Ní thugann na healaíontóirí aon leide gur amach as na cnoic a tháinig an mhóin sa gcéad áit 

Tá na cnoic ann le 550 milliún bliain agus tá an phluid portaigh a chlúdaíonn iad sa mullach orthu le 10,000 bliain

Ní thugann na healaíontóirí aon leide gur amach as na cnoic a tháinig an mhóin sa gcéad áit 

Paul Henry, A BOG NEAR DINGLE, COUNTY KERRY, c.1928-30

Ag tús an chéid seo caite bhí athbheochan an chultúr Cheiltigh faoi lán seoil, tráth a raibh cinnirí na gluaiseachta sa bpríomhchathair ag tóraíocht fianaise go raibh cultúr difriúil ag an Éireannach, oidhreacht a tháinig anuas ó na Ceiltigh. Chonaic siad muintir an iarthair mar thogha samplaí, daoine a bhí Críostaí bocht, macánta agus uasal, treabh a bhí dílis don dúchas. Thóg siad seanchas, scéalta agus amhráin le cruthú go raibh cultúr ársa fós ann.

Thuirling fís-ealaíontóirí ar an iarthar le áilleacht na háite agus saol na ndaoine a chur le péint ar chanbhás. Chonaic siad muid mar aisteoirí socair a mhair san áit fhiáin seo ar imeall na hEorpa. I stíl na Fraince ba ‘paysans/peasants’ a bhí ionainn, daoine simplí, Oisíní i ndiaidh na Féinne, treabh nach dtáinig faoi thionchar aon réabhlóid tionsclaíochta nó polaitíochta. Treabh gan smál a bhféadfaí finscéal faoin bhfíor-Ghael a bhunú uirthi.

Ag breathnú ar na pictiúir a phéinteáil leithéidí Paul Henry is Maurice McGonagle feiceann tú go raibh an mhóin lárnach i saol na ndaoine. Níl aon teach ceann tuí ina saothar nach bhfuil cruach mhóna ag binn an tí. I saothar Henry tá radharc de bhóithrín portaigh, na dúcháin mhóna mar a bheadh fathachaí [fathaigh] beaga ag coinneáil garda ar an ngleann is ar an gcnoc taobh thiar dhíobh. Is sórt macalla físiúil iad na dúcháin de na cnoic ar a gcúl, iad uaigneach, aonarach agus ina séadchomhartha stairiúil. Ní thugann an t-ealaíontóir aon leide gur amach as na cnoic a tháinig an mhóin sa gcéad áit agus is dóigh nach dtugann na daoine a fheiceann an saothar mórán airde air sin ach an oiread.

Tá na cnoic ann le 550 milliún bliain agus tá an phluid portaigh a chlúdaíonn iad sa mullach orthu le 10,000 bliain. Tá muid ag baint plaiceanna as craiceann na talún ar a maireann muid leis na cianta ach is dóigh nár thug muid aon suntas dó. Le huirlisí láimhe agus ainmhithe mar chóras iompair thóg sé na céadta bliain an talamh cósta a bhaint síos go leic.

Timpeall 1980 rinne an t-ealaíontóir Brian Bourke scraith canbháis ar phortach sa Spidéal. Tá an criathrach deartha aige mar chairpéad dathannach agus marcanna na scuaibe ag meabhrú cíb ag séideadh sa ngaoth. Tá féinphortráid bheag den ealaíontóir i gcoirnéal an phictiúir, é ag breathnú ar chanbhás folamh mar a bheadh sé ag rá ‘ag breathnú ar phortach chomh hársa leis seo, níl ionamsa ach frídín’. Rud amháin a ghoill orm nuair a chonaic mé an saothar den chéad uair. Tá trí stríoc leathan de phéint dhubh ag rith trasna an chanbháis a mhilleann na dathanna atá sa gcuid eile den saothar.

Níor thuig mé cén fáth go raibh na marcanna sin ar an gcanbhás. Ag dul siar go Conamara le gairid tháinig sé chugam. Bhí na créachta dubha a phéinteáil Bourke ag tagairt do na bruacha portaigh a bhí ag gearradh trí chraiceann na sléibhte. Tháinig an tuiscint agam ag breathnú suas ar na sléibhte agus ar an méid cosáin atá déanta ag ‘Quads is Diggers’ domhain isteach san iargúltacht le móin a bhaint, nó le bheith cruinn faoi, le móin a thochailt. Ag stróiceadh agus ag briseadh barr chlár an phortaigh le cumhacht meaisíní atá in ann an méid céanna móna a bhaint in uair a’ chloig is a bhainfeadh duine le sleán i lá oibre.

Tá traidisiún bhaint na móna san iarthar ag dul siar blianta agus creideann na daoine go bhfuil cead gan cheist acu é sin a dhéanamh. Ach tá rudaí athraithe ó lá Henry. Le cumhacht na teicneolaíochta tá muid in ann slad a dhéanamh ar réimsí sléibhe a bhí fágtha ag an seabhac is an sionnach ó thús ama.

Anois tá muid ag breathnú ar an scáileán ar scéal an iolair agus an cruachás ina bhfuil siad ag iarraidh cothú a fháil ar an méid talún atá fágtha acu agus ag an am céanna ag caitheamh fóid mhóna isteach sa tine.

Fág freagra ar 'Ní thugann na healaíontóirí aon leide gur amach as na cnoic a tháinig an mhóin sa gcéad áit '