Níl Stormont ar an dé deiridh fós ach níl mórán de splanc fanta ann

Tá drogall ar Shinn Féin, an DUP agus Rialtas na Breataine céim chinniúnach a thabhairt faoi láthair

Stormont

Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach nó i gcás Stormont, méar fhada eile. D’fhógair Martin McGuinness, ceannaire Shinn Féin sa Tionól go dtabharfadh a pháirtí tacaíocht choinníollach do scáilbhuiséad an DUP. Dhá rud gan bonn réalaíoch fúthu ach cuireann siad na caoirigh thar abhainn, go ceann dhá mhí nó mar sin.

Táthar ag cur i gceill sa scáilbhuiséad gur glacadh leis na ciorruithe leasa shóisialaigh – sin é an fáth go dtugtar scáil nó ‘phantom’ bhuiséad air. Chuir Sinn Féin, SDLP agus an Comhaontas Glas stop leis na ciorruithe agus dá bhrí sin níor aontaíodh an buiséad sa Tionól an mhí seo caite. Seo é buiséad uimhir a dó agus dúirt an tAire Airgeadais Arlene Foster, an DUP, go raibh sé riachtanach chun go mbeadh fáil ar airgead ó dheireadh na míosa seo. Dá uireasa, ní bheadh ranna Stormont in ann feidhmiú.

26/2/2011 General Elections Campaigns Results
Martin McGuinness agus Gerry Adams. Pictiúr: Photocall Ireland

D’fhógair Martin an tacaíocht theoranta don scáilbhuiséad ar an Luan. Rinne Ard-Chomhairle Shinn Féin an cinneadh ag cruinniú ar an Domhnach. Dúirt McGuinness go raibh súil aige go dtabharfadh an chéim seo tamall breise don Fheidhmeannas chun an chonspóid faoin leas sóisialach a fhuascailt. Dhá la roimhe sin dúirt sé le léirsiú in aghaidh na déine i Londain go raibh Stormont ar an dé deiridh mar gheall ar pholasaithe na gCaomhach.

 

Níor thug Sinn Féin ná an DUP leide conas a d’fhéadfaí foirmle réitigh nua a aimsiú. I bhfianaise a bhfuil tarlaithe go dtí seo agus na ciorruithe breise atá á mbagairt ag an Seansailéir Osborne, is cosúil go mbeadh deus ex machina de dhíth chun an fhadhb a fhuascailt.

Ba chosúil le cúpla seachtain anuas go raibh Sinn Féin ag scrúdú bealaigh chun Stormont a fhágáil. Bhí an téarma ‘neamh-inbhuanaithe’ le clos go minic, go háirithe sa chás go gcuirfí dílárú leasa shóisialaigh do Thuaisceart Éireann ar ceal agus go nglacfadh Rialtas na Breataine ceannas air.

Tuairiscíodh go raibh Martin McGuinness chun éirí as mar Leas-Chéad Aire dá dtarlódh sé sin. Dhiúltaigh McGuinness a dhearbhú gurb é sin an plean ach níor shéan sé é. Ní bheadh an Feidhmeannas ná an Tionól inmharthanach dá n-éireodh sé nó an Chéad Aire as ar fad.

Bhí an DUP ag tabhairt foláirimh freisin nach raibh an Feidhmeannas inbhuanaithe. Dúirt Peter Robinson go loicfeadh Stormont muna gcuirfí an margadh faoi Leas Sóisialach i bhfeidhm. Creideann an DUP gurb é an margadh a rinneadh faoi Nollaig an ceann is fearr is féidir a fháil. Tá a fhios acu go bhfuil a thuilleadh ciorruithe ar an mbealach ó Sheansailéir an Státchiste.

Bhí drogall ar Shinn Féin, an DUP agus Rialtas na Breataine céim chinniúnach a ghlacadh faoi láthair. Measadh ar feadh tamaill go dtógfadh Rialtas na Breataine riaradh an chórais leasa shóisialaigh ar ais ó Stormont. Ceaptar anois gur chinn siad gurb shin é an rogha núicléach mar go n-imeodh Sinn Féin agus go gclisfeadh ar Stormont. Ní léir an é nach mbeidís sásta gur orthusan a chuirfí an milleán as an teip.

Seans gur seachaint milleáin atá ar siúl ag Sinn Féin agus an DUP freisin. Tá cuid d’ionadaithe Shinn Féin meáite go mbeadh a lucht tacaíochta sásta leo as an bhfód a sheasamh in aghaidh na dTóraithe ach tá roinnt imníoch faoi dhearcadh vótóirí sa Phoblacht ar pháirtí nach mbeadh in ann ag an ngnó i Stormont. Teastaíonn ón DUP a chinntiú nach féidir locht a fháil orthusan as teip.

Iontas a bheas ann má dhéantar beart idir seo agus fómhar; b’fhéidir go n-imreofar cleas chun iad a choinneáil ag imeacht go Nollaig nó go hEarrach. Beidh toghchán Tionóil buailte leo ansin. Níl na hinstitiúidí ar an dé deiridh ach níl mórán de splanc fanta sa dóchas as rialtas díláraithe Stormont.

Fág freagra ar 'Níl Stormont ar an dé deiridh fós ach níl mórán de splanc fanta ann'