Ó bhruach na Muaidhe go hÁras an Uachtaráin

Cuntas ar shaol eachtrúil Mary Robinson sa saothar urramach seo

Ó bhruach na Muaidhe go hÁras an Uachtaráin

Mrs. Robinson
Stiúrthóir: Aoife Kelleher

Shlánaigh Mary Robinson na ceithre scór níos luaithe i mbliana agus cé nach bhfuil aon chuimhneamh ag bean chumasach, phaiseanta Mhaigh Eo luí ar na maidí is tráthúil an t-am é súil siar a chaitheamh ar shaol eachtrúil. Tá saothar urramach le Aoife Kelleher beagán sa bhreis ar uair an chloig go leith agus tugann sé sin ó bhruach na Muaidhe go hÁras an Uachtaráin agus as sin chuig an Chosaiv, Ruanda agus áiteanna eile nach iad ar fud na cruinne.

Níl puinn ama againne mar sin léargas a fháil ar na codanna éagsúla dá saol; a hóige is a saol dlí is pearsanta, a tréimhse uachtaránachta, a seal mar Ard-Choimisinéir um Chearta an Duine leis na Náisiúin Aontaithe agus a cuid oibre ó shin, go mórmhór mar bhall de na Seanóirí. D’fhéadfaí clár a dhéanamh ar aon cheann acu sin agus dá bharr bítear ag bogadh faoi dheifir ar uairibh. Tá tuairimí agus cuimhní cinn Mháire mar bhunchloch leis an saothar agus labhraíonn sí go tomhaiste, ionraic mar is dual di. Tá meitheal cainteoirí earcaithe chomh maith; gach duine ó David Norris go Richard Branson, Diarmaid Ferriter agus Olivia O’Leary.

Tá an chuma ar an saothar gur deineadh é agus leathshúil ar lucht féachana idirnáisiúnta (Fintan O’Toole ag míniú rudaí beaga neafaiseacha i rith an ama) ach beidh dúil faoi leith ag Éireannaigh sa bhfeachtas toghchánaíochta don uachtaránacht i 1990. Déantar an feachtas sin a chniotáil le sochaí na linne agus na hathruithe móra sóisialta is eacnamaíochta a bhí ar na bioráin.

Go deimhin meabhraítear dúinn gur chuir Robinson go mór leis na hathruithe sóisialta sin, mar dhlíodóir cróga agus mar uachtarán a raibh fís faoi leith aici. Cuireadh abhaile orainn gur tháinig borradh faoi fheachtas Mhic Róibín de réir mar a chonacthas do daoine gur siombail í don Éire nua. Easnamh amháin a bhraitheas sa chuid seo nár luadh agus nár pléadh an scannal a lean Brian Lenihan nuair a rugadh air san éitheach. Bhí tionchar nach beag aige sin ar na bhfeachtas (féach an clár Scannal a craoladh le déanaí).

Tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh a bhí i dtoghadh Mary Robinson agus baineadh gáire as an lucht féachana nuair a taispeánadh pictiúr de Robinson ag cur síniúchán le pár agus í timpeallaithe ag “fir aosta chantalacha”. Chuir sí borradh faoi ról an uachtaráin agus tharraing sí aird idirnáisiúnta ar an ngorta sa tSomáil agus an cinedhíothú in Ruanda. Chruaigh sí in aghaidh an cháinte le turas a thabhairt ar phobal Iarthar Bhéal Feirste. Míníodh dúinn gur díbríodh na hiriseoirí as an seomra nuair a bhí sí le bualadh le Gerry Adams. Ar an drochuair ní thugtar aon chuntas ar cad a tharla agus cad a dúradh.

Ní leasc leis an saothar cúpla fogha a thabhairt. Gabhann Robinson leithscéal as a tréimhse uachtaránachta a chríochnú luath le tabhairt faoi phost na Náisiún Aontaithe agus admhaíonn sí chomh maith gur dhein sí botún sa chaidreamh le Latifa Al Maktoum ó Dubai.

Cuntas urramach ar shaol eachtrúil agus duine ar leith.

Fág freagra ar 'Ó bhruach na Muaidhe go hÁras an Uachtaráin'