Níl aon insint ar chontúirtí am codlata na ngasúr…

Chomh luath is a bhíonn na pitseámaí orthu tosaíonn sé… An Tart Íota agus Ocras an tsléibhe ghortaigh

Níl aon insint ar chontúirtí am codlata na ngasúr…

Tá aimsir an tslaghdáin buailte orainn agus fud fad na tíre tá muid smaoiseach, casachtach, slóchtach agus tá lemsip á chaitheamh siar go gealach. Níl aon dabht faoi ach gur tréimhse chontúirteach den bhliain é an Geimhreadh maidir le slaghdáin agus eile, ach tá am eile atá níos contúirtí fós agus is beag caint a bhíonn air.

Céard é?

Am codlata.

Níl aon insint ar chontúirtí am codlata, mar gur tráth den lá é a mbuaileann galraí fealltachta, cealgacha gasúir óga go tobann agus gan aon choinne.

An aicíd is measa acu seo ná an tart nach féidir a shásamh. Aisteach go leor, ní fheicfidh tú aon tart ar an bpáiste ar feadh an lae. D’fhéadfá an lá a chaitheamh ag impí orthu bolgam uisce a ól. Blogaimín amháin, fiú.  

Ach, ar chúis éicint, chomh luath is a bheidh na pitseámaí ar an bpáiste, agus solas an tseomra codlata á mhúchadh, buailtear iad leis an tart nach féidir a shásamh.

Ón méid atá feicthe agamsa den aicíd seo, sílim go bhfuil baint éicint ag solas nó easpa solais le tolgadh an ghalair. Tá an chuma ar an scéal gur tart fótamhothálach atá ann. Theastódh tuilleadh taighde ar ndóigh, sula mbeinn in ann an nasc idir múchadh an tsolais agus spreagadh an tarta a léiriú go beacht.

Má tá sé seo buailte ar na gasúir i do theachsa, níl aon leigheas ann don té atá ag fulaingt ach a ghabháil síos an staighre agus an t-uisce a fháil iad féin ón sconna sa gcistineach. Níl aon mhaith sa mbuidéal uisce a bheadh thuas  staighre cheana féin agat, agus ná labhair fhéin ar an uisce ón sconna sa seomra folctha.

Is fearr a leigheastar é, má thugtar cead don othar an t-uisce a ól an-, an-, an-, an-mhall is go ligtear le rabharta scéalaíochta idir gach bolgam.

Galar eile atá coitianta ag am codlata ná ocras an tsléibhe ghortaigh. Aicíd í seo a thagann ar pháistí sa tráthnóna díreach sula dtéann siad isteach sa leaba.

Níl mé cinnte cén chaoi go díreach a dtolgtar é. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil frásaí áirithe in ann an t-ocras seo a spreagadh – leithéidí ‘téigh a chodladh’, nó ‘cuir ort do phitseámaí’.

Nó tá radharcanna ar leith a spreagann an t-ocras seo freisin – radharc an tseomra codlata, nó an scuab fiacla.

Aisteach go leor, tá an t-ocras seo in ann an páiste a bhualadh fiú má tá siad díreach théis dinnéar breá a ithe. Ná bíodh aon imní ort, áfach, ní hé go bhfuil péisteanna ar an bpáiste nó poll in íochtar a bhoilg, agus tá leigheas an-éasca ar ocras an tsléibhe ghortaigh.

Caithfidh tú an t-am codlata a chur siar, uair an chloig ar a laghad. Ansin, tabhair cupán bainne do na hothair, agus tósta agus neart ime agus suibhe air. Más féidir an bainne a théamh ruainne agus spúnóg mheala a chur ann freisin, sea is fearr é.

Fág freagra ar 'Níl aon insint ar chontúirtí am codlata na ngasúr…'