Gníomh ar son na haeráide i gCois Fharraige, stáitse Gaeilge ag an bPicnic Leictreach, Liú Lúnasa i mBéal Feirste

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

Gníomh ar son na haeráide i gCois Fharraige, stáitse Gaeilge ag an bPicnic Leictreach, Liú Lúnasa i mBéal Feirste

FÉILTE

Stáitse Gaeilge ag an bPicnic Leictreach

Beidh an Phicnic Leictreach ar bun an deireadh seachtaine seo, ón Aoine an 16 go dtí an Domhnach an 18 Lúnasa, ag Halla an tSráidbhaile i gCo. Laoise. Táthar ag súil leis na mílte duine ag féile na bliana seo agus na ticéid ar fad díolta.

Beidh an stáitse Gaeilge, An Chollchoill, ar ais i mbliana chomh maith leis an láthair champála Gaeilge, an Láthair Ghaeltachta. Tá na ticéid do láthair champála na Gaeilge díolta ar fad arís i mbliana. Togra de chuid Chonradh na Gaeilge i gcomhar le Foras na Gaeilge is ea An Chollchoill agus an Láthair Ghaeltachta a chuirtear ar bun mar chuid de ‘Croí na Féile’.

Beidh ceiliúradh á dhéanamh ar cheol na hÉireann, an Ghaeilge agus ar an gcultúr Gaelach i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Cuirfear tús leis na himeachtaí ar stáitse na Collchoille ag a 7pm gach tráthnóna i rith na féile agus leanfaidh siad ar aghaidh go meán oíche.

I measc na gceoltóirí a bheidh ar stáitse ansin beidh Burnchurch, Huartán, DJ Ailbhe Ní Riain, chomh maith leis an ngrúpa Bandia, a bhfuil cáil orthu as na leaganacha Gaeilge a dhéanann siad d’amhráin.

Is féidir éisteacht leis an traic ‘Bean Udaí Thall’ le Huartán anseo.

 

Féile Liú Lúnasa i mBéal Feirste

Beidh féile Liú Lúnasa, féile imeallchultúir Bhéal Feirste, ag ceiliúradh deich mbliana ar an bhfód i mbliana. Seolfar féile na bliana seo ag ócáid ag a 1pm ar an 23 Lúnasa i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich agus beidh an fhéile féin ar bun ón 29-31 Lúnasa.

Tá an fhéile méadaithe i mbliana agus an coiste ag dul i gcomhpháirt le heagraíochtaí áitiúla amhail Fís an Phobail, Raidió Fáilte, Tí Mhadáin, Glór na Móna, Outburst Arts, The Beehive, Little & Green, agus Mad March Hare. Gealltar rud éigin do chuile dhuine ag an bhféile, idir SLAM filíochta, ceolchoirm na féile, scéalaíocht agus neart eile. Cuirfear Oíche Airneáil in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí ar bun ar an 29 Lúnasa i dTí Mhadáin ag a 7pm. Tá fáilte roimh chách go dtí an oíche seo agus cuireadh á thabhairt don phobal scéal a insint, amhrán a rá, nó damhsa a dhéanamh. Beidh airgead á bhailiú ar an oíche do mhuintir na Palaistíne.

Cuirfear ceolchoirm Ceol na mBan ar bun ar an 30 Lúnasa ón 12- 2pm sa gCultúrlann. Ar an 30 agus an 31 Lúnasa beidh dianchúrsa Gaeilge ar siúl ag a 11am chaon lá.

Tráthnóna an 30 Lúnasa ag 8pm beidh comórtas ‘Slam’ Filíochta ar bun. Seo an deichiú bliain ar cuireadh an Slam Filíochta ar siúl ag an bhféile. Is gá clárú roimh an 23 Lúnasa chun páirt a ghlacadh sa gcomórtas. Tá táille £5 ar iomaitheoirí agus is féidir clárú anseo.

Beidh neart imeachtaí eile ar bun i rith na féile.

