Céard í an chuimhne is mó a bheidh agat ar 2024?
Is dócha nuair a sheinn an banna ceoil ‘Where’s Me Jumper?’ ag gradaim An Post agus thuigeas go raibh Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana buaite ag mo chnuasach splancscéalta Geansaithe Móra. Bhí sé osréalach amach is amach. Ní rabhas ag súil leis.
Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2024?
Bhuel, chomh maith leis an ngradam, bhí breithlá ‘mór’ agam i mbliana agus chuir sé áthas orm ceiliúradh beag a dhéanamh lem mhuintir is lem chairde.
Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2024?
Gan dabht ar bith, an slad is an scrios is an marú go léir i nGaza is san Úcráin, agus in áiteanna eile ar fuaid an domhain.
Cén tír nó áit speisialta ar thug tú cuairt air i mbliana?
Thugas cuairt ar áiteanna cois farraige in iarthar Chorcaí – Cuan Dor, An Dún Mór agus mar sin de. Bíonn sé cosúil le réigiún na meánmhara nuair a bhíonn an ghrian ag taitneamh ann!
Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort i mbliana?
Clár faisnéise a chuaigh i bhfeidhm orm go mór ná Séamus Begley The Bold Kerryman. Ceoltóir den scoth, beannacht Dé leis. Bhaineas taitneamh as an tsraith Ripley ar Netflix – bhraithfeá go rabhais san Iodáil.
Is deacair leabhar amháin a roghnú – bhíos ana-thógtha le El le Thaddeus Ó Buachalla. Bím ag éisteacht siar le podchraoltaí éagsúla de chuid RnaG – táid go léir thar barr.
Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú i mbliana?
Go dtarlaíonn nithe nach mbíonn aon súil agat leo!
Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana?
Ní raibh aon rún ar leith agam ag tús na bliana, caithfead a admháil. Bíonn sé de chuspóir agam breis machnaimh nó aireachais a dhéanamh, ach de ghnáth ní dheinim an machnamh go dtín a ceathair a’ chlog ar maidin nuair a bhíonn neamhchodladh orm!
Fág freagra ar 'Nuair a sheinn an banna ‘Where’s Me Jumper?’ ag gradaim An Post, bhí sé osréalach amach is amach'