‘Níor mhaith m’uncail riamh dó féin gur tháinig sé slán, is nach mór 40 bliain tar éis an chogaidh chuir sé lámh ina bhás féin’

Cé gur lig na naitsithe a sheanathair abhaile gan réalt buí ar a ucht, bhí tionchar millteanach ag an Dara Cogadh Domhanda - a chríochnaigh seachtó bliain ó shin inniu – ar theaghlach ár gcolúnaí

F¸hrerparade. Vorbeimarsch der Infanterie. Warschau. Polen.

Tháinig mise ar an saol sa bhliain 1975, tríocha bliain agus cúig seachtaine ón lá gur tháinig deireadh le forghabháil na Gearmáine ar an tír inar rugadh mé, an Ísiltír.

Shílfeá gur beag an tionchar a bheadh ag an Dara Cogadh Domhanda orm tar éis imeacht oiread ama, ach a mhalairt atá fíor. Go dtí an lá atá inniu ann, is é ‘An Cogadh’ an bhunsraith ar a bhfuil mo chompás morálach agus mo dhearcaí polaitiúla bunaithe.

Is é an chaoi a mbainim leis an nglúin seo ar a dtugann síceolaithe ‘An Dara Glúin’; daoine ar mhair ar a laghad duine dá dtuismitheoirí tríd an Dara Cogadh Domhanda.

Bhí m’athair beagnach ocht mbliana d’aois nuair a mháirseáil saighdiúirí na Gearmáine isteach ina chathair dhúchais, Leeuwarden, i dtús mhí na Bealtaine 1940. Bhí sé nach mór trí bliana déag nuair a d’fhágadar.

Idir an dá linn, bhí duine dá chairde is fearr – Alex an t-ainm a bhí air – tugtha go campa géibhinn acu. Níor fhill sé.

Ní hamháin sin, ach tháinig a athair féin – mo sheanathair – sách gar dó.

Sloinne Giúdach is ea Hijmans agus go deimhin ba Ghiúdaigh iad mo shinsir ar thaobh m’athar. Tharla, áfach, gur iompaigh mo shinsir ar an bprotastúnachas ag deireadh na 19ú hAoise agus ina dhiaidh sin ar an aindiachas.

Ní raibh aon chreideamh ag mo sheanathair agus b’ait le pobal Giúdach Leeuwarden go raibh mo sheanathair ina measc nuair a bhí orthu ar fad clárú leis na húdaráis Ghearmánacha go gairid tar éis thús an chogaidh.

‘Céard atá á dhéanamh agatsa anseo, meneer Hijmans?’ a d’fhiafraíodar de.

Ós rud é nach raibh ‘dóthain fola Giúdach’ ag mo sheanathair (agus seans toisc gur múinteoir Laidine agus Gréigise é ag meánscoil mhór le rá sa chathair), lig na naitsithe abhaile é gan réalt bhuí ar a ucht.

Mar sin féin, chaith mo sheanathair agus m’uncail, an deartháir is sine a bhí ag m’athair, blianta deiridh an chogaidh i bhfolach. Ní toisc an fhuil Ghiúdach a bhí ina gcuislí, ach toisc an Arbeitseinsatz, scéim faoinar fuadaíodh fir fhásta as an Ísiltír (agus as tíortha eile a raibh forghabháil déanta ag an nGearmáin orthu) chun na Gearmáine chun a bheith ag sclábhaíocht i monarchana na tíre sin. Bhí an t-ádh le mo sheanathair agus lem’ uncail nár tháinig na Gearmánaigh orthu, agus mhair gach duine den chlann tríd an hongerwinter, gorta a mharaigh 20,000 Ísiltíreach i ngeimhreadh na mblianta 1944-1945.

Ach nuair a tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda i mí na Bealtaine 1945, ní raibh gach rud thart.

Bhí tionchar millteanach ag scéalta na gcampaí báis ar mo mhuintir.

