Ní réiteach go hachrann: an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach

Ní comhréiteach leis an AE atá beartaithe ag Rialtas na Breataine ach iarracht ar dhúmhál…

Ní réiteach go hachrann: an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach

Tháinig scéalta anall thar Mhuir Éireann le dhá lá anuas a chuir leis an lear mór fianaise nach mian le Rialtas na Breataine, nó ar a laghad nach féidir leo, aighneas an Bhreatimeachta a sheachaint.

I dtosach báire, dúirt an t-aire iompair Chris Grayling ar an gclár teilifíse Question Time Déardaoin nach seiceálfaí leoraithe “i gcás ar bith” amach anseo i gcalafort Dover.

Craoladh a thuilleadh fianaise faoi bhagairt an aire an mhaidin dár gcionn. Thuairiscigh Faisal Islam, eagarthóir polaitiúil eolach Sky News, go raibh socruithe rúnda déanta ag an rialtas thall le comhlachtaí éagsúla. Dar leis gur pléadh córas leo faoina leanfaí le neamhsheiceáil leoraithe (mar a cheadaítear faoi láthair) fiú mura dtiocfaí ar chomhaontú maidir leis an mBreatimeacht leis an AE.

Bheadh cur chuige dá leithéid ag brath ar ghéilleadh an Aontais Eorpaigh do neamhchóras na Breataine. Sin, nó bheadh scuainí fada leoraithe le feiceáil gan mhoill ar an dá thaobh de Mhuir nIocht (nó an ‘English Channel’ i mBéarla, nó ‘La Manche’ i bhFraincis) agus den teorainn abhus.

I mbeagán focal, is éard a léirigh ráiteas an aire agus an tuairisc ó iriseoir inmhuiníne nach comhréiteach leis an AE atá beartaithe ag Rialtas na Breataine ach iarracht ar dhúmhál. I bhfocail eile, is é atá a rá acu: ‘Ní chuirfimid córas nua trádála ar bith i bhfeidhm agus, má chuireann sibhse bhur rialacha féin i bhfeidhm, sibhse amháin a bheas freagrach as an dochar as cuimse a dhéanfar.’

Tugadh léargas eile ar chur chuige rialtas na Breataine i dtuairisc a d’fhoilsigh Coiste Chúrsaí Thuaisceart Éireann i Westminster ar maidin Dé hAoine atá ar fáil anseo.

Tá dianstaidéar déanta ag comhaltaí an Choiste ar an tionchar a bheas ag an mBreatimeacht ar an teorainn san oileán seo, agus ar na socruithe trasteorann atá i bhfeidhm idir tíortha éagsúla ar fud an domhain. Ainneoin gach ráiteas ó Theresa May agus ó airí rialtais eile i Londain ina maítear nach mbeidh ‘teorainn chrua’ riachtanach mar thoradh ar an mBreatimeacht, tá conclúid thuairisc an Choiste soiléir:

‘The Committee was unable to identify any border solution currently in operation across the globe that would enable physical infrastructure to be avoided when rules and tariffs diverge.’

Is fiú tagairt do bhallraíocht an Choiste agus tuairim shoiléir eile sa tuairisc a léamh. Tá triúr ionadaithe ag an DUP (Gregory Campbell, Jim Shannon agus Ian Óg Paisley) ar an gcoiste. D’aontaigh siad go léir le tuairim an Choiste nach léir bealach ar bith faoi láthair chun go mbeadh ‘teorainn dhofheicthe’ ann sa ré nua:

‘We have found no evidence that, right now, an invisible border is possible.’

Tiocfaidh ceannairí an AE le chéile sa Bhruiséil Déardaoin seo chugainn. B’fhearr leo go léir argóint faoin mBreatimeacht a sheachaint, más féidir í a sheachaint.

D’fheilfeadh sé dóibh go léir dá dtabharfadh Theresa May le fios go mbeadh rialtas na Breataine sásta a bheith páirteach, ar dhóigh éigin nó faoi theideal éigin, in aontas custaim agus i margadh aonair an AE. Agus ar ndóigh, chuirfeadh Leo Varadkar fáilte chroíúil roimh athrú intinne ag an Rialtas i Londain a léireodh toil tabhairt faoi bheartais indéanta in ionad síorchaint ar ciorcail a chearnú.

Níl an dóchas go dtiocfar ar réiteach dá leithéid ar deireadh thiar ídithe fós. Is iomaí focal crua a chloistear ar chaon taobh sula ndéantar margadh.

Ní foláir áfach cuimhneamh arís ar riail na lachan agus caint bhagrach rialtas na Breataine á meá. 

Má tá cuma na lachan ar ainmhí, snámh lachan aige, agus mura bhfuil le cloisteáil uaidh ach vác lachan, gach seans gur lacha é.

Fág freagra ar 'Ní réiteach go hachrann: an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach'