Níos mó Gaeilge sa Dáil? Creidfidh mé é nuair a chloisfidh mé í á labhairt…

Scéal ‘oifigiúil’ na Gaeilge – an cúpla focal i gcónaí ach gach aon rud tábhachtach sa teanga thábhachtach, an Béarla

Níos mó Gaeilge sa Dáil? Creidfidh mé é nuair a chloisfidh mé í á labhairt…

Chuir an scéal i Tuairisc.ie faoin moladh go mbeadh 5% de dhíospóireachtaí Dála i nGaeilge ag smaoineamh mé. Mar ceapaim go raibh muid anseo cheana.

In 2008 agus mé i m’eagraí polaitíochta sa Dáil ag Raidió na Gaeltachta. Bhí Brian Cowen, fear le Gaeilge a bhí sásta í a labhairt liom i gcónaí, ina Thaoiseach nuathofa, agus Mary Coughlan, bean le Gaeilge, ina Tánaiste.

Sa bhfreasúra bhí beirt eile a raibh Gaeilge acu ina gceannairí ar pháirtithe Dála – Enda Kenny ina cheannaire ar Fhine Gael, agus Eamon Gilmore i gceannas ar Pháirtí an Lucht Oibre.

Bhíodh gach aon duine den cheathrar sin le clos go rialta ag moladh go labhrófaí an teanga níos mó, agus bhí siad go léir an-sásta labhairt le RnaG sa teanga.

Sampla maith a bhí ann, mheas mé, a léirigh gur bhain an teanga leis na daoine ba thábhachtaí i bpolaitíocht na tíre.

I ndiaidh ócáid amháin nuair a leag an ceathrar béim mhór ar an teanga, bhuail smaoineamh mé. Ag an am bhí nós ann go mbíodh seisiún sa Dáil tráthnóna Máirt agus ar an gCéadaoin nuair a d’ardaíodh ceannairí an fhreasúra ceisteanna móra (dar leosan ar aon chuma) agus iad ag iarraidh an rialtas a chur faoi bhrú.

Is i mBéarla a dhéantaí an plé seo, mar a rinneadh gach plé tábhachtach eile.

Scríobh mise go dtí gach duine den cheathrar ag moladh go leanfaidís le seisiún na Máirt i mBéarla ach go mbeadh seisiún na Céadaoin acu i nGaeilge. Chuirfeadh sé sin borradh mór faoi stádas na teanga sa saol poiblí, mheas mé.

Ba í Mary Coughlan an t-aon duine a d’fhreagair mé. Dúirt sí go raibh sí i bhfabhar an mholta is go bpléifeadh sí lena comhghleacaithe é. Ní bhfuair mé freagra ar bith eile, is níor chuala mé tada eile faoi ó Mhary ach an oiread.

I gcead don Taoiseach Brian Cowen, bhíodh sé deacair dul i dteagmháil leis go díreach mar chuirtí aon litir dó sa Dáil faoi chúram na státseirbhíse, is tá seans maith ann nach bhfaca sé féin riamh mo litir agus gur cheap na státseirbhísigh nár chóir glacadh leis an moladh sin uaimse.

Leanadh leis na ráitis phoiblí uathu ó am go chéile ag moladh breis úsáide na teanga, ach níor labhraíodh focal breise Gaeilge sa Dáil féin, seachas an cúpla focal a cheap na státseirbhísigh a bheadh dóthanach.

Ní ar na polaiteoirí amháin atá an milleán, ámh. Bíonn siad beo ar phoiblíocht agus creideann siad – agus údar maith acu leis an tuiscint sin – nach bhfaighidís aon phoiblíocht sna meáin mhóra dá labhróidís i nGaeilge.

Go deimhin, roinnt blianta roimhe sin is cuimhin liom gur fhógair Trevor Sargent, a bhí ina Theachta Dála ag an am don Chomhaontas Glas, nach labhródh sé ach Gaeilge don seisiún Dála sin (mhair an seisiún cúig mhí).

