Níos mó rothair leictreacha ná gnáthrothair á ndíol san Ísiltír

Tá borradh mór faoin rothaíocht leictreach san Ísiltír. Ar an drochuair, níl an rothar leictreach chomh maith sin don timpeallacht agus don tsláinte agus a shílfeá...

Níos mó rothair leictreacha ná gnáthrothair á ndíol san Ísiltír

Deirtear faoi mhuintir na hÍsiltíre gur ‘ar rothar’ a ‘bheirtear’ iad agus go deimhin tá an rothaíocht – agus an íomhá chróga, neamhspleách a bhaineann léi – fite fuaite leis an bhféiniúlacht náisiúnta. (Ní cuimhin liom cá mhéad uair a dúradh liom agus mé óg gur ‘buachaill folláin Ollanach’ a bhí ionam, ‘nach as siúcra a bhí mé déanta’, agus gur ar mo rothar a chaithfinn dul chuig an scoil in ainneoin go raibh sé ag stealladh báistí agus go raibh na tíleanna á séideadh de dhíonta na dtithe ag stoirm aniar.)

Ach anuraidh, den chéad uair riamh, ba mhó líon na rothar leictreach a díoladh san Ísiltír ná líon na ngnáthrothar. Bhí inneall leictreach agus cadhnra mór ar 40% den 1.01 milliún rothar a díoladh sa tír sa bhliain 2018 agus gnáthrothair a bhí i 34%  díobh (rothair rásaíochta agus ilraoin a bhí sa chuid eile).

Fearacht cuid mhór tíortha eile san Eoraip, tá daonra na hÍsiltíre ag dul in aois, agus gan dabht tá baint nach beag ag an ardú mór millteach atá tagtha ar dhíolacháin rothar leictreach leis sin. Ach ní hé sin an t-aon chúis amháin atá leis an ráchairt mhór atá ar rothair leictreacha san Ísiltír faoi láthair. A bhuíochas le dearadh snasta agus na buntáistí follasacha – tá níos lú fuinnimh fhisiciúil ag teastáil chun luas níos airde a bhaint amach – tá tóir ag an dream óg agus meánaosta ar an rothar leictreach freisin. Faoin tuath, is iomaí dalta meánscoile a chuireann aistear fiche ciliméadar de gach lá chun dul ar scoil; níl an turas sin chomh tuirsiúil céanna ar rothar leictreach. Le bliain anuas baineann cara de mo chuid, bean sna daichidí, úsáid as rothar leictreach le dul chuig an obair, turas 11 ciliméadar. An buntáiste is mó, dar léi, ná nach mbíonn sí ag cur allais nuair a bhaineann sí an oifig amach.

Buntáistí go leor, ach tá míbhuntáistí ag baint leis na e-rothair freisin. Baineann siad luas 25-28 ciliméadar san uair an chloig amach go héasca, agus de réir mar atá ardú ag teacht ar líon na rothar leictreonach tá ardú ag teacht ar líon na dtimpistí rothar. Ag brath ar fhoinse an leictreachais níl e-rothair chomh maith sin don timpeallacht agus a shílfeá, agus caithfidh an litiam a mbaintear úsáid as don chadhnra teacht as mianach éigin nach bhfuil inmharthana ná baol air. Cé gur maith ann an rothar leictreach do dhaoine aosta, do dhaoine níos óige is lú na buntáistí sláinte a bhaineann leis an rothaíocht leictreonach ná na buntáistí sláinte a bhaineann leis an ngnáthrothaíocht.

An míbhuntáiste is mó a bhaineann leis na rothair leictreacha, dar le mo chara a bhíonn ag rothaíocht chun na hoibre: an tóir atá ag gadaithe orthu.

Agus cén tionchar a bheidh ag an rothar leictreonach ar fhéiniúlacht náisiúnta na nÍsiltíreach? An amhlaidh gur meatacháin a bheidh sna ‘buachaillí agus cailíní folláine Ollannacha’ feasta? B’fhéidir gur cuma – más fíor port lucht díolta na rothar leictreach go meallfaidh an rothar leictreach daoine, nár nós leo a bheith ag rothaíocht, amach as a gcuid carranna.

Fág freagra ar 'Níos mó rothair leictreacha ná gnáthrothair á ndíol san Ísiltír'