Ní mór do Thiobraid Árann feabhsú chun Loch Garman a shárú

Ní bheidh tada éasca ag Tiobraid Árann agus iad ag dul chun páirce i gcoinne Loch Garman i gcluiche leathcheannais na hÉireann tráthnóna

Ní mór do Thiobraid Árann feabhsú chun Loch Garman a shárú

Seamus Callanan. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Loch Garman v Tiobraid Árann – Páirc an Chrócaigh, 3.30pm (Beo ar RTÉ)

Bhuaigh Loch Garman craobh iomána Laighean den chéad uair le cúig bliana dhéag an mhí seo caite ach beidh an fhoireann agus a lucht leanúna ag súil go bhfuil laethanta maithe eile amach rompu an samhradh seo.

Níl ach dhá chluiche buaite ag Loch Garman i gcraobh na bliana seo, ceann i gcoinne Cheatharlach agus cluiche ceannais an chúige i gcoinne Chill Chainnigh. Mar sin féin is iad an t-aon fhoireann nár chaill aon chluiche sa chraobh go dtí seo.

Chríochnaigh siad ar comhscór le hÁth Cliath, le Gaillimh agus le Cill Chainnigh i gcraobh Laighean agus bíonna sé thar a bheith deacair an ceann is fearr a fháil orthu.

Níl an oiread imreoirí mór le rá ag Loch Garman agus atá ag Tiobraid Árann ach oibríonn na Laighnigh go dícheallach. Tá foireann Loch Garman láidir, ní stopann siad ag rith agus tá an-luas acu i measc na dtosaithe.

Tá an mianach i Rory O’Connor, Conor McDonald, agus Lee Chin scrios a dhéanamh ar aon fhoireann ach an deis a fháil agus is imreoir an-tábhachtach é Diarmuid O’Keefe chomh maith.

Níor chuir Loch Garman ach trí iarracht amú i gcoinne Chill Chainnigh i gcluiche ceannais Laighean agus caithfidh siad a bheith chomh cruinn céanna tráthnóna. Ní bhíonn Lee Chin gan locht i gcónaí leis na buillí saora ach más fúthu Tiobraid Árann a chloí tráthnóna caithfidh seisean an sprioc a aimsiú pé deis a fhaigheann sé.

Tá an-chuid cainte déanta faoi stíl Loch Garman agus an cosantóir le cois a bhíonn acu. Is beag an baol go ndéanfaidh Davy Fitzgerald aon athrú ar a gcóras tráthnóna agus sárthosaithe Thiobraid Árann ina gcoinne.

Tá Séamus Callanan, John McGrath, Jason Forde agus a leithéidí go maith in ann an ceann is fearr a fháil ar Loch Garman ach ní dhéanfaidh siad an beart go héasca é. Ní thabharfar mórán spáis dóibh agus caithfidh na himreoirí eile pasanna cruinne a chur isteach ina dtreo.

Fuair Tiobraid Árann beagán cleachtaidh ar an gcineál córais atá ag Loch Garman nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Laois cúpla seachtain ó shin. Ní raibh foireann Liam Sheedy thar mholadh beirte an lá sin agus scriosadh cuid mhór den mhuinín a bhí acu ag tús na craoibhe nuair a thug Luimneach greadadh dóibh i gcluiche ceannais na Mumhan.

Is fiú cuimhneamh go bhfuil taithí na mblianta ag foireann seo Thiobraid Árann agus d’fhéadfadh go seasfaidh an taithí sin dóibh tráthnóna. Níl aon cheist ach go mbeidh díocas aisteach ar Loch Garman ach má bhíonn an díocas céanna ar Thiobraid Árann, éireoidh leis na Muimhnigh áit a bhaint amach sa chluiche ceannais. Ach níor mhór an-fheabhas teacht orthu.

Rogha Tuairisc.ie: Tiobraid Árann

Fág freagra ar 'Ní mór do Thiobraid Árann feabhsú chun Loch Garman a shárú'