Ní mór do na páirtithe a aithint go bhfuil daoine ‘sásta’ agus daoine ‘míshásta’ ann…

Ní bheidh rath ar pháirtí ar bith mura dtuigeann siad an dá mheon agus an dá dhearcadh atá i réim sa tír 

Ní mór do na páirtithe a aithint go bhfuil daoine ‘sásta’ agus daoine ‘míshásta’ ann…

Bhain RTÉ agus TG4 leas as an  bpobalbhreith iarvótála a rinne Red C dóibh an tseachtain seo caite chun dearcadh an phobail ar ábhair éagsúla a iniúchadh.

Cheistigh foireann na pobalbhreithe 3,016 duine ag 156 ionad vótála. Ní hionann agus gnáthphobalbhreith, níor labhair siad le sampla lán-ionadaíoch den phobal mar a dhéantar, ach ní cóir beag is fiú a dhéanamh den suirbhé toisc an sampla a bheith teoranta. 

Is luachmhaire an suirbhé seo go deimhin ar bhealach amháin. Tá sé bunaithe ar fhreagraí a thug daoine a bhfuil seans maith ann go vótálann siad de ghnáth.

Tá ábhar machnaimh don Rialtas agus do pháirtithe an fhreasúra sna freagraí a thug vótóirí ar dhá mhórcheist a bhfuil tionchar nach beag acu ar chúrsaí polaitíochta faoi láthair:

Ceist a haon: Dúirt 59% gur shíl siad go raibh an tír ag dul sa treo ceart, agus 29% nach raibh. Ní raibh aon tuairim ag an gcuid eile.

Ceist a dó: Ní raibh muinín ach ag 42% as an tslí ina bhfuil an geilleagar agus an caiteachas poiblí á riaradh ag an rialtas. Ba iad lucht leanúna Fhine Gael ba mhuiníní (72%), agus a mhalairt i gcás vótóirí Shinn Féin (19%).

Tá idir shásamh agus imní follasach sna figiúirí seo, agus deiseanna dá réir ann ar féidir le gach páirtí iad a thapú sna míonna atá romhainn. Is léir mar shampla go mb’fhiú do Shinn Féin machnamh a dhéanamh ar chur chuige nua a fhreastalódh ar an dá mheon a léirítear sna figiúirí. 

Tá móramh sa tír (seisear as gach deichniúr) réasúnta dóchasach agus sásta. Ainneoin an dóchais, tá móramh amhrasach agus mímhuiníneach. Tá údar réasúnta leis an dá mheon. Níl gach rud sa tír ag dul chun donais, ach níl cosúlacht réitigh ar fhadhb na tithíocht, mar shampla, ná níl smacht mar ba chóir ar chaiteachas, dar leis an móramh.

Ní bheidh rath ar pháirtí ar bith mura dtuigeann siad an dá mheon agus an dá dhearcadh atá i réim sa tír, agus murar léir an tuiscint sin ina ráitis agus ina bpolasaithe. Tá laigí agus buanna an rialtais follasach do chách, ach ní leor na laigí a cháineadh. Is faoi pháirtithe an fhreasúra atá sé a thaispeáint go mbeadh a gcur chuige agus iad i mbun rialtais níos éifeachtaí.

Tá léargas sa suirbhé ar thuairimí an phobail maidir le raon leathan ábhar ginearálta. Róghinearálta, b’fhéidir.

Dúirt 85% mar shampla go raibh áthas orthu go raibh Éire níos liobrálaí. Teastaíonn neodracht iomlán ó 65%. Ba mhaith le 88% go ndéanfaí “níos mó” chun déileáil le hathrú aeráide. Níor cuireadh ceist a chuirfeadh faisnéis níos cruinne ar fáil maidir le dearcadh an phobail ar cháin charbóin, mar shampla. 

Faraor, cuireadh ceisteanna eile ar vótóirí nach raibh mórán brí leo. Dúirt 90% gur aontaigh siad leis an ráiteas ‘ba chóir go mbeadh breis polasaithe ann leis an mbearna idir saibhir agus daibhir a réiteach’. Ní féidir ciall ar bith a bhaint as ráiteas dá leithéid.

Bhí téarmaíocht chlaonta chomh maith le doiléire i ráiteas eile a chuir ceistitheoirí Red C faoi bhráid na vótóirí: “I am tired of listening to so-called experts/elites who don’t speak for me”.

