‘Níl aon ‘radiator’ mar do ‘radiator’ féin’ – tithe gan simléar tógtha ag an gcomhairle contae i gConamara

Tá sé tagtha sa déanamh go feiceálach anois i sráidbhaile Chloch na Rón in iarthar Chonamara go bhfuil an tine á múchadh

‘Níl aon ‘radiator’ mar do ‘radiator’ féin’ – tithe gan simléar tógtha ag an gcomhairle contae i gConamara

“Nil aon ‘radiator’ mar do ‘radiator’ féin!” D’fhéadfadh sé gur seanfhocal nua a bheadh ann agus daoine ag trácht ar chompord ina dteach féin. ‘Níl aon tinteán mar do thinteán féin’ a d’abraítí ach ní bheidh aon chiall leis sin amach anseo.

Tá sé tagtha sa déanamh go feiceálach anois i sráidbhaile Chloch na Rón in iarthar Chonamara go bhfuil an tine á múchadh.

Ní chasfaidh píobaire na gríosaí port go brách ar leac an teallaigh ar an eastát nua tithe de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar an mbaile sin. ‘Cnoc na Carraige’ an t-ainm atá baiste ar an eastát. Ní bheidh píobaire ná gríosaí ann feasta mar go bhfuil port nua ag píobaire na Comhairle Contae. Deireadh leis na simléir, deireadh leis an tine agus deireadh leis an tinteán. Ceithre cinn déag de thithe atá tógtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe sa scéim nua sóisialta seo i gCloch na Rón agus cloigeann maol atá ar chuile theach acu.

Níl dé ná deatach ar shimléar.

Is cosúil gurb é an t-eastát seo an chéad shampla suntasach de pholasaí frithcharbóin tithíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe i gConamara. Tá fáilte roimh an eastát i gCloch na Rón, áit a bhfuil an daonra laghdaithe go mór. Táthar ag súil go dtiocfaidh roinnt lánúineacha ag cónaí san eastát agus go gcuideoidh sin le bunscoil na háite. Tá an líon daltaí íslithe síos faoi dhá scór san áit a mbíodh cuid mhaith de cheithre scór sna 1980idí.

Ach an t-easpa simléir atá ag tarraingt chainte faoi láthair. Is cosúil go dtarraingíonn simléir caint (de réir an tseanfhocail) bídís ann nó as. As atá siad an iarraidh seo.

Caithfear an gás carbóin a stopadh ó dhul amach san atmaisféar agus caithfear tosú ag leac an teallaigh agus ar leac an dorais, a deir an Chomhairle Contae. Sé Cloch na Rón an múnla.

Is dóigh go raibh atmaisféar ar leith ag baint leis an tine agus leis an teallach i dtithe tuaithe ach bíodh an fheamainn ag an atmaisféar sin anois, de réir reachta na haimsire seo.

Déanta na fírinne, bhí muintir Chloch na Rón – ach an oiread le go leor pobal eile i gConamara – ag tréigean na móna roinnt le tamall. Thaispeáin Daonáireamh 2016 go raibh an chuid ba mhó de thithe an cheantair á dtéamh le hola an uair sin – 86 teach uilig. Sa dara háit a bhí an mhóin – 41 teach. Bhí riar cineálacha éagsúla breosla ag an gcuid eile.

Ar ndóigh, ní hin le rá nach raibh tine mhóna, nó tine de bhreosla éigin eile, ag a bhformhór freisin agus simléar leis an deatach a scuabadh chun siúil.

Bhaintí go leor de mhóin mhuintir Chloch na Rón, agus baintear roinnt ann i gcónaí,  san áit ar baisteadh Portach Chloch na Rón air le himeacht na haimsire. Sna 1980idi a tháinig an teideal seo chun cinn nuair a phléasc cogadh timpeallachta amach in iarthar Chonamara. Bhí plean ann go dtógfaí aerstráice ar na sléibhte sin (tógadh é sa deireadh gar don Chloigeann siar ó thuaidh den Chlochán) ach chuir lucht na timpeallachta, Tim Robinson a raibh cónaí air i gCloch na Rón agus a bhásaigh anuraidh ina measc, ina choinne. Tharraing sé aird ar phortach Chloch na Rón agus dúirt go raibh tábhacht dhomhanda le nádúr agus le dreach na háite.

