NUAFHOILSITHE: Cuma an tseoidleabhair ar shaothar Gaeilge nua faoin dúlra

Caitear súil ar chuid de na leabhair Ghaeilge atá díreach foilsithe

NUAFHOILSITHE: Cuma an tseoidleabhair ar shaothar Gaeilge nua faoin dúlra

Crainn agus Toir

Cur síos cuimsitheach ar chrainn agus ar thoir in Éirinn

Máirín Uí Chonchubhair
Neamhfhicsean, Nádúr
Foilsithe ag Dingle Publishing
Clúdach crua
€85.00
Ar fáil ar-líne ó www.crainnagustoir.ie

Ní chruinním mórán. Ach ar chúis éigin, nuair a fheicim leabhar faoi dhúlra na hÉireann airím tarraingt an andúiligh ionam. Cuir béaloideas leis agus tá mé gafa. Tá fadhb agam, tá a fhios agam.

An leabhar is deireanaí atá do mo mhealladh ná Crainn agus Toir le Máirín Uí Chonchubhair atá díreach foilsithe ag Dingle Publishing agus cuma seoidleabhair air.

As Dún Chaoin an t-údar agus is luibheolaí agus oide eolaíochta í a bhí ag múineadh i gColáiste na gCnoc Glas i mBaile Átha Cliath. D’fhoilsigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne a céad leabhar Flora Chorca Dhuibhne i 1995.

Saothar saoil é an leabhar is deireanaí uaithi agus cur síos cuimsitheach ann ar na crainnte agus na toir atá ag fás in Éirinn idir na cinn dhúchasacha agus cinn a tháinig isteach as tíortha eile.

In éineacht leis an gcur síos sin, tá cuntas ar stair an fhásra, na cúinsí fáis ar a mbraitheann sé agus stair a scaipthe. Tá cur síos sa leabhar ar os cionn 400 speiceas, tá 2,000 grianghraf lándaite, léaráidí agus pictiúir ann. Agus tá sé i nGaeilge.

Beidh spás le n-aimsiú ar an tseilf agus pinginí le cruinniú.

 

Na Trí Mhuicín

Áine Ní Ghlinn & Paddy Donnelly
Foilsithe ag Futa Fata
Pictiúrleabhar, Clúdach Crua
€12.95

Cnag! Cnag! Cnag! Cé hé sin ag an doras? An mac tíre mór dána ar ndóigh, agus é níos fileata agus níos mealltaí ná mar a bhí sé riamh san insint véarsaíochta seo le Áine Ní Ghlinn ar scéal traidisiúnta na dtrí mhuicín. Leabhar galánta agus é maisithe ag Paddy Donnelly le híomhánna glinne, spleodracha. Leabhar spraíúil tarraingteach é seo a mbainfeá spraoi as a bheith á léamh os ard.

Is é seo an dara heagrán i sraith leabhar le Futa Fata ina bhfuil athinsintí véarsaíochta ar mhórscéalta do pháistí iontu. Foilsíodh an chéad leabhar sa tsraith arú anuraidh. An Slipéar Gloine le Fearghas Mac Lochlainn, maisithe ag Donnelly freisin.

 

Bí Fiáin, a Chroí 

Le Olivia Hope, maisithe ag Daniel Egnéus. Tadhg Mac Dhonnagáin a d’aistrigh go Gaeilge
Foilsithe ag Futa Fata
Pictiúrleabhar, clúdach bog
€10.00

Leagan Gaeilge le Tadhg Mac Dhonnagáin den phictiúrleabhar Be Wild, Little One le Olivia Hope agus é maisithe ag Daniel Egnéus. Pictiúrleabhar ar bheagán focal atá anseo agus é ag pléascadh le híomhánna is manaí mórchroíocha a dhéanann ceiliúradh ar an bhfánaíocht amuigh faoin aer.

Tá teachtaireacht sa leabhar seo gur fiú aird a thabhairt uirthi. Léiríonn taighde a rinneadh san Eoraip go gcaitheann muid 90% dár gcuid ama taobh istigh. Nach furasta an lá uilig a chaitheamh taobh istigh, go háirithe sa ngeimhreadh is tú ag dul ó fhoirgneamh amháin go foirgneamh eile?

In áit a bheith ag iarraidh an fiántas a chur faoi smacht, tá sé in am againn aithris a dhéanamh ar an gcomhairle atá sa leabhar seo agus scaoileadh leis.

Fág freagra ar 'NUAFHOILSITHE: Cuma an tseoidleabhair ar shaothar Gaeilge nua faoin dúlra'