Ó Giollagáin le labhairt faoi ‘am an ghátair’ ag fóram teanga

Beidh an choimhlint idir an dóchas agus an réaltacht i gcúrsaí na teanga faoi chaibidil ag saineolaithe ag fóram díospóireachta i mBaile Átha Cliath

 

Tá an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, atá sáite in aighneas faoi láthair maidir le moltaí atá déanta aige i ndréacht de thuarscáil nua a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta, le páirt a ghlacadh i bhfóram díospóireachta a bheas ar siúl i mBaile Átha Cliath ag deireadh na seachtaine seo, ina labhróidh sé faoin ‘athmhachnamh’ a theastaíonn ar chúrsaí teanga ‘in am seo an ghátair’.

poster_may2015

Beidh an tOllamh Ó Giollagáin, atá ag obair anois in Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán in Albain, ar an gcéad chainteoir ag fóram díospóireachta faoi stádas na teanga sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre a bhfuil ceithre eagraíocht Ghaeilge i bpáirt le chéile lena eagrú, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Teacht Aniar, agus Coiscéim.

‘An Ghaeilge idir Réaltacht agus Dóchas’ is teideal don fhóram, a thosóidh ar an Aoine in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath.

Imeallú na teanga ar bhonn náisiúnta a bheidh faoi chaibidil ag Alan Titley, Ollamh Emeritus le Gaeilge, agus pléifidh Breandán Mac Cormaic, Cathaoirleach Teacht Aniar, an bhaint idir an teanga agus an chumhacht ar leibhéal na polaitíochta.

Cuirfear béim faoi leith ar chúrsaí Gaeltachta agus beidh Sorcha Ní Chéilleachair ó Thuismitheoirí na Gaeltachta ar dhuine de na daoine a bheidh ag díriú ar chás an chéad ghlúin eile.

‘Féinmhuinín na Gaeltachta a spreagadh’ is ábhar do chaint Bhreandáin Uí Eadhra, ón gcomhlacht cumarsáide Measmedia, agus beidh painéal ar a mbeidh Norita Ní Chartúir, ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus Dónall Ó Baoill, Ollamh Emeritus le Gaeilge, agus Martin Hawkes i mbun díospóireachta ar an téama céanna.

Fág freagra ar 'Ó Giollagáin le labhairt faoi ‘am an ghátair’ ag fóram teanga'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ba cheart seo a bheith craolta beo ar an t-idirlín nó fiú taifead bheith déanta agus curtha ar fáil saor in aisce do dhuine ar bith a bhfuil suim acu i gcúrsaí Gaeilge/teangan.

    Níl an t-airgead agam chun freastal ar a leithéid seo agus thógfadh sé aistear 10 n-uair a chloig domh (cúigear ansin agus cúigear ‘na bhaile) gan labhairt ar luach thicéid fillte ar bhus…

    • diarmuid

      Smaoineamh maith