Níl éinne ag brath ar ár gcuid leabhar chun a bheatha a shábháil…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: cad is fiú dul chun cinn a dhéanamh mar scríbhneoir nuair atá a fhios agat go rímhaith nach bhfuil do phost riachtanach?

Níl éinne ag brath ar ár gcuid leabhar chun a bheatha a shábháil…

Aréir, chuaigh mé ar shiúlóid le dlúthchara liom ar scríbhneoir é freisin. Bhí sé ag stealladh báistí agus ba bheag nár shéid an ghaoth ón mbóthar muid, ach ós rud é go raibh an bheirt againn sa bhaile mór inar fhás muid aníos ag an am céanna, rud is annamh, thapaigh muid an deis agus choinnigh muid orainn.

Tharla go raibh an bheirt againn tar éis drochlá scríbhneoireachta a chur dínn. Bhí ríomhaire mo chara tar éis briseadh agus bhí léirmheas fíorcháinteach i gceann de na nuachtáin is mó sa tír faoi thogra a raibh baint mhór aige leis. Bhí mise tar éis tabhairt faoi deara go raibh botún tromchúiseach peirspictíochta i gceann de chéad línte an úrscéil atá idir lámha agam, línte a ndeachaigh mé siar orthu míle uair nó níos mó agus a shíl mé a bhí nach mór foirfe faoin am seo.

‘Nach é sin a tharlaíonn i gcónaí,’ a dúirt mo chara, a lámh á leagan ar mo ghualainn aige in ainneoin na srianta uile i gcoinne scaipeadh an choróinvíris. ‘Nuair a bhíonn tú díreach tar éis rud éigin a scríobh ceapann tú gurb é an rud is fearr dár scríobhadh riamh é, ach nuair a théann tú siar air cúpla mí ina dhiaidh sin feiceann tú nach fiú cac an diabhail thú mar scríbhneoir.’

‘Ach ciallaíonn sé sin go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agat mar scríbhneoir,’ a dúirt mise. ‘Go n-aithníonn tú do laigí féin.’

‘Dul chun cinn, dul chun cinn…’ a dúirt seisean. ‘Cad is fiú dul chun cinn nuair atá a fhios agat go rímhaith …’ Chuaigh otharcharr thar bráid, na bonnáin á séideadh agus na soilse gorma ag splancadh go fíochmhar. ‘Duine eile tar éis bháis ón gCovid,’ a dúirt mo chara, agus lean leis an gcomhrá san áit ar stad sé. ‘Cad is fiú dul chun cinn nuair atá a fhios agat go rímhaith nach bhfuil ár bpost riachtanach. Níl éinne ag brath ar ár gcuid leabhar chun a bheatha a shábháil.’

Níor fhreagair mé. Bhí a fhios agam go dtuigeann sé féin nach bhfuil an méid sin fíor. Scríobhann mo chara, ar síceolaí agus teiripeoir caidrimh é, leabhair eolaíochta don phobal faoi chúrsaí grá. Murar shábháil siad sin beatha fhisiciúil léitheoirí is cinnte gur shábháil siad saol grá duine nó beirt, agus ba mhaith liom féin a cheapadh go dtugann na leabhair fhicsin a scríobhaimse ugach agus misneach do léitheoirí a bheadh ina ngátar.

Scríbhneoir neamhfhicsin é mo chara agus scríbhneoir ficsin den chuid is mó atá ionam féin, agus seans gurb é sin an fáth go réitíonn muid chomh maith sin le chéile: níl comórtasaíocht eadrainn. Ach comórtasaíocht ann nó as, mholfainn do scríbhneoir ar bith cara scríbhneoireachta a aimsiú, go mór mór agus an saol mar atá faoi láthair. Fiú mura réiteoidh tú féin agus do chomrádaí mórcheisteanna shaol an scríbhneora, is mór an faoiseamh é seal a chaitheamh ag bitseáil faoin gceird.

Fág freagra ar 'Níl éinne ag brath ar ár gcuid leabhar chun a bheatha a shábháil…'