SÚIL SIAR: Níl aon séanadh air – ní bheidh aon duine againn ag caoineadh na bliana seo

Is beag gné de shaol na cruinne agus na tíre nach bhfuil tionchar ag an trodaíocht san Úcráin air

SÚIL SIAR: Níl aon séanadh air – ní bheidh aon duine againn ag caoineadh na bliana seo

Níl aon séanadh air – ní bheidh aon duine againn ag caoineadh na bliana seo. Taca an ama seo anuraidh bhí beagán éigin dóchais againn go raibh muid ag tabhairt cúl le Covid agus go mbeadh muid ar fad ag cur aithne ar a chéile agus ar an saol in athuair. An bhagairt is mó a bhí ann cén lorg fadtéarmach a bheadh fágtha ag an ngalar orainn go pearsanta, ar shláinte na tíre agus ar an ngeilleagar. Bhí sioscadh agus cogarnaíl bheag ann faoi bhagairtí a bheith á ndéanamh ag an Rúis ar cholbha thoir na hEorpa ach is dona a chreid muid é.

Buille gan choinne, dá réir a bhí ann nuair a d’ionsaigh an Rúis an Úcráin ag deireadh mhí Feabhra. Cogadh arís ar mhór-roinn na hEorpa. Cogadh idir ollchumhacht na Rúise agus ceann de na tíortha a dhearbhaigh a neamhspleáchas nuair a thit an tAontas Sóivéadach as a chéile. Ní mhairfeadh sé i bhfad. Bheadh an Rúis róláidir. Is beag a cheap muid go seasfadh an Úcráin agus an fear grinn atá mar uachtarán uirthi chomh láidir agus chomh diongbháilte in aghaidh na n-ionsaithe,

Beagnach bliain níos déanaí agus is beag gné de shaol na cruinne agus na tíre nach bhfuil tionchar ag an trodaíocht san Úcráin air. Ó thús dúirt rialtas na tíre agus muintir na hÉireann gur theastaigh uathu a bheith fial lena gcuid tearmainn. Chuirfeadh muid fáilte gan staonadh roimh na daoine bochta a bhí ag teitheadh an uafáis. Cuireadh scéimeanna ar bun, cuireadh lóistín ar fáil, tógadh suanliosanna in óstáin agus pubaill in áiteanna ina raibh an spás. Ní go rómhaith a d’éirigh leis na beartais ar fad. Anois agus muid ag teannadh le deireadh na bliana tá os cionn 70,000 duine tagtha isteach go hÉirinn de bharr iad a bheith ag teitheadh ón gcogadh. Tá óstáin, brúnna, ionaid phoiblí agus scoileanna ar fud na tíre curtha ar fáil.

Tá an chuma air go beidh cabhair ag teastáil ó na teifigh seo go ceann i bhfad. Agus tá sé déanta ríshoiléir go leanfar le soláthar na cabhrach sin.

Tá fadhbanna nach beag cothaithe ag iarracht na tíre ó thaobh soláthair agus brú ar acmhainní. Tá daoine in áiteanna ar leith ag éirí mífhoighneach. Tá daoine in áiteanna eile ag éirí feargach. Is beag a cheap muid chomh dona agus a bheadh an scéal againn féin ó thaobh brú ar theaghlaigh nuair a thosaigh an cogadh. Tá an ghéarchéim fuinnimh ag cur brú ar chuile líon tí.

Tá deacrachtaí ag daoine an carr a líonadh le peitreal nó ola an tí a cheannacht mar thoradh ar phraghsanna arda. Tá muid fós ag trácht ar an ngéarchéim tithíochta amhail agus gur rud nua é nach bhfuiltear ach ag fáil tuiscint anois air. Tá na córas sláinte trína chéile agus níos mó brú ná riamh ar sheirbhísí tar éis na paindéime.

Tá an rialtas i gceartlár a dtéarma oifige agus oifig an Taoisigh malartaithe anois ag deireadh na bliana. An gciallaíonn sin cur chuige nua?

Tá cúrsaí eacnamaíochta folláin go maith agus an rialtas dírithe ar thuilleadh fóirithinte a thabhairt do theaghlaigh san earrach mar gheall ar an ráta boilscithe. Beidh muid ag faire an mbeidh tionchar ag na pearsantachtaí nua timpeall ar bhord an rialtais ar an gcaidreamh idirphearsanta agus idirpháirtí. An mbeidh teannas breise idir na páirtithe agus é ag cinneadh orthu dul i ngleic le leithéid na géarchéime tithíochta?

An cheist nach bhfuil freagra againn uirthi ná cén fhad a mhairfidh na deacrachtaí domhanda atá méadaithe ag an gcogadh san Úcráin. Idir cúrsaí fuinnimh agus deacrachtaí soláthair in earnáil an bhia agus earraí leighis agus ní féidir a thuar cá mbeidh muid in 2023. Níl oiread agus siolla ráite agam faoin Bhreatimeacht agus cainteanna prótacail nach bhfuil réitithe fós ach an oiread.

Tá iliomad ceisteanna cruthaithe ag 2022. Beidh muid ag súil le freagra a fháil agus dul chun cinn a dhéanamh ar chuid éigin acu sa mbliain seo romhainn.

Fág freagra ar 'SÚIL SIAR: Níl aon séanadh air – ní bheidh aon duine againn ag caoineadh na bliana seo'