Ó DHÚCHAS: Thagadh slua fear ó áit éigin agus ghoideadh siad ar shiúl bean d’fhear acu

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais as bailiúchán Dúchas.ie. An tseachtain seo scéal as Tír Chonaill faoi fhuadach mná 

Ó DHÚCHAS: Thagadh slua fear ó áit éigin agus ghoideadh siad ar shiúl bean d’fhear acu

Fadó, b’fhéidir céad bliain ó shin, dá mbeadh cailín álainn óg i bparóiste agus spré ag a tuismitheoirí di scuabtaí go paróiste eile í chun pósadh. I lánmharbh na hoíche thagadh an sonuachar agus a chuid fear chun cabhrú leis agus bheiridís leo an cailín le foréigean. Choinníodh an buachaill go ceann tamaill í sula dtagaidís thar n-ais dá paróiste féin chun a bheith pósta agus a cuid spré d’fháil. D’airíos gur dhein fear a bhí ina chónaí i mBarr Iarthach an cleas sin mar do dhein sé cailín de Mhuintir Luasaigh a fhuadach ó Bhaile Mhúirne agus tá suas le daichead míle idir an dá baile.

Micheál Ó Dálaigh a bhí ag teagasc sna Tulacha i gCiarraí a scríobh

Séasúr na lánúineacha: Ón dara lá déag d’Eanáir go Máirt Inide, an t-am is mó a phósann daoine sa cheantar seo.
Suas go dtí le gairid ghníti dáil sa cheantar seo nuair a bheadh beirt a’ dul a phósadh.
Bheireadh daoine saibhreas, stoc, airgead, agus rudaí eile don chailín.

Dáil(cleamhnas): Théadh beirt fhear – an fear a bheadh ag dul a phósadh agus comharsa go teach an chailín. Bhíodh biotáilte leofa. D’fhiafraíodh fear a’ tí den fhear a bhí ag iarraidh a iníon cén stoc a bhí aige. D’fhiafraíodh seisean dósan cén stoc a bhí aige. Nuair a bheadh an margadh críochnaithe acu d´óladh siad an bhiotáilte. Ansin leagadh siad amach lá an phósta agus lá na bainise. Théadh slua daoine leis an mhnaoi a bhí le pósadh agus slua eile leis an fhear. Castaí an dá shlua ar a chéile ag teach na mná agus théadh siad uilig go dtí an teach phobail. Ba ghnách leo dhul sa tráthnóna. 

D’fhanadh siad sa bhaile mhór ag damhsa, ag dul ceoil agus ag ól i dteach inteacht. Thigeadh siad ag am luí agus gheobhadh siad a gcuid suipéar i dteach na mná. Beirtear ‘páirtí na bainise’ ar an slua daoine a théadh ó theach na mná go dtí an teach phobail.

Thigeadh páirtí na bainise go tigh na mná – chun an bhainis – ar chapall. Bhíodh rása acu ag féachaint cén capall ab fhearr. An capall a bhíodh ag teach na bainise ar dtús ba é sin an capall ab fhearr. Fear agus bean a bhíodh ar gach capall. Bhíodh an bhean ina suí i gcúl an fhir. (Cúlóg a bheirtear ar dhuine a bheadh i gcúl duine eile ar chapall).

Fuadach: Thigeadh slua fear ó áit inteacht agus ghoideadh siad ar shiúl bean d’fhear acu. Tuairim níos mó ná céad bliain ó shin tháinig baicle acu seo go dtí An Chruach Bheag ach bhí an teach seo lán daoine agus chuir muintir an tí an ruaig orthu. Ina dhiaidh seo tháinig dream ó Theileann chun cuidiú le muintir na Cruaiche Bige nó chuala siad go raibh an dream seo ag teacht. Nuair a mhothaigh muintir na Cruaiche Bige an slua ag an doras thosaigh siad ag troid leo nó shíl siad gurb é an baicle eile a tháinig ar ais. Leathmharaíodh daoine an oíche sin. Tamall ina dhiaidh sin fuair siad amach gur muintir Theilinn a bhí ann agus d’fhan siad acu go ham luí. 

Ba é sin an fuadach deireanach a bhí sa pharóiste nó chuir an sagart deireadh leo.

Caitlín Bean Mhic Cathail (54), Goirt Sháile, Cill Charthaigh, Tír Chonaill a d’aithris i 1937

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Thagadh slua fear ó áit éigin agus ghoideadh siad ar shiúl bean d’fhear acu'