Ní leor Trump a mhaslú; ní mór é a thuiscint

Cuireann Donald Trump i gcoinne luachanna an liobrálachais idirnáisiúnta, mar ní chabhraíonn na luachanna sin leis an sprioc atá aigesean a bhaint amach

Ní leor Trump a mhaslú; ní mór é a thuiscint

Den chuid is mó is saol dubh is bán an saol ina mairimid, gan saindifríochtaí nó miondifríochtaí ar bith. Saol na laochra agus, níos minice, saol na mbithiúnach amach is amach atá ann.

Sin mar atá le Donald Trump. Arracht, brúid, diabhal go deimhin, an t-aon mhíniú faoi atá le déanamh. Ach is míniú é nach dtugann aon tuiscint dúinn ar an bhfear nó ar an saol nua domhanda atá á chruthú aige.

Glacaim féin leis gur arracht is brúid atá ann, ach ní haon eisceacht é i bpolaitíocht Mheiriceá ná i bpolaitíocht an Iarthair. Agus séanaim gur naomh a bhí in Joe Biden is na huachtaráin a chuaigh roimhe: níl rud ar bith naofa faoi cinedhíothú Ghaza, agus chabhraigh tacaíocht rialtas Biden le hIosrael an cinedhíothú sin a dhéanamh.

Ach i gcás Trump, bíonn scéal simplí againn. Baineann olc leis siúd, is baineann maitheas leis na daoine a chuireann ina choinne. Is tíoránach é agus bagairt don daonlathas, dar le Diarmuid Ferriter agus a lán eile. Is amadán é nach dtuigeann cúrsaí geilleagair. Tá sé dall ar luachanna an iarthair (dar leis an ollamh John O’Brennan i Maigh Nuad), is bíonn sé ag cabhrú le faisistigh nó leathfhaisistigh. Agus mar sin is mar sin.

Sa gcomhrá seo, ámh, níl aon iarracht á déanamh a mhíniú cén fáth go nglacann sé an seasamh a ghlacann sé? Sin ceist nach gcuirtear. Meastar gur leor a rá gur duine olc é.

Fear rachmais is ea Trump, gan dabht, ach ba ghiollaí an rachmais freisin iad Biden, Barack Obama, Bill Clinton agus an Páirtí Daonlathach ar fad. Fir chogaidh a bhí sa triúr Uachtarán sin freisin: féach sampla na Libia, na hIaráice, na Siria, agus, ar ndóigh, na Palaistíne.

Fear rachmais é Trump, ach cén cineál rachmais? Sin í an cheist.

Ó dheireadh an dara cogadh domhanda nuair a ghlac Meiriceá máistreacht ar dhomhan an rachmais rinne lucht rachmais Mheiriceá brabús as infheistíocht thar lear, san Eoraip, san Áise agus fiú san Afraic. Chruthaigh siad slabhraí soláthair a bhí riachtanach don déantúsaíocht – domhandú na heacnamaíochta a tugadh air.

Rinne lucht rachmais Mheiriceá a saibhreas ar an gcóras sin, ach cuireadh leis an dúshaothrú ar iarchoilíneachtaí an domhain. Bhí greim láidir ag Meiriceá ar airgead an domhain, agus an dollar á úsáid mar airgeadra malartaithe.

Threisigh titim an Aontais Shóivéadaigh greim Mheiriceá ar an domhan. Ach chuaigh siad thar fóir. Bhain siad leas go hoscailte as a gceannas ar chúrsaí airgid le huirlis pholaitiúil a dhéanamh – smachtbhannaí, reo acmhainní is eile.

Anois tá an troid ar ais faoi lán seoil. Tá na BRICS ann, ag tabhairt malairt airgeadra do thrádálaithe, is tá dúshlán mór roimh iarracht Mheiriceá a cheannas ar an domhan aonpholach a choinneáil.

Drochscéal é sin do lucht an airgid. Ach ní dhéanann Trump a chuid airgid as infheistíocht thar lear. Déanann sé sa tionscal fáilteachais é, agus, chuige sin, tá sé riachtanach go mbeadh airgead i bpócaí an ghnáthMheiriceánaigh le go mbeadh siad in ann é a chaitheamh in óstáin is ionaid fóillíochta Trump.

Tá sé tábhachtach mar sin don chineál rachmais lena mbaineann Trump comhlachtaí déantúsaíochta a thabhairt abhaile go Meiriceá. Chuile rud a dhéanann sé, táillí trádála a chur nó a bhaint, sin é an sprioc atá leis.

Is léir freisin gur mhaith le Trump nach mbeadh sé éasca cibé rud a dhéanfaidh sé a oibriú amach roimh ré. Ach bíonn an sprioc bhunúsach sin i gceist aige i gcónaí. Sin é an fáth go gcuireann sé i gcoinne bunluachanna an iarthair, luachanna an liobrálachais idirnáisiúnta, mar ní chabhraíonn na ‘luachanna’ sin leis an sprioc atá aigesean a bhaint amach.

Tuigeann sé go bhfuil cogