Bhí beirt ghasúr ann fadó ó shin agus bhí dúil mhór acu i gcnóite. Lá amháin d’imigh siad leobhtha ag tarraingt ar chrann cnóite a bhí ag bean. Tchífeadh an bhean iad ag teacht achan lá go crann na gcnóite ach smaoinigh sí go mbainfeadh sí iad agus nach dtabharfadh sí a sásamh daobhtha.
Tamall beag ina dhiaidh sin fuair an bhean bás agus b’éigean na cnóite a chur isteach san chómhnair ag a taobh. Bhí go maith, cuireadh an bhean.
An mhaidin lá arna mhárach d’imigh an gasúr leis ag tarraingt ar an uaigh an áit ar cuireadh an bhean an lá roimhe sin. Chas gasúr beag eile air a bhí ag dul fá dhéin molt ramhar a bhí thuas san chnoc aige, agus d’inis sé don ghasúr a bhí ag dul na reilige go dtiocfadh sé an bealach ag teacht ar ais dó, agus d’iarr sé airsean a bheith ansin ar theacht ar ais dó.
Bhí go maith, d’imigh an bheirt leobhtha ina mbealach féin. Fear acu ag tarraingt ar an chnoc agus fear eile ag tarraingt ar an reilig. Nuair a tháinig sé go dtí an reilig thóg sé aníos an chomhnair agus bhain an clár di agus thoisigh a’ ithe na gcnóite. Chuir sé síos ar ais í agus chuir cumhdach uirthi. Shuigh sé féin i mullach na huaighe agus é ag ithe na gcnóite chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis.
Bhí sagart taobh amuigh den reilig ag imirt camán, agus tchí sé an toirt dhubh ina suí ar an uaigh. Scanraigh sé. Thoisigh sé a léamh os a cheann ag déanamh go gcuirfeadh sé ar shiúl é ach ní raibh maith dó ann.
Bhí seansagart ar an bhaile a raibh sé ina chónaí ann nár éirigh ar a chois le seacht mbliana roimhe sin, agus smaointigh seisean go rachadh sé fána choinne. D’imigh sé leis ag tarraingt ar theach an tseansagairt agus d’inis dó goidé mar a tharla. Dúirt seisean leis dá n-iompródh sé go dtí an reilig é go gcuirfeadh seisean ar shiúl é gan a bheith a bhfad leis.
Bhí go maith. Iompraíodh go dtí an reilig é. Thug sé amach an leabhar agus thoisigh a léamh os a cheann. Ach dá mbeadh sé a léamh ó shin ní imeodh an toirt a bhí ina suí ar an uaigh ag ithe.
‘In ainm Dé,’ arsa an sagart ‘iompair síos go dtí an reilig mé go bhfeicfidh mé goidé cineál rud atá ann.’
D’iompair, agus nuair a bhí siad ag balla na reilige scairt an glór amach ‘bhfuil sé ramhar?’ ‘bhfuil sé ramhar?’.
Ní raibh a súil ag an toirt a bhí ina suí ar an uaigh ar dhath ar bith ach ar na cnóite agus nuair a mhothaigh sé an tormán taobh amuigh den bhalla, bhí sé cinnte gur an gasúr a bhí tagtha ar ais ach ní hé an gasúr a bhí ann. Bhí sé ag cur ceist air an raibh an molt ramhar. Nuair a chuala na sagairt an rud a dúirt an toirt, d’imigh siad an mhéid a bhí ina gcorp.
Creapálta agus uile mar bhí an sagart níor fhan sé lena iompar.
Anna Nic Aodhachain (15) i Scoil na Luinní, Machaire Chlochair, Contae Dhún na nGall a fuair an scéal seo ó Chaitlín Nic Aodhachain (45)
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Dá mbeadh an sagart ag léamh ó shin ní imeodh an toirt a bhí ina suí ar an uaigh ag ithe'