‘Níl muinín againn as an Tánaiste agus ba chóir di imeacht,’ a deir Fianna Fáil

Dúirt urlabhraí dlí agus cirt Fhianna Fáil Jim O’Callaghan nár theastaigh olltoghchán uaidh ach ‘bíodh sé amhlaidh’ más é sin an toradh a bheidh ar an scéal

‘Níl muinín againn as an Tánaiste agus ba chóir di imeacht,’ a deir Fianna Fáil

Tá sé tugtha le fios ag urlabhraí dlí agus cirt Fhianna Fáil Jim O’Callaghan nach dtacóidh an páirtí leis an Tánaiste Frances Fitzgerald má ritear rún mímhuiníne ina coinne.

Dúirt O’Callaghan gur chóir don Aire “imeacht”. Dúirt sé nár theastaigh olltoghchán uaidh ach más é sin an toradh a bheadh ar an scéal “bíodh sé amhlaidh”, a dúirt sé.

An Tánaiste Frances Fitzgerald Pictiúr: RollingNews.ie

Mhaígh urlabhraí dlí agus cirt Fhianna Fáil go raibh dochar bunúsach déanta ag an gconspóid is déanaí don socrú muiníne agus soláthair idir a pháirtí agus Fine Gael.

Níor éirigh go fóill leis na cainteanna idir an Taoiseach Leo Varadkar agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin faoin gconspóid maidir leis an bhfeachtas le míchlú a tharraingt ar an sceithire, an Sáirsint Maurice McCabe.

Ceistíodh an Tánaiste arís inniu faoin méid a rinne sí nó nach ndearna sí nuair a fuair sí ríomphost ar an 15 Bealtaine 2015 inar tugadh eolas di faoin straitéis dlí a bhí ag na Gardaí i gcás McCabe.

Tá rún mímhuiníne sa Tánaiste curtha ar chlár na Dála ag Sinn Féin don tseachtain seo chugainn.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go raibh lántacaíocht an rialtais ag an Tánaiste agus nach raibh sa rún mímhuiníne ach “cleas polaitiúil” ag Sinn Féin.

Fág freagra ar '‘Níl muinín againn as an Tánaiste agus ba chóir di imeacht,’ a deir Fianna Fáil'