Moltar i dtuarascáil nua faoi fhiosrúchán a cheadaigh an Rialtas go mbunófaí scéim chúitimh do dhaoine a d’fhulaing mí-úsáid i scoileanna a bhfuil oird rialta ina mbun.
Tá glactha an Rialtas le ceann de phríomh-mholtaí eile na tuarascála – go mbunófaí Coimisiún Imscrúdúcháin.
Dúradh chomh maith go raibh dearcadh oscailte ag an Rialtas maidir le cúram a leagan ar an gCoimisiúin nua maidir le fiosrúchán a dhéanamh faoi na hiar-bhunscoileanna go léir sa stát.
De réir na tuarascála cuireadh lucht an fhiosrúcháin scóipe ar an eolas faoi 2,395 líomhain maidir le mí-úsáid ghnéis agus rinneadh na líomhaintí sin in aghaidh 884 duine.
Bhain na líomhaintí le 308 scoil agus tá os cionn leath de na daoine a bhfuil na líomhaintí déanta ina n-aghaidh básaithe. Scoileanna in 22 contae a bhí i gceist.
Bhain 590 líomhain le 17 scoil speisialta agus rinneadh na líomhaintí sin in aghaidh 190 duine.
Moltar go rachadh an Rialtas i mbun cainte le hoird rialta faoi airgead a thabhairt do scéim chúitimh.
Deirtear sa tuarascáil gur dóigh go bhféadfadh líon na n-eachtraí mí-úsáid ghnéis a bheith i bhfad níos airde ná mar a thugtar le fios sa tuarascáil mar gur minic drogall a bheith ar dhaoine mí-úsáid a thuairisciú.
Dúirt go leor de na daoine a ghlac páirt san fhiosrúchán go mbíonn brón nó fearg nó an dá rud fós orthu nuair a chuimhníonn siad ar an saol a d’fhéadfadh a bheith caite acu murach gur fhulaing siad mí-úsáid ghnéis ar scoil.
Dúirt go leor daoine gur deineadh dochar uafásach dá dtuiscint orthu féin agus dá n-áit sa saol. Bhraith go leor nach raibh aithne acu orthu féin ná cion acu orthu féin de dheasca na mí-úsáide nuair a bhí siad óg.
Dúirt an tAire Oideachais gur “cáipéis choscrach” a bhí sa tuarascáil ina raibh cur síos uafásach inti ar mhí-úsáid ghnéis.
Dúirt sé go mbainfeadh scéalta uafásacha na n-agallamh stangadh asat agus nach bhféadfaí barraíocht béime a chur ar an lorg buan a d’fhág an mhí-úsáid ar shaol daoine.
Dúirt an tAire Oideachais gur chuaigh “misneach” agus “macántacht” na ndaoine a d’inis a scéalta i bhfeidhm go mór uirthi.
Mhol an Tánaiste Micheál Martin chomh maith misneach na ndaoine a d‘inis a scéalta agus dúirt sé go gcaithfí ceart a fháil dóibh siúd a d’fhulaing.
Fág freagra ar 'Eolas i dtuarascáil nua faoi 2,395 líomhain maidir le mí-úsáid ghnéis i 308 scoil'