomhá. I gceann de na cinn is aitheanta, mar shampla, tá seanfhear sa suíochán tosaigh ar an deic uachtair tar éis cuid den cheo ar an bhfuinneog os a chomhair a ghlanadh agus tá sé ag stánadh amach tríd. Tá an íomhá duairc, dian, lom.

Ní léargas ar an tseanaois amháin atá ann, áfach, ná léargas ar dhochloíteacht spioraid dhaonna. Ní grianghraf atá ann de rud ar féidir a rá i mbeagán focal. Thaifead an ceamara an fear féin ina shainiúlacht agus ina fhisiciúlacht. Agus ansin tá an íomhá bogtha lasmuigh den am i láthair, i bhfad ón rud atá simplí agus sofheicthe, go dtí an rud mistéireach.

I ngrianghraf bus eile dá chuid, tá fear óg a bhfuil éan ina lámh aige ag breathnú go díreach ar rud eicínt lasmuigh den fhráma; tá a amharc oscailte, saor ó dhorchadas agus ó amhras. Tá a chomrádaí gafa ar bhealach eile; tá a amharc siúd ar fiar is fonn gáire air. Is leis an éan an tríú hamharc – amharc atá géar, cinnte. Taobh amuigh d’fhuinneog an bhus tá teach agus crann beag is tá comhartha greamaithe de ghloine an bhus a chuireann bac ar chaitheamh tobac.

Tagann an fuinneamh bríomhar atá sa bpictiúr ón aird a thugtar ar dhearcthaí difriúla, ón diúltú glacadh le haon bhrí sheasmhach amháin don phictiúr.

Aimsíonn go leor de ghrianghraif Tony O’Shea brí sa nóiméad sin nuair a bhíonn duine ar tí rud eile a dhéanamh, nuair atá siméadracht ar tí teacht i láthair. Cumann sé an íomhá sul má chumann an íomhá í féin. Aimsíonn sé an radharc i nóiméad tobann gan choinne.

Dá scríobhfá scéal nó úrscéal bunaithe ar ghrianghraf de chuid Tony O’Shea, níor mhór duit a bheith cinnte go mbeifeá in ann a chomhchaighdeán castachtaí agus uigeachtaí a aimsiú, lena fhíseanna débhríocha, le tobainne agus iontas na nithe a chruthaíonn sé. Ba dhúshlán ar leith a bheadh ann.

Caithfidh mé a dhul síos ag breathnú arís ar an taispeántas dá shaothar.

Micheál Ó Conghaile i gcomhar le Niklas Fink a d’aistrigh go Gaeilge na hailt le Colm Tóibín sa tsraith seo, sraith atá á foilsiú againn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá Colm Tóibín ina Laureate i gcomhar Ficsean Éireannach, 2022-2024

Fág freagra ar 'Ó Titian go Tony O’Shea – iontais agus inspioráid na híomhá'

  • Seán Mag Leannáin

    Alt an-spéisiúil.