Ó Dhúchas… ‘Cén chaoi a dtaitneodh sé leatsa dá gcuirfí amach as do theach féin thú?’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó Dhúchas… ‘Cén chaoi a dtaitneodh sé leatsa dá gcuirfí amach as do theach féin thú?’

Bhí Landlord ina chónaí i Castle Ellen ar a dtugtaí Watty Lambart. Bhí sé ina Landlord ar bhaile beag ar a dtugtar Ráth Ard air, taobh thuaidh de Bhaile Átha an Rí. Is ann a bhí teachín beag ag Micil Ó hÍne agus bhí sé an-bhocht ach mar sin féin bhí sé an-mhór le Watty.

Chuala Micil go raibh Watty a’ dul na daoine as Ráth Ard do chur amach ar an mbóthar. Bhailigh sé na fir a bhí ann, idir óg agus aosta, le chéile agus síos leo go bhfeicfeadh siad an bhfágfadh Watty istigh iad.

Sular shroich siad an teach mór chuaigh siad síos i gclais mhór a bhí i lár na coille leis an phaidrín a rá. Ba é Micil a bhí á rá agus na daoine eile á fhreagairt. Bhí hata ard Mhicil fágtha lena thaobh ar an talamh agus ’séard a bhí na garsúin óga a dhéanamh ná ag caitheamh clocha beaga leis an hata.

Thosaigh Micil ag bagairt orthu ach ní raibh aon mhaitheas ann. Mar sin féin chríochnaigh siad an paidrín agus síos leo go dtí an teach mór.

Bhuail Micil ar an doras agus tháinig Watty féin amach. ‘Ó, a Mhicil,’ ar seisean ‘céard a thug anseo thú agus céard tá na fir a dhéanamh anseo?’. Bhí an hata ina láimh ag Micil agus na fir go léir ag creathadh le faitíos roimh an tiarna. ‘Tá mé ag iarraidh ort in ainm Dé na daoine bochta seo a fhágáil istigh,’ arsa Micil agus fearg air. ‘Amach atá siad ag dul,’ arsa Watty. ‘Cén chaoi a dtaitneodh sé leatsa dá gcuirfí amach as do theach féin thú?’ arsa Micil. ‘Is liomsa mo theach-sa agus is liomsa do theach-sa freisin. Is mura dtabharfaidh tú aire duit fhéin, beidh tusa in éineacht leo,’ a deir Watty. ‘Má théann siadsan amach rachaidh mise freisin ach tá mé a’ rá leat go bhfuil seanphíce ar chúl an dorais sa mbaile agam agus má chuireann tú na daoine as Ráth Ard amach cuimhneoidh tú go deo air,’ arsa Micil. D’iompaigh Watty agus dhún sé amach an doras.

Chuaigh Micil agus na fir go léir abhaile. Maidin lá arna mhárach chuala Watty gur caitheadh le Captain Tom Lambart, col seisear dó féin agus bhí faitíos air na daoine as Ráth Ard a chur amach agus níor chuir sé amach ariamh iad.

Faisnéiseoir: Nóra Ní Chadhain,
Clochar na Toirbhirte,
Baile Átha an Rí,
Co na Gaillimhe.
(Óna máthair a fuair sí an scéal seo).

Fág freagra ar 'Ó Dhúchas… ‘Cén chaoi a dtaitneodh sé leatsa dá gcuirfí amach as do theach féin thú?’'

  • Pleidhce

    Daoine uaisle ionraice ab ea cuid de na tiarnaí talún sin leis ach níl sé pc a bheith ag teacht puinn tharstu sin sa lá atá inniu ann. An peaca ná a bheith i do thiarna talún an chéad lá. Ach cá bhfuil an tionónta narbh ansa leis a bheith ina thiarna talùn…lá breá bán éigin? An bhróg a bheith ar an gcois eile? Caitheann sé a bheith ina dhubh nó ina gheal ag daoine áirithe. Crann neamhchas na leisce ar féidir leo a hata ceartaiseach a chrochadh go féinsásta air. Níorbh aon dóithín é a bheith curtha de dhroim an tí gan amhras, ach ba mheasa go mór dá gcuirfí de dhroim an tsaoil tú! Amhail mo bhuachaill anuasana! An rud is measa leat ná do bhás b’fhéidir gurb é lár do leasa é. Is fíor sin. Níl aon mhallmhuir nach dtagann rabharta ina diaidh. Agus aon lá gur féidir leat do dhá chois a chur fút agus éirí amach chun aoibhneas an tsaoil a bhlaiseadh, is lá maith agat é. Ach Tadhg an dá Thaobh a sheachaint.