 

Cruinniú na mBád, Cinn Mhara

Cruinniú na mBád ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód

Beidh an fhéile Cruinniú na mBád i gCinn Mhara i gCo. na Gaillimhe ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód an deireadh seachtaine seo. Fear na háite Tony Moylan, nach maireann, a chuir tús leis an bhféile sa mbliain 1979 agus caitheamh aige i ndiaidh thraidisiún na mbád seoil ar an mbaile a bhí imithe i léig faoin tráth sin.

Bhí sé de thraidisiún ann le cuid mhaith de 150 bliain na húicéirí a bheith ag tabhairt luchtanna móna ón gCeathrú Rua agus á díol i gCinn Mhara. Tháinig deireadh leis an traidisiún de réir a chéile i ndiaidh na bliana 1957 nuair a tháinig gás i mbuidéil chun cinn agus feabhas ar na bóithre le haghaidh leoraithe móna.

Déanann póstaer fhéile na bliana seo ceiliúradh ar an mbád mór An Mhaighdean Mhara a ndeirtear fúithi gurb í an húicéir deireanach a bhí in úsáid mar bhád lasta. Pictiúr a phéinteáil an t-ealaíontóir áitiúil Thomas Quinn atá ar an bpóstaer ina dtaispeántar íomhá den bhád An Mhaighdean Mhara agus í ag déanamh  isteach ar an gcéibh i gCinn Mhara.

Tógadh An Mhaighdean Mhara sa gCuilleán ar an gCeathrú Rua thart ar an mbliain 1852. Fear darb ainm Pádraigín Mhicil Rua Mac Donnacha a thóg an bád agus tá sí ag clann Johnny Jimmy Pheaitín anois, nó ‘Na Jimmys’ mar is fearr aithne orthu. Bhí an chlann le feiceáil sa tsraith ‘Bádóirí’ ar TG4.

Tá clár leathan imeachtaí leagtha amach ag Cruinniú na mBád i mbliana ar muir is ar tír. Gach eolas agus clár na féile le fáil anseo.

 

Campa Samhraidh Chléire don phobal LADTA+

Tháinig dúbailt thar oíche ar dhaonra Chléire an tseachtain seo agus an chéad champa samhraidh Gaeltachta don phobal LADTA+ faoi lán seoil. Tá cónaí ar 110 duine ar an oileán ar feadh na bliana agus chuir siad fáilte an tseachtain seo roimh 100 duine atá ag dul go dtí an chéad chúrsa de Champa Samhraidh Chléire don phobal LADTA+.

Campa samhraidh do dhaoine fásta atá ann agus fáilte roimh dhaoine ag a raibh gach aon leibhéal cumais sa teanga. Togra de chuid Meitheal Chléire i gcomhpháirt leis an ngrúpa AerachAiteachGaelach é an campa seachtaine. Costas €300 a bhí ar na ticéid agus bhí lóistín na seachtaine agus áiseanna cistine san áireamh sa bpraghas.

Cuireadh ranganna Gaeilge ar fáil mar chuid de chostas na dticéad freisin. Bhí ranganna Gaeilge ar bun gach maidin le Darragh Ó Caoimh ó TG4 agus Eoin McEvoy. Eagraíodh réimse imeachtaí agus ceardlanna eile don champa freisin, ina measc bhí ranganna ióga le DearcánYoga nó le Síle Ní Bhroin.

Bhí rogha bhreá imeachtaí eile ar bun i rith na seachtaine ó dhéantúsaíocht coinnle go potaireacht, turais bháid agus cadhcáil. Cuireadh imeachtaí sóisialta ar bun gach tráthnóna i gcaitheamh na seachtaine agus bhí oícheanta airneáin ar bun freisin.

Tá tuilleadh eolais anseo.

[Banner]NA hEALAÍONA[/Banner]

 

Taispeántas caoladóireachta le Joe Hogan

Déanfaidh an máistirchaoladóir Joe Hogan cur i láthair dátheangach agus taispeántas ar an gcaoladóireacht ag ócáid i Músaem Shaol na Tuaithe i gCaisleán an Bharraigh Dé Sathairn an 17 Lúnasa ón 11am go dtí a 4pm.

Beidh an ócáid ar bun mar chuid de cheiliúradh Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2024 atá ar bun ó 17 -25 Lúnasa agus imeachtaí éagsúla ar bun ar fud na tíre mar chuid di.