Ní hé sin uilig a choinnigh daoine ón bportach – bhíothas ag éirí tuirseach den sleán agus bhí go leor den phobal óg ag imeacht. B’fhacthas do chuid mhór daoine go mba áisiúla agus go mba fóintí é an córas teasa a bheadh bunaithe ar ola. Ba é an scéal céanna é i bpobail ar fud Chonamara.

Caoinfear an teallach agus an traidisiúin de réir mar a bheidh eastáit agus tithe astu féin á bhfágáil gan tine ná tinteán. Ach tá ceist airgid ann freisin i gceantracha tuaithe. Ba cheann de phrionsabail na heacnamaíochta ariamh gur bhain tú leas as pé acmhainní a bhí ar fáil agat féin agus bhí an mhóin ar cheann acu sin i gceantracha ar nós Chloch na Rón. Má bhí fáil agat ar phortach (bhí, agus tá, obair throm ag baint leis) bhí soláthar breosla na bliana agat gan aon chaiteachas ort féin dá bharr.

Bhí ciall leis.

Ní bheidh an rogha sin ag na daoine a rachaidh isteach sna tithe nua i gCloch na Rón; ola a bheidh ina ábhar teasa ar fud an tí. Má táthar ag iarraidh rud éigin atá leathchosúil leis an tine thraidisiúnta caithfear a dhul i muinín an leictreachais agus macasamhail de theallach a chur in aghaidh an bhalla.

Tuilleadh costais.

Mar sin a bheidh an scéal ar eastáit eile – bídís príobháideach nó poiblí – sna blianta atá le theacht. Sin é nádúr na haimsire seo. An bhfuiltear ag dul thar fóir? Seans gur ceist í a bheidh ina hábhar comhrá sna blianta romhainn – timpeall ar an radaitheoir. Caithfear teolaíocht a fháil in áit éigin agus is dóigh nach bhfuil aon ‘radiator’ mar do ‘radiator’ féin.

Fág freagra ar '‘Níl aon ‘radiator’ mar do ‘radiator’ féin’ – tithe gan simléar tógtha ag an gcomhairle contae i gConamara'

  • Críostóir Ó Faoláin

    Ait liom in alt mar seo nach raibh focail luaite maidir leis na droch-fhadbanna sláinte a bhaineann le dó breosla soladach…

  • S. Mac Muirí

    Níl aon truailleoir aeir mar d’olltancaer ola féin ag treabhadh na farraige ar feadh na seachtaine le do chuid ola a bhreith go hÉirinn!
    Is fiú truailliú iompar na hola na mílte muirmhílte a chur i gcomórtas le tarracóir a iomprós móin achar míle nó dhá mhíle anuas le fána an tsléibhe chuig do theach. Is í an mhóin is glaine. Éinne a chaith seal ag péinteáil long lastais le linn turas farraige tuigfidh sé truailliú an aeir. D’éirigh first mate buartha fúm lá amháin nuair a dóbair dó féin tachtadh ar an ngaoith 7 é ag iarraidh labhairt liom. Is é ‘bunker oil’ a dhónn na holl-longanna go léir ach ní chluinfear trácht uirthi mar ábhar truaillithe. Níl i dtruailliú carranna ar aeir an domhain ar fad – 7 is uafásach é – ach cuid pháidín le hais truailliú aeir loingeas an domhain. Ní amaidí trumpachais an méid sin. Caith súil ar an eolaíocht faoi na megaships 7 míneofar donacht an scéil.
    Is mó an dochar a dhéanfas tithe sin Chloch na Rón le dó bunker oil ar an bhfarraige leis an ola a thabhairt anall go hÉirinn ná an dochar a dhéanfadh 14 poll deathaigh a dhófadh móin as an gcomharsain i gCloch na Rón. Is é an passive house an t-aon socrú ceart do gach éinne againn. Ní socrú eatramhach ar bith é dó na hola ná an earghuail as tíortha thar lear in Éirinn. Má tá cead bainte na mónadh sa gcomharsain agat, bain í. Ná ceannaigh earghuail ná ola teasa ar aon acht mar gur treabhadh dhroim na farraige 7 milleadh an aeir a thug anall iad.

