Níl cúis ar bith nach mbeadh misneach ag na hÉireannaigh in Twickenham

Thar rud ar bith eile caithfidh foireann na hÉireann spás agus seilbh na liathróide a cheilt ar chúlaithe Shasana

Níl cúis ar bith nach mbeadh misneach ag na hÉireannaigh in Twickenham

Imreoirí na hÉireann. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Nuair a chas foireann na hÉireann ar fhoireann na hAlban i Staid Aviva trí seachtaine ó shin, ní róshásta a bhí a lucht leanta leis an gcur chuige a chonaic muid uathu, cé gur éirigh an cluiche leo.

An deireadh seachtaine céanna bhuail na Francaigh na Sasanaigh i bPáras, bua a chinntíonn nach féidir leis an tsean-namhaid greim a fháil ar an gCaithréim Mhór, an Grand Slam.

Coicís ó shin, thug na Sasanaigh agus na hÉireannaigh uathu  taispeántais a bhí i bhfad níos fearr agus iad i gcoinne na hAlban agus na Breataine Bige, rud a fhágann go bhfuil ábhar iontach dóchais againn do Bhabhta a 3 na Sé Náisiún nuair a bheas na hÉireannaigh ag tabhairt faoina Sasanaigh in Twickenham amárach.

Is é cluiche an deireadh seachtaine seo é gan dabht –na hÉireannaigh, foireann ar chlis orthu i ngach comórtas anuraidh, comórtas na Sé Náisiún agus an Corn Domhanda san áireamh, agus na Sasanaigh, foireann a d’imir i gcluiche ceannais Chorn an Domhain.

Is cinnte gur ar na Sasanaigh is mó a bheidh brú sa gcoimhlint seo, iad sa mbaile den chéad uair sa gcomórtas seo agus a lucht leanta fós ar thóir taispeántais a léireodh gurb iad an fhoireann is fearr sa limistéar seo. Cé go bhfuil go leor gortuithe i measc imreoirí céad rogha Shasana tá dóthain tallainne ar fáil d’Eddie Jones le dúshlán ceart a thabhairt d’fhoireann Andy Farrell.

Maidir leis na hÉireannaigh níl cúis ar bith nach mbeidís muiníneach agus iad ag dul chun páirce i gcoinne foireann a bhfuil mac a mbainisteora féin ina chaptaen orthu. Beidh go leor ag brath ar an gcineál bainistíochta a bheas Johnny Sexton in ann a dhéanamh ar an gcluiche. Má éiríonn leis na tosaithe liathróid ghlan sciobtha a choinneáil le Sexton, tá na cúlaithe againn le dochar a dhéanamh don fhreasúra.

Ach tá paca ollmhór láidir atá lán le cumas ag na Sasanaigh agus dá réir bí ag súil le sár-iomaíocht, cluiche a bheidh fíochmhar agus crua ón tús. Beidh an lámh in uachtar ag pé foireann is fearr a chruthóidh sa choimhlint fhisiciúil sin. Thar rud ar bith eile caithfidh muid spás agus seilbh na liathróide a cheilt ar chúlaithe Shasana. Tá mise le cúpla euro a chur ar na hÉireannaigh, creid uaim é, níl sásamh níos fearr i rugbaí ná bua ar Shasana i Sasana.

Ní dochar ar bith cúpla paidir a rá ach an oiread.

Dála an scéil, má bhíonn an lá leis na hÉireannaigh, is againn a bheas an Choróin Thriarach.

Nár dheas sin!

Roimh an gcluiche sin amárach, cuirfidh na hIodálaigh fáilte chuig an Róimh roimh Albain. Tá an dá fhoireann seo ar thóir a gcéad bhua sa gcomórtas agus fiú agus iad sa mbaile, sílim go mbeidh Albain róláidir don Iodáil, dream atá ar a ndícheall le foireann nua a thógáil faoi láthair.

In Caerdydd a bheas na Breatnaigh agus na Francaigh ag tabhairt faoina chéile tráthnóna inniu. Is deacair toradh an chluiche seo a thuar. Bhí na Francaigh thar barr i gcoinne na Sasanach sa gcéad bhabhta, ach is i bPáras a imríodh an cluiche sin. Ní raibh stró ar bith ar na Breatnaigh agus iadsan ag bualadh na hIodáile (42-0) i mBabhta 1 ach is acu a bhí buntáiste an bhaile. Chaill na Breatnaigh i mBabhta 2 i gcoinne na hÉireann agus is fánach an tástáil a cuireadh ar na Francaigh i gcoinne na hIodáile sa mbabhta céanna. Fágann sin go bhfuil ceist mhór fós maidir leis an dá fhoireann seo. Cinnte má imríonn na Francaigh mar a d’imir siad i gcoinne na Sasanach beidh seans acu ach an bhfuil ar a gcumas é sin a dhéanamh as baile?

Feicfidh muid linn. Tá mise den tuairim go mbeidh an lámh in uachtar ag na Breatnaigh mar gur acu atá buntáiste an bhaile, seachas ar chúis ar bith eile.

Tá mé ag tuar sárchluiche freisin.

Fág freagra ar 'Níl cúis ar bith nach mbeadh misneach ag na hÉireannaigh in Twickenham'