Tá cáil ar fud an domhain ar Joe Hogan as na ciseáin áille a dhéanann sé. Thosaigh sé ag déanamh ciseán sa mbliain 1978 agus tá sé á ndéanamh ó shin ina stiúideo i Loch na Fuaiche i nDúiche Sheoigheach.

Bhaintí úsáid as ciseáin is cléibh ar fud na hÉireann san am a caitheadh ach tá na scileanna caoladóireachta imithe i léig ó stop daoine á n-úsáid. Bhíodh ciseáin ag teastáil chun ábhar a iompar agus a stóráil, chun ainmhithe a cheansú, potaí gliomach a dhéanamh agus go leor eile. Is minic go ndéanadh daoine a gcuid ciseán as pé ábhar a bhí ar fáil dóibh, saidhleánach, slatacha sailí, fraoch, agus luachair chomh maith le hábhair eile.

Bhíodh ciseog le fáil i ngach teach in Éirinn tráth agus bhaintí úsáid astu chun na fataí a leagan amach don bhéile.  Taispeánfaidh Joe Hogan conas ciseog thraidisiúnta a dhéanamh ag an taispeántas i Músaem Shaol na Tuaithe. 

Níl aon táille ar an ócáid. Tá gach eolas anseo.

 

Seanscoil Sailearna

Cuisle an Chomhshaoil – lá gníomhachais cruthaitheach i gCois Fharraige

Tá ealaíontóirí agus gníomhaithe aeráide óga, atá páirteach sa togra CLICA (Feachtasóirí Óga Aeráide) ag eagrú lá cruthaitheach gníomhaíochais i Seanscoil Sailearna ar an 21 Lúnasa. Tabharfaidh an lá seo deis don phobal, idir óg agus aosta, cuid de na ceisteanna a bhaineann leis an timpeallacht a chíoradh ar bhealach cruthaitheach samhailteach. Tiocfaidh na daoine óga a bheas páirteach san imeacht seo le chéile chun fís a mhúnlú do thodhchaí inbhuanaithe sa gceantar.

Beidh trí chuid i gceist leis an lá – siúlóid dúlra, ceardlanna ealaíne do dhaoine óga, agus ceolchoirm. Beidh an tsiúlóid dúlra agus cheoil ar bun i gceantar Chois Fharraige óna 11:30am go dtí 1pm. Is iad Seathrún Ó Tuairisg, Éanna Hyland agus Peadar-Tom Mercier a bheidh ag treorú na siúlóide agus beidh ceol ina chuid den turas, chomh maith le heolas faoi chaomhnú na bithéagsúlachta agus an uisce sa gceantar. Tá an ócáid feiliúnach do gach aoisghrúpa ach caithfidh tuismitheoir nó caomhnóir a bheith in éineacht le daoine atá faoi 18.

Cuirfear ceardlann ealaíne ar bun ón 2-4pm do dhaoine idir 15-25 bliain d’aois. Díreoidh an cheardlann ar úsáid a bhaint as ár n-oidhreacht le dóchas a chothú agus todhchaí inbhuanaithe a shamhlú. Beidh ceol le Síle Denvir, Becky Ní Éallaithe, Peadar-Tom Mercier agus Meadhbh O’Leary Fitzpatrick, filíocht chomhaimseartha le Gormfhlaith Ní Shíocháin-Ní Bheoláin agus ealaín le Mairéad Hurley.

Sa tráthnóna cuirfidh na healaíontóirí agus na ceoltóirí ceolchoirm agus míreanna cainte i láthair ón 5-7pm. Déanfaidh na healaíontóirí a machnamh ar théamaí an lae sa gceolchoirm seo agus léireofar ról na n-ealaíon, an chultúir agus na hoidhreachta maidir lenár dtimpeallacht áitiúil a chosaint ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe.

Tá an t-imeacht seo saor in aisce, ach caithfear spás a chur in áirithe anseo.

Fág freagra ar 'Gníomh ar son na haeráide i gCois Fharraige, stáitse Gaeilge ag an bPicnic Leictreach, Liú Lúnasa i mBéal Feirste'