Ó DHÚCHAS: – An Chailleach Bhéara

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS: – An Chailleach Bhéara

Bhí roinnt dlíthe ag an Chailleach Bhéara. Bhí dlí amháin aici dá gcuirfeadh sí fios ar fhear ag spealadóireacht, chaithfeadh sé a theacht chuici agus bheadh obair lae in aon bháidhe amháin dó.

Nuair a théadh sí ag spealadóireacht chuirfeadh sí chuile fhear amach roimpi, agus mura mbeadh sé in ann coinneáil roimpi i gcónaí bhainfeadh sí na cosa de leis an speal.

Nuair a chuireadh siad faobhar ar maidin ní chuiridís aon fhaobhar eile go dtí an tráthnóna. Ní raibh fear ar bith in ann coinneáil roimpi ag spealadóireacht. Lá amháin chuir sí fios ar fhear le dul ag spealadóireacht di.

Ní raibh a fhios aige céard a dhéanfadh sé mar chuile fhear nach raibh in ann coinneáil chun tosaigh uirthi ag spealadóireacht, mharaíodh sí é.

Ach chuimhnigh sé ar sheift éigin agus chuaigh sé chuig an gceárta agus fuair sé píosaí iarainn déanta ón ngabha.

Bhí a fhios aige an bháidhe a bhainfeadh an Chailleach Bhéara. Tháinig sé an oíche sin agus chuir sé ins an talamh iad.

Ar maidin d’éirigh sé moch agus chuaigh sé chuig teach na Caillí Béara. Chuaigh an bheirt acu amach agus chuireadar faobhar ar an speal agus thosaigh siad ag baint fhéir. Bhí an fear ag baint leis agus an Chailleach ag baint ina dhiaidh. Ba ghearr gur buaileadh an speal faoi cheann de na píosaí iarainn a chuir an fear sa talamh. “Is crua an tráithnín é seo,” a deir an Chailleach Bhéara. Bhí an fear ag coinneáil chun tosaigh uirthi i gcónaí.

Ba ghearr a chuaigh sí nó gur buaileadh in aghaidh ceann eile í. Bhí an-olc uirthi mar bhí an fear i dtosach uirthi i gcónaí.

Faoi cheann tamaill, dúirt sí “faobhar a bhainfeadh féar”. “Ní hea,” a deir an fear “ach fear maith agus speal ghéar.”

D’oibríodar leo go raibh an ghrian ag dul faoi ins an tráthnóna. Nuair a bhí an fear ag deireadh na báidhe, chaith sí an speal leis ach d’éirigh sé de léim agus chuaigh sé thar an gclaí agus níor baineadh na cosa de. D’imigh sé leis abhaile agus an-bhród air nár mharaigh an Chailleach Bhéara é.

D’imigh an Chailleach Bhéara isteach abhaile. Maidin lá arna mhárach d’éirigh an fear go moch agus chuaigh sé isteach chuig an gCailleach Bhéara agus dúirt sé léi go raibh go leor caorach istigh ins na fataí.

Tháinig an-iontas uirthi mar bhí claí ard thart ar an bpáirc fataí. Bhíodh sí ina suí ar shuidstóigh agus dá gcorraíodh an tsuidstóigh, chaillfí í.

Chuaigh sí amach ins an bpáirc go bhfeicfeadh sí an raibh na caoirigh ins na fataí.

An fhaid a bhí sí amuigh chorraigh an fear an tsuidstóigh. Nuair a tháinig an Chailleach Bhéara isteach, chonaic sí an tsuidstóigh athraithe agus thit sí le scanradh agus cailleadh í.

Faisnéiseoir:
Seámus Ó Coincheanainn (58)
Baile an tSagairt,
An Spidéal,

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: – An Chailleach Bhéara'

  • léitheoir

    Níor aimsigh mé ‘suidstóigh’ áit ar bith. Cuir gluais leis an mír seo ?

  • léitheoir eile

    Féach saoiste / saoisteog sa bhfoclóir.