Níos mó daoine maraithe ná mar a sábháladh de dheasca obair ‘Stakeknife’ agus a láimhseálaithe

Foilsíodh inniu tuarascáil Kenova, an fiosrúchán seacht mbliana faoi ról Freddie Scappaticci - 'Stakeknife' – agus a láimhseálaithe in arm na Breataine i 101 marú agus fuadach

Níos mó daoine maraithe ná mar a sábháladh de dheasca obair ‘Stakeknife’ agus a láimhseálaithe

Maraíodh níos mó daoine ná mar a sábháladh de thoradh obair ‘Stakeknife’, an brathadóir sinsearach de chuid arm na Breataine a bhíodh ag sceitheadh eolais ó laistigh den IRA le linn na dTrioblóidí, de réir tuarascála nua.

Foilsíodh inniu tuarascáil Kenova, an fiosrúchán seacht mbliana faoi ról Freddie Scappaticci – ‘Stakeknife’ – agus a láimhseálaithe in arm na Breataine i 101 marú agus fuadach.

De réir na tuarascála a foilsíodh inniu, i gcásanna áirithe d’fhéadfadh beatha daoine a bheith sábháilte ag an eolas a chuir Stakeknife ar fáil d’fhórsaí slándála na Breataine dá mbeadh gníomh déanta acu de réir na faisnéise.

I gcásanna áirithe,  níor cuireadh an fhaisnéis ar aghaidh nó níor deineadh scagadh ceart uirthi agus i gcásanna eile chinn na fórsaí slándála gan aon rud a dhéanamh ar eagla go bhfaighfí amach gur brathadóir a bhí ina ngníomhaire.

Dúirt Príomh-Chonstábla an PSNI Jon Boutcher, a bíodh i bhfeighil ar fhiosrúchán Kenova roimhe seo, le muintir na ndaoine a maraíodh:

“Níl sibh as bhur meabhair. Bhí sé seo ag tarlú agus níor cheart go mbeadh sé ag tarlú.”

Dé réir na tuarascála, a chosain €47 milliún, níl aon bhunús leis an maíomh gur shábháil ‘Stakeknife’ beatha na gcéadta agus gur dócha nach raibh i gceist dáiríre ach thart ar dáréag ar a mhéid.

Iarrtar sa tuarascáil 200 leathanach chomh maith ar Rialtas na Breataine agus ar chinnirí ghluaiseacht na Poblachta leithscéal a ghabháil le muintir na ndaoine a maraíodh agus leis na daoine a tháinig slán.

Dúirt Príomh-Chonstábla an PSNI Jon Boutcher go raibh “dúshláin ar leith” roimh fhórsaí slándála na Breataine le linn na dTríoblóidí.

“Bhí siad ag obair agus iad faoi bhrú mór. Ní fhéadfaí botúin a sheachaint.

“Mar sin féin, bhí baint mhór leis an scéal chomh maith ag easpa rialacháin, maoirseachta agus ceannaireachta.”

Dúirt sé gur “teip thromchúiseach” a bhí san easpa struchtúir ó thaobh polasaí agus dlí a d’fhág gur cuireadh beatha daoine i mbaol.

“Chothaigh sé cultúr an mhavairic i measc daoine áirithe a d’fhéach ar an obair a bhain le gníomhairí a láimhseáil mar ealaín dhorcha a raibh go leor contúirte ag baint léi, obair a dhéantaí gan aon taifead a choimeád.”

Meastar go raibh baint ag Freddie Scappaticci, ar tugadh an códainm Stakeknife dó, le 12-18 dúnmharú le linn dó a bheith san aonad den IRA a bhí freagrach as cúrsaí slándála.

Bhásaigh Scappaticci anuraidh agus é 77 bliain d’aois. Bhí sé i bhfolach ó 2003 nuair a tuairiscíodh sna meáin gur ‘Stakeknife’ a bhí ann, rud a shéan sé féin.

D’fhógair Seirbhís Ionchúiseamh Poiblí an Tuaiscirt an tseachtain seo caite nach gcuirfear an dlí ar aon duine de thoradh fhiosrúchán Kenova mar nach raibh “dóthain fianaise” ann.

Fág freagra ar 'Níos mó daoine maraithe ná mar a sábháladh de dheasca obair ‘Stakeknife’ agus a láimhseálaithe'