Dhein sé beart de réir a bhriathair, ach ní bhfuair sé oiread is líne amháin de scéal in aon cheann de na nuachtáin mhóra, tada ar RTÉ seachas na tuairiscí a thug mé féin do RnaG, más cuid de RTÉ é sin i ndáiríre.

Agus nach é sin scéal ‘oifigiúil’ na Gaeilge sa stát ó tháinig sé ar an saol? An cúpla focal i gcónaí ach gach aon rud tábhachtach sa teanga thábhachtach, an Béarla.

Nílim róthógtha le hIosrael, ach is fiú comparáid a dhéanamh idir an dá stát ó bunaíodh iad.

Ón tús níor labhraíodh ach Eabhrais i bparlaimint Iosrael, fiú nuair nach raibh an Eabhrais go líofa ag baill na parlaiminte. Ach theastaigh uathu an Eabhrais a thabhairt chun cinn agus thug.

Abhus, bhí muid sásta leis an gcúpla focal, agus mheath an teanga dá réir: ceantair a bhí ina gceantair Ghaeltachta nuair a bunaíodh an stát ach nach bhfuil aon Ghaeilge le clos iontu anois.

Cinnte cuirim fáilte mhór roimh an moladh faoin 5% de dhíospóireachtaí Dála a bheith as Gaeilge, ach ní chreidim go dtarlóidh sé mura dtagann athrú mór bunúsach ar dhearcadh an stáit i leith na teanga sa Dáil.

Is beag comhartha atá againn go mbeidh athrú den chineál sin ann.

B’fhéidir go bhfuil Sinn Féin níos díograisí ó thaobh na teanga dhe ná na páirtithe eile, agus cinnte déanfaidh Aengus Ó Snodaigh a dhícheall. Ach má fhanann Gluaiseacht na Gaeilge ciúin béasach mar a d’fhan riamh ní tharlóidh aon rud.

Tá misneach ag teastáil uainn le féachaint chuige go bhfuil níos mó vótaí is poiblíochta le cailliúint ag na polaiteoirí mura labhraíonn siad Gaeilge ná a mhalairt.

Meas tú?

Fág freagra ar 'Níos mó Gaeilge sa Dáil? Creidfidh mé é nuair a chloisfidh mé í á labhairt…'

  • Lillis Ó Laoire

    Coilíneacht lonnaitheoirí a bhí in Iosrael ó thús. Ba í an Ghiúdais teanga a bhformhór, teanga atá bunaithe ar an Ghearmáinis, teanga an scriosadóra. Ní bheadh rogha eile acu ach an Arabais a labhairt agus ní dhéanfaidís é sin. Theastaigh an Eabhrais le flaitheas na nIosraelach a dheimhniú. Bhí an Ghaeilge ina siombail mhór nó gur bunaíodh an Saorstát, agus cuireadh ar leataobh í ina dhiaidh sin. Is leor na cúpla focal le Flaitheas na hÉireann a fhógairt.

  • Pól Ó Braoin

    Aontaím leat, faraor. Stát béarla atá ón mbarr anuas againn agus sin sin. Ní muid cosúil leis an Israel mar tá difríocht mhór ansin. Tá meas acu ar thábhacht a gcultúir agus a dteanga féin nach bhfuil anseo abhus.
    Tá súil á coinneáil ar Bhéal Feirste agam agus an bród atáthar a thaispeáint ar chur chun cinn na teanga sa gcathair ansin.
    Dá dtosófaí cúrsaí móra a chíoradh trí mheán na Gaeilge ní bheadh sé i bhfad go dtí go ngoinfí ar aire na meán agus go mbeadh na tuairiscí á gcur ar fáil dúinn, cheapfainn.
    Maidir leis an Dáil s’againne: creidfidh mé é nuair a fheicfidh mé é.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Nach nglacfaidís leis an gcéad chéim mar áis don phlé as Gaeilge: na Bille a chur faoi bhráid na Dála go dátheangach?