  • Liam

    Nach mbeidh siad reoite sa gheimhreadh má theipeann ar an leictreachas ar feadh cúpla lá?

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Is tithe gan simléar iad na tithe sna scéimeanna tithíochta nua ar fad ó dheas sa Daingean le déanaí, ina measc eastát conspóideach “Pairceanna na Glas”. Ach beidh seift nua de dhíth ar Daidí na Nollag amach anseo.

  • Padraic de Bhaldraithe

    Tá an plé atá déanta san alt agus sna freagraí an-teoranta. Ní móin ná ola ná breosla iontaise eile a theastóidh amach anseo ach malartóirí teasa, painéil ghréine, painéil PV, etc

  • Poraic o'hEipicín

    Níl aon tóin tinn mar do thóin tinn féin.

  • S. Mac Muirí

    Níl na painéil ghréine /pv inghlactha a Phadraic. Cruthaíonn na cláracha pv/gréine deacracht i ndiaidh 10 mbliana leis an nimh nach féidir a chartadh amach sa mbruscar.
    Caithfidh gach éinne againn oibriú i dtreo chóras táimhtheasa sna tithe.
    Eadar an dá linn, b’fhearr go mbeadh na daoine atá gar do na bogaigh is na coillte an mhóin 7 an t-adhmad a dhó mar go bhfuil sé in aice leo, in ionad breosla ná earghual a tharraingt anall as tíortha thar lear i soithí a dhónn ola trom .i. bulk oil a mhilleann aer an domhain i bhfad níos mó ná carbaid iomlán an domhain. Éinne a bhfuil 2 acra bogaigh móide 5 acra féir is fálta acu – gan eallach – tá siad ag glanadh an aeir thart orthu. Ciallaíonn fál gabháltais den méid sin tuairim is 150 – 200 tomacha agus crann.
    Cuimhnímist, na seacht long déag is mó ar domhan amháin le chéile, loiteann siad an t-aer níos mó ná carranna iomlán an domhain. Sin í an fhírinne lom.
    Níor cheart d’éinne eitilt in eitleán ach le hotharlann a bhaint amach nó d’fhonn tharrtháil a dhéanamh ar mhuir nó eile. Is inghlactha an t-ingearán nó an t-eitleán isteach go hoileán le linn drochshíne, ach is uafásach go n-eitlíonn daoine amach ar laetha saoire, chuig cluichí, ceolchoirmeacha srl. Ba chóir an mí-iompar soin go léir a shrianadh as éadan, le reacht!
    Ba chóir thairis sin lucht na ngabháltas beag a mholadh as na sceacha, na crainn, na feaganna srl. a ligean uaibhreach 7 i bhfiáin. Níl éinne á dtabhairt faoi deara mar táid go léir ag faire ar an teilifís nó ar cibé scáileán is gaire dó, mo léan.

  • Padraic de Bhaldraithe

    Ní réiteach ar bith ar an bhfadhb “an mhóin agus an t-adhmad a dhó”.

  • S. Mac Muirí

    …. ná dó na milliúin tonnaí den ola trom le hola bruithneoirí a thabhairt as tíortha thar lear chun na tíre. Is measa i bhfad an méid sin ná dó mhónadh 7 adhmad na háite abhus 7 níl éinne ag trácht air. Shílfeá go mba iad na leipeacháin a thug anall an breosla teasa gan dochar ar bith don aer.