Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón Phríomh-Oifig Staidrimh gur tháinig os cionn 100,000 inimirceach in aghaidh na bliana isteach sa tír le trí bliana anuas, agus gur neamh-shaoránaigh de chuid an stáit 15.5% den daonra anois.
Gan dabht, cuirfidh na figiúirí sin leis an argóint faoin inimirce, go háirithe toisc gur imigh os cionn 34,700 Éireannach ar eisimirce le bliain anuas, an figiúr is airde ó 2015.
Ar ndóigh ní lucht iarrtha dídine gach duine a thagann isteach sa tír, is tá codanna tábhachtacha den gheilleagar, an córas leighis mar shampla, ag brath ar oibrithe ón gcoigríoch le feidhmiú, dochtúirí, altraí is eile.
Ach cheana féin tá antoiscigh chiníocha ag lua na bhfigiúirí lena gcuid bolscaireacht ghránna a chur chun cinn.
Ag an am céanna, ámh, is léir go bhfuil codarsnacht ann idir an líon daoine a thagann isteach agus an soláthar tithíochta is seirbhísí atá riachtanach.
Agus is cosúil gurb é an easpa tithíochta is seirbhísí atá ag spreagadh Éireannaigh óga a bhfuil cáilíochtaí maithe acu dul ar eisimirce, go dtí an Astráil cuid mhaith acu.
Easpa pleanála ag an rialtas atá taobh thiar de seo. Bhíodh siad ag maíomh go nglacfadh an tír seo gach duine a bhí ag lorg dídine, ach níor dhein siad aon iarracht a chinntiú go mbeadh muid in ann aire cheart a thabhairt dóibh, ó thaobh lóistín, seirbhísí is eile.
Níl aon dabht ach an oiread ach go bhfuil na pobail is boichte sa tír ar buile faoi freisin toisc nach léir dóibh go ndéanann an rialtas aon iarracht aire cheart a thabhairt don phobal dúchasach.
Ní féidir neamhaird a dhéanamh de seo trína rá gur cuid é den phort a sheinneann lucht an chiníochais; caithfear freastal ar riachtanais an phobail le fáil réidh leis an imní.
Ciallaíonn an díospóireacht seo faoi na figiúirí go mbeidh inimirce go mór chun tosaigh sna díospóireachtaí toghcháin, fiú má léiríonn na pobalbhreitheanna is tábhachtaí gur mó an spéis is an bhuairt faoi chúrsaí tithíochta i measc an aos vótála.
Agus, de réir suirbhé a foilsíodh san Irish Times, tá dearcadh diúltach ag níos mó ná trí cheathrú de na vótóirí ar fheidhmíocht an Rialtais maidir le hinimirce agus tithíocht.
É sin ráite, níl sé le tabhairt faoi deara ó na toghcháin áitiúla ná ó na pobalbhreitheanna is deireanaí go bhfuil páirtithe an rialtais thíos leis toisc go bhfuil an pobal míshásta leis an gcaoi a bhfuil siad ag tabhairt faoi na mórcheisteanna seo.
Sna toghcháin áitiúla ba é Sinn Féin a d’íoc an praghas.
Tá sé deacair an chodarsnacht sin a thuiscint, ach ceapaim go bhfuil cuid mhaith den mheánaicme fós ar buile mar gheall ar chúrsaí tithíochta is go bhfaighidh Sinn Féin vótaí uathu mar gheall air sin.
Ach i measc na haicme oibre, bunús vótála an pháirtí, feictear dom go bhfuil muinín caillte ag cuid mhaith sa bpáirtí. Gach seans go ndéanfaidh Sinn Féin i bhfad níos fearr san olltoghchán ach is ar éigean go rachaidh siad aníos go dtí na hard-tríochaidí, mar a bhíodar sna pobalbhreitheanna bliain ó shin.
Chun an mhuinín sin a fháil ar ais, ní leor a rá nach bhfuil siad i bhfabhar teorainn oscailte: caithfidh siad é sin a léiriú trí fheachtas leanúnach ag tabhairt dúshlán an rialtais, agus níl sé sin ar siúl acu go fóill.
B’fhéidir go bhfuil cuid de lucht stiúrtha an pháirtí buartha ar fhaitíos go rachaidís rófhada amach ó dhearcadh an Irish Times, ach ní hionann dearcadh an Irish Times agus dearcadh na haicme oibre a dteastaíonn a cuid vótaí ón bpáirtí.
Agus mura bhfuil an páirtí sásta seasamh ar son na haicme oibre i gcás amháin, cá bhfios go seasfaidís leo i gcás eile.
Taobh thiar den scéal ar fad tá pointe tábhachtach. Sé sin gur féidir cur i gcoinne na hinimirce gan cur i gcoinne na n-inimirceach féin. Agus ná déanaimis dearmad gur ionann inimirce in Éirinn agus eisimirce as tír eile, agus nach raibh muid ag cáineadh na heisimirce ar feadh na mblianta fada?
Tá nuance le déanamh sa gcaoi go gcuirfí an polasaí i bhfeidhm, ach mura n-aimsíonn an páirtí an bealach chun é a dhéanamh ní dóigh liom go bhfaighidh siad muinín an phobail ar ais chomh héasca sin.
Mar is léir ó na figiúirí inimirce agus an plé a bhaineann leo – cuid de suarach, ach cuid de bunaithe ar fhadhbanna atá ann i ndáiríre – go mbeidh tionchar mór ag an scéal seo ar thoradh an olltoghcháin.
Fág freagra ar 'Treisíonn na figiúirí inimirce tábhacht na díospóireacht sin go polaitiúil'