Bhí rí ann fadó agus bhí iníon aige agus dúirt sé go dtabharfadh sé a iníon do dhuine ar bith a dtabharfadh sé féin an t-éitheach dhó.
Bhí leath-amadán san áit agus dúirt sé go rachadh sé féin faoi dhéin iníon an rí.
‘Cén ghnó a bheadh agatsa go dtí an rí, a amadáin?’ arsa an mháthair leis.
‘B’fhéidir go mbeadh,’ ar seisean agus d’imigh leis go dtí an rí.
D’fhiafraigh an rí dhe cén scéal a bhí aige agus dúirt seisean go raibh ceathrar deartháireacha aige agus gurb é fhéin an fear is fearr acu.
‘Bhí duine acu mór,’ a deir sé, ‘duine rómhór, duine acu beag agus duine acu róbheag.’
‘Cén chaoi,’ a deir an rí, ‘a bhí ar an bhfear mór?’
‘Bhí sé chomh mór,’ arsa an t-amadán ‘agus go raibh sé ag caitheamh hata sa mí mar bhíodh sé ag scríobhadh a chinn den spéir.’
‘Cén chaoi a bhí ar an bhfear a bhí rómhór?’
‘Bhí sé chomh mór,’ arsa an t-amadán ‘is nuair a bhíodh sé ina shuí ar chathaoir taobh amuigh den doras go mbíodh sé ag comhrá le Dia sna flaithis.’
‘Cén chaoi a bhí ar an bhfear a bhí beag?’
‘Bhí sé chomh beag,’ arsa an t-amadán, ‘is nuair a bhíodh sé ag siúl sa bhféar nach mbeadh barr a mhullaigh aníos as.’
‘Agus cén chaoi,’ arsa an rí ‘a bhí ar an bhfear a bhí róbheag?’
‘Bhí sé chomh beag,’ arsa an t-amadán, ‘agus an speal is loime a bhainfeadh féar ariamh, is é a bheith na sheasamh sa bhféar ní bhainfeadh sí leis.’
‘Is mise,’ a deir sé ‘a chonaic an t-iontas mór aréir. Chonaic mé an fharraige agus í trí lasadh.’
‘Creidim,’ a deir an rí, ‘mar nuair a bhí mise ag siúl an bhóthair ar maidin chonaic mé carnán luaithe i gceann gach bóithrín.’
‘Nuair a bhí mise ag siúl an bhóthair inné,’ arsa an t-amadán, ‘chonaic mé fear ina luí ar leataobh an bhóthair agus é ina chodladh agus é ag breathnú suas san aer.
D’fhan mé ag breathnú air agus thit gráinne anuas as na flaithis isteach faoina shúil agus d’fhás crann as suas nó gur bhuail sé an spéir agus d’fhill sé anuas agus isteach faoin tsúil eile. Thosaigh mé ag strapadóireacht suas ar nó go ndeachaigh mé go dtí na flaithis.’
‘Céard a chonaic tú ansin?’ arsa an rí.
‘Chonaic mé,’ arsa an t-amadán, ‘plód mór fear agus iad ag bualadh cruithneachta. D’iarr mé mála síl orthu agus fuair mé sin agus fáilte. D’fháisc mé an mála ar mo dhroim agus amach liom, ach barr ar an slacht, bhí an fear dúisithe agus an crann gearrtha. Faoi dheireadh thosaigh siad ag casadh súgán tuí cruithneachta dhom agus chaitheadar seachtain leis. Cheangail siad an súgán ar an gclár a rabhadar ag bualadh air agus mo mháilín ar mo dhroim agus cá dtitfinn ach ar bhruach abhann agus thit mo mhála isteach san abhainn. Ní raibh bradán ins an uisce nach raibh ag ithe mo chuid síl. D’imigh siad ar fad uaim ach ceann amháin agus ba é sin rí na mbradán. Chroch mé liom abhaile é agus nuair a d’oscail mé é fuaireas leabhar bheag istigh ann agus séard a bhí scríofa ar an leabhar ach go mbeadh tusa i do bhuachaill aimsire agam agus do bhanríon ina cailín aimsire agamsa fós.’
‘Thug tú do dhearg-éitheach, a rógaire,’ arsa an rí. ‘Cén fáth go mbeadh mise i mo bhuachaill aimsire agat ná mo bhanríon mar chailín aimsire agat?’
‘Tá d’iníon agam,’ arsa an t-amadán de scréachóg.
Agus b’éigean don rí a iníon a thabhairt dó.
Phós an t-amadán agus iníon an rí agus bhí bainis seacht lá agus seacht n-oíche acu agus mhair siad go sona sásta uaidh sin amach.
Agus mura orthu a bhí an rath, go raibh sé orainne.
– Áine Ní Fhátharta, Baile na hAbhann, Conamara a fuair an scéal seo óna deartháir Tomás.
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Is fánach a d’imreodh amadán ar rí…'