Níl aon cheart ag Regina Doherty tuairisc na gcártaí seirbhísí poiblí a choinneáil faoi rún

Gheall Regina Doherty an tseachtain seo caite go bhfoilseofaí tuairisc an Choimisinéara Cosanta Sonraí faoi chóras na gcártaí seirbhísí poiblí chomh luath agus ab fhéidir…

Níl aon cheart ag Regina Doherty tuairisc na gcártaí seirbhísí poiblí a choinneáil faoi rún

Regina Doherty . Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Cuireadh tuairisc a dúirt go raibh Cártaí Seirbhísí Poiblí á n-úsáid go mídhleathach ag an rialtas faoi bhráid an Aire Coimirce Sóisialaí Regina Doherty coicís ó shin. Níor foilsíodh fós í.

Níor chuir an tuairisc iontas ar an aire. Chuir an Coimisinéir Cosanta Sonraí Helen Dixon tuairisc eatramhach chuici in 2018, inar dúradh an rud céanna. Bhí go leor ama mar sin ag Regina Doherty, agus ag a státseirbhísigh, a bheith faoi réir le haghaidh rialú iomlán an Choimisinéara.

Bhí rialú Dixon thar a bheith soiléir. Ní raibh úsáid na gcártaí in aon idirbheart nár bhain le gnó na Roinne Coimirce Sóisialaí dleathach, a dúirt sí. Ní raibh coinneáil na sonraí a chuirtear ar chártaí dleathach ach oiread, dar léi, agus sárú eile a bhí sa tslí inar ceileadh faisnéis iomlán ar an bpobal faoi úsáid na sonraí.

Bhí éirim agus impleachtaí thuairisc an Choimisinéara ríshoiléir. Ní raibh aon cheart de réir dlí ag an Roinn Coimirce Sóisialaí iachall a chur ar dhuine ar bith cárta seirbhísí poiblí a fháil – ach amháin chomh fada agus a theastaigh sé chun leas a bhaint as seirbhísí na roinne.

Níl aon ráiteas le dealramh déanta faoin tuairisc fós ag Regina Doherty, seachas a rá go gcaithfí í a mheá go cúramach. Níl tada ráite ach oiread ag a roinn, taobh amuigh de ráiteas inar dúradh go raibh sí á breithniú agus go rabhthas i gcomhairle freisin leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus leis an Ard-Aighne.

Gheall Regina Doherty an tseachtain seo caite go bhfoilseofaí an tuairisc mar aon lena freagra chomh luath agus ab fhéidir agus go mbeadh a thuilleadh le rá aici an uair sin. Agus an colún seo á scríobh, níl an tuairisc foilsithe fós. Dúirt urlabhraí Helen Dixon go raibh aiféala uirthi nár foilsíodh í ach gur faoin roinn atá sé í a chur ar fáil.

Níl aon locht ar thuarascáil a bhreithniú go cúramach tar éis do choimisinéir neamhspleách rialú chomh cáinteach agus chomh láidir a eisiúint i leith roinn stáit. Ní féidir glacadh ach oiread leis go bhfuil an rialú láncheart ó thaobh dlí de. Ní cóir mar sin a bheith ag súil le freagra ón rialtas nó go mbeidh an rialú tomhaiste go hiomlán ag na ranna lena mbaineann sé, agus go háirithe ag an Ard-Aighne. 

Tá beagán le cois 3.2 milliún cárta eisithe go dtí seo. Fiú mura ndéantar achomharc in aghaidh rialú an Choimisinéara, beidh ceisteanna casta riaracháin le réiteach ag an rialtas. Beidh ceisteanna crua polaitiúla á gcur chomh maith ag an bhfreasúra. Go háirithe ar Regina Doherty a dúirt anuraidh nach raibh sé éigeantach cárta a bheith agat ach go raibh sé ‘mandatory’ – ráiteas gan chiall.

Níl Paschal Donohoe slán ó bhuairt sa chás seo ach oiread ó tharla go ndearna sé leathnú chóras na gcártaí a mholadh agus a chosaint go minic. Is léir cheana féin gur caitheadh i bhfad níos mó airgid ar an gcóras ná an méid a sábháladh. Dúirt cathaoirleach an Choiste um Chaiteachais Phoiblí Sean Fleming gur léir anois go rabhthas ag iarraidh córas cártaí aitheantais a bhunú go mímhacánta agus gur leithscéalta gan dealramh a bhí tugtha go dtí seo ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Beidh cáineadh an fhreasúra níos géire agus níos pearsanta nuair a fhoilseofar an tuairisc. Ach fág i leataobh an chonspóid atá romhainn.

Tá tuairisc ar ghnó poiblí scríofa ag Helen Dixon, bean atá i gceannas ar oifig phoiblí, a mhaoinítear ar chostas poiblí. Tá a rialú ag aire rialtais agus ag roinn rialtais faoi láthair. Is ar ár son, an pobal, a scríobhadh an tuairisc. Tá lánchead ag Regina Doherty a rá nach mian léi tuairim a nochtadh go mbeidh rialú an Choimisinéara, chomh maith leis an ngníomh atá beartaithe a dhéanamh ina thaobh, meáite go hiomlán ag an rialtas.

Tá sin ceart go leor. Ach níl aon cheart ag an aire an tuairisc a choinneáil faoi rún go dtí go n-oireann sé di í a fhoilsiú. 

Fág freagra ar 'Níl aon cheart ag Regina Doherty tuairisc na gcártaí seirbhísí poiblí a choinneáil faoi rún'