Ó DHÚCHAS… Ar Oíche Nollag na mBan, chonaic mé féin an t-oileán draíochta in aice le Inis Mór

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS… Ar Oíche Nollag na mBan, chonaic mé féin an t-oileán draíochta in aice le Inis Mór

Oíche Chinn an Dá lá Dhéag

Gach aon seachtú bliain Oíche Chinn An Dá Lá Dhéag bíonn oileán draíochta le feiceáil amach ins an bhfarraige mhór in aice le Inis Mór in Árainn.
Anuraidh (ar an 5ú Eanáir 1938) chonaic mé féin an t-oileán. Bhí mé féin is gach duine againn sa teach thíos ag an nGarraí Ard, garraí é seo atá an-ard is bíonn amharc breá le feiceáil uaidh ins gach áit thart timpeall air agus dhá bhrí sin, bhí amharc breá le feiceáil againn ar an oileán.
Mé fhéin an chéad duine a chonaic an t-oileán. Bhreathnaigh mé ar an bhfarraige is shíleas gur trí lasadh a bhí sí, bhí an oiread sin soilse le feiceáil amach ar an bhfarraige.

B’iontach an t-amharc é, bhí sé mar a bheadh na milliúin coinnle lasta amach ar an bhfarraige agus bhí suntas maith le tabhairt dó mar ní raibh sé ach i spota amháin den fharraige. Ní raibh duine ar an mbaile nach ndeachaigh síos ag breathnú ar na soilse an oíche sin.
Chuala mé na seandaoine ag rá go ndeachaigh triúr fear as an gCaorán amach i gcurach oíche dá bhfaca siad an t-oileán le súil is go bhféadfadh siad é a choinneáil i mbarr uisce i gcónaí mar deirtear dá gcaithfeá bróg nó caipín nó rud ar bith isteach ar an oileán go bhfanfadh sé tirim.
Bhí go maith agus ní raibh go holc, nuair a chonaic an triúr seo é dúirt siad go ngabhfadh siad amach go dtí é. Nuair a cheap siad a bheith in aice leis shíl duine acu a hata a chaitheamh isteach air ach bhí an t-oileán imithe is ní fhaca siad ní ba mhó é.

Bailitheoir

Áine Ní Fhatharta, 13.5 bliain d’aois i 1938, Baile na hAbhann, Conamara

 

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS… Ar Oíche Nollag na mBan, chonaic mé féin an t-oileán draíochta in aice le Inis Mór'

  • Tomás Ó Máille

    Is spéisiúil go bhfuil teideal an ailt seo athraithe ó Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag go Oíche Nollag na mBan. Ní dóigh liom go mbeadh aon rud cloiste faoi Oíche Nollag na mBan ag an gcailín óg a bhailigh an t-eolas seo faoi thraidisiún Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag, traidisiún atá fós beo i gcuid de Ghaeltacht Chonnacht go fóill. An bhfágann an teideal gurb é Oíche Nollag na mBan ainm oifigiúil na féile seo i nGaeilge anois? Cheapfá gurb ea de réir mheáin chumarsáide na Gaeilge, idir theilifís, raidió agus nuachtán. Is mór an trua go bhfuil seo tarlaithe, agus bhí baint mhór ag TG4 leis an athrú seo. Cheapfá go ndéanfadh na meáin ceiliúradh ar na héagúlachtaí sa chaoi a gceiliúraítear Féile na Nollag ó cheantar go ceantar agus ó Ghaeltacht go Gaeltacht. Chomh fada le m’eolas ní bhaineann Féile Oíche Nollag na mBan ach le póca an-bheag den tír. Fágann tionchar seo na meán Gaeilge go bhfuil muintir na Gaeltachta ag ligean a dtraidisiúin áitiúla i ndearmad agus go bhfuil aineolas á chruthú i measc lucht labhartha na Gaeilge. Fágann an nós seo freisin go bhfuil cainteoirí dúchais a d’fhás aníos le traidisiún amháin ag cur na ceiste orthu féin an bhfuil dul amú orthu nó botún á dhéanamh acu nuair nach bhfuil. Tá seo tarlaithe go mór mór i gcás Fhéile Nollag Beag. Is ar an gcéad lá den bhliain a cheilúraítear seo i nGaeltachtaí Chonnacht, cé go bhfuil an traidisiún sin á ligean i ndearmad faoi thionchar Little Christmas an Bhéarla agus Lá Caille na meán Gaeilge. Bhí mé féin den tuairim go raibh an-dul amú orainn faoi Lá Nollag Beag a cheiliúradh ar an gcéad lá d’Eanair go bhfuair mé amach gurb é sin an traidisiún atá ann freisin i nGaeltachtaí na hAlban. Agus fuaireas amach ó shin gurb in an traidisiún ar Oileán Mhanainn freisin. Seo Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag i gceantair áirithe den tír go fóill. Beannachtaí an Dá Lá Dhéag oraibh ar fad.