Fuair muid léargas an tseachtain seo ar rud bunúsach a bhaineann le polaitíocht agus cur i bhfeidhm polasaithe. Tugann sé an beart leis na cártaí leighis a bhaint de phinsinéirí roinnt blianta ó shin chun cuimhne. Ná bain de na daoine is laige agus is leochailí sa tír, go háirithe nuair atá na pingineacha flúirseach.
Le cúpla seachtain fuair muid leidí faoi na hathruithe a bhí á mbeartú ar chóras na gcúntóirí riachtanas speisialta i scoileanna na tíre. Bhí ciorruithe á ndéanamh i scoileanna beaga agus bhí páistí fágtha gan tacaíocht riachtanach.
Bíonn caitheamh aimsire ag iriseoirí nuair a bhíonn siad ag tuairisciú ar pholaiteoirí, ag comhaireamh an méid uaireanta go n-athraíonn rialtas a n-intinn ar cheisteanna conspóideach agus iad faoi bhrú ón bpobal. Thar toinn sa mBreatain faoi láthair tuairiscítear go laethúil go bhfuil rialtas Keir Starmer ag teannadh le fiche athrú intinne bunúsach ar cheisteanna polasaí.
Tá nath sna Stáit Aontaithe ar an aimsir seo – TACO. Trump always chickens out. Aon uair go bhfuil cinneadh conspóideach nach mbeadh an pobal sásta leis ná na daoine a bhfuil dáimh aige leo, athraíonn Trump a intinn.
Cothaíonn conspóidí den chineál seo deacrachtaí do rialtais agus do pholaiteoirí. Deacrachtaí caidreamh poiblí a thug an rialtas anseo orthu le seachtain. Rinneadh gach iarracht cur i gcion ar na daoine a raibh a gcuid páistí le cúntóirí riachtanais speisialta a chailleadh nach raibh sa phróiseas ach athbhreithniú. Ní ciorruithe a bhí i gceist ach ag an am céanna bhí ciorruithe ag tarlú.
Chuaigh an bheirt airí – Hildegarde Naughton agus Michael Moynihan – amach ar na meáin chumarsáide ag iarraidh an cás a shoiléiriú. A mhalairt a d’éirigh leo a dhéanamh. Bhí an cás níos doiléire tar éis a gcuid ráiteas ná riamh agus fearg i measc na dtuismitheoirí agus na múinteoirí ag méadú.
Leigheas an scéil? U-chasadh polaitiúil. Ceann de na huirlisí is sine i measc polaiteoirí. Faoin am go raibh an cruinniú idir ceannairí na bpáirtithe comhrialtais thart oíche Dé Luain seo caite bhí $19 milliún aimsithe leis an scéim a mhaoiniú agus stop curtha leis an athbhreithniú.
Tá an chuid eile den tseachtain caite ag cuartú na cúise gur tharla an chonspóid. Botún caidreamh poiblí, a dúradh. Cháin an Taoiseach agus an Tánaiste an bealach gur cuireadh eolas faoin athbhreithniú in iúl do scoileanna. An cheist anois, an mbeifear in ann athbhreithniú nua a dhéanamh gan fearg an phobail a chothú? Nó an gcaithfidh na Roinn Oideachais treo éigin eile a ghlacadh chucu féin leis an obair ar chóras na gcúntóirí a dhéanamh?
Botún mór ag rialtas ar bith nuair a bhíonn orthu dul siar ar chinneadh. Go háirithe agus fothoghcháin rompu faoi cheann roinnt seachtainí. Beidh ceisteanna á gcur faoin mbealach ar láimhseáil an Roinn Oideachais an chumarsáid faoin scéal seo. Ní bheidh comhrialtas a bhfuil tréimhse fhada dá dtéarma rompu go fóill ag iarraidh teannas a chothú faoi cheisteanna a bhaineann le páistí nó daoine aosta. Beidh siad cinnte ag iarraidh líon na mbotún a choinneáil faoi smacht agus u-chastaí a sheachaint.
Fág freagra ar 'Ní maith le polaiteoirí u-chasadh a dhéanamh ach uaireanta ní bhíonn aon rogha acu'