Gan dabht, tháinig mo sheanathair an-ghar dóibh, ach tháinig sé slán. Tháinig an chlann ar fad slán ach bhí gaolta, cairde agus comharsana i measc na marbh. Tháinig siondróm ar m’uncail – an duine a chaith blianta deiridh an chogaidh i bhfolach – ar a dtugtar overlevendensyndroom, nó ‘coimpléacs ciontachta an té a thagann slán’. Nach mór dhá scór bliain tar éis an chogaidh, tar éis blianta fada de theiripe nach raibh in ann é a thabhairt slán, chuir m’uncail lámh ina bhás féin.

Sé nó seacht mbliana d’aois a bhí agamsa ag an am, ach níor insíodh tada domsa ná do mo dheartháir. Ní bhfuair mé amach go ceann nach mór deich mbliana ina dhiaidh, nuair a sciorradh an scéal ó bhéal duine éigin agus muid ag ní na ngréithre.

Bhí mé ar mire, agus thógfadh sé blianta fada sula dtuigfinn gur ag iarraidh a pháistí féin a chosaint ón siondróm céanna a bhí m’athair nuair nár inis sé an scéal sin dúinn. Thóg sé blianta fada ina dhiaidh sin arís sular rith sé liom go gcaithfeadh sé go raibh m’athair, a dheartháir eile agus m’aintín, ag strachailt leis an gcogadh iad féin ar feadh a saoil i ngan fhios dúinn. Cé go bhfuil blúiríní faoi eachtraí a tharla agus go leor fíricí faoin saol laethúil le linn an chogaidh ar eolas againn, ní bheidh an scéal pearsanta againn go brách; tá siad ar fad ar shlí na fírinne.

Níl sa scéal thuas ach scéal clainne amháin, ach tá scéalta mar sin ag na céadta milliún teaghlach fud fad na mór-roinne. I ngan fhios dóibh féin go minic, tá tionchar mór millteach ag na scéalta sin ar a saol.

Is é an chaoi gur as eispéaras an Dara Cogadh Domhanda a fáisceadh an tógáil mhorálach agus pholaitiúil a tugadh domsa agus do na céadta milliúin eile (mo mháthair, a tháinig ar an saol níos lú ná mí amháin tar éis dheireadh an chogaidh, san aireamh.)

Níl aon pháistí agamsa, ach tá ag mo dheirfiúr agus mo bheirt deartháireacha agus feicim go bhfuil lorg an chogaidh sa tógáil atá á tabhairt acu dá gclann siadsan, gan trácht ar an lorg a d’fhág bás m’uncail ar mo chol ceathracha agus a gclann siúd.

Seachtó bliain tar éis deireadh a theacht leis an gcoimhlint, tá tionchar síceolaíoch fós ag an Dara Cogadh Domhanda ar theaghlaigh fud fad na hEorpa, ón mBreatain soir go dtí an Rúis, agus ón Iorua síos go dtí an Ghréig.

Eisceacht shuntasach í Poblacht na hÉireann, agus d’fhéadfadh sé gurb é seo – agus ní cúrsaí cultúrtha, creidimh nó an stair chóilíneach – an ghné is mó a dhealaíonn í ón gcuid eile den Eoraip.

 

Fág freagra ar '‘Níor mhaith m’uncail riamh dó féin gur tháinig sé slán, is nach mór 40 bliain tar éis an chogaidh chuir sé lámh ina bhás féin’'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    Míle buíochas as an aiste seo.

    Bíonn muid cúigeach scaití sna 26 contae; is maith ann aistí mar seo le léargas a leathnú.

  • Fearn

    “Eisceacht shuntasach í Poblacht na hÉireann, agus d’fhéadfadh sé gurb é seo – agus ní cúrsaí cultúrtha, creidimh nó an stair chóilíneach – an ghné is mó a dhealaíonn í ón gcuid eile den Eoraip.”

    Teoiric suimiúil cinnte. Ach cá bhfágfadh do teoiric An Spáinn, An Phortaingéil, An Tuirc agus An Eilbhéis? Eisceachtaí suntasacha eile.

    Agus i ndáiríre, an deach an cogadh i gcion ar an Ioslann mar an gcéanna agus a chuaigh sé i gcion ar an Rúis Bhán?

    Ar dheis Dé go raibh íospairtí uile an chogaidh, agus cogaí uile!