D’aontaigh 76% leis an ráiteas, nach léir a bhrí. Cé hiad na saineolaithe mar dhea a thuilleann amhras? D’fhéadfaí an cheist a phlé go maidin gan teacht ar fhreagra sásúil.

Cuireadh ceist lochtach eile faoi rannpháirtíocht na hÉireann “sa bhFórsa Armtha Eorpach atá molta”. Thug an cheist le fios go bhfuil fórsa dá leithéid ar na bacáin. Tá bunú fhórsa nó airm Eorpaigh molta ag polaiteoirí éagsúla sa Ghearmáin agus i dtíortha eile, ach níl seans dá laghad ann go bhfeicfear a leithéid go ceann i bhfad, is é sin má fheictear a leithéid go deo. Bhí ceistitheoirí an tsuirbhé ag iarraidh ar vótóirí tuairim a nochtadh mar sin nár bhain le beartas deimhnithe ach le haisling. 

An toghchán Eorpach – iarfhocal 

Is féidir áiféis na dtoghcheantar ollmhór (Cill Dara agus Dún na nGall sa toghcheantar céanna, mar shampla) a leigheas gan stró roimh an gcéad toghchán Eorpach eile in 2024, má théann an Ríocht Aontaithe chun cinn leis an mBreatimeacht.

Is léir an t-athrú ba chóir a chur i gcrích agus 13 suíochán le roinnt. D’fhéadfaí na toghcheantair a leagan amach, mar a bhí siad cheana, mar seo:

Baile Átha Cliath: ceithre shuíochán.

Oirthear: trí shuíochán.

Deisceart: trí shuíochán.

Connachta-Ulaidh: trí shuíochán.

D’fhéadfaí an ceathrú suíochán sa phríomhchathair a chur i dtoghcheantar eile, dá dteastódh sé chun teorainneacha a leagan ar bhonn réigiúnach réasúnta. 

Ní theastaíonn chun atheagrú mar seo a dhéanamh ach treoir dá réir a thabhairt nuair a iarrfar ar choiste (a mbíonn breitheamh ina chathaoirleach air) leagan amach na dtoghcheantar a atheagrú.

Dá mbeadh cuma réasúnta arís ar theorainneacha na dtoghcheantar Eorpacha, bheadh ceangal níos intuigthe idir an pharlaimint, feisirí na hÉireann agus an pobal.

An buntáiste eile? Ní theastódh turas 5-6 uair an chloig (340 ciliméadar) chun dul ó imeall thoghcheantar an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt i nGaoth Dobhair go dtí an taobh eile de in aice le Baile Átha Í i gContae Chill Dara.

Fág freagra ar 'Ní mór do na páirtithe a aithint go bhfuil daoine ‘sásta’ agus daoine ‘míshásta’ ann…'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Sular chaith mé súil ar aon ábhar scíofa san alt seo sé’n chéad rud a thug mé faoi deara ná an grianghraf. Ach cá bhfuarthas an ghrianghraf don alt seo? An é go bhfuil comharthaí mar seo feistithe ag achan bóthan bhótála ar fud na tíre?? Béarla ar tús….

    Cad chuige nach bhfuil tús áite ag an Ghaeilg? Cad chuige nach bhfuil an dá leagan ar chomh-mhéid agus an cló céanna acu? Nach bhfuil sé indéanta dath difriúil a chuir ar gach leagan agus gan ach leagan Gaeilge bheith sa Ghaelacht? Nach bhfuil léaráid nó ‘eochair eolais’ in earnáil na foilsitheoireachta go dtig a úsáid ar chomharthaí mar seo anois? Nuair a deir daoine nach bhfeiceann siad úsáid ar bith leis an Ghaeilg – seo sampla den neamhaird a thugann an stáit dí.

    Ní iontas ar bith go gcuireann iompar mar seo corraí orm. Agus seasamh a ghlacadh ag daoine áirithe ar son na Gaeilge agus ag iarraidh tús áite don Ghaeilg ar fhógraí agus uile ach níl aird ar bith a thabhairt dí in aimsir thoghcháin?! Cá mhéad iarrthóir a rinne iarratas s’acu i nGaeilg?? Cá mhéad Ceann Comhairimh ar fud na tíre a thug amach torthaí gach cuntas/comhaireamh sa dá theangaidh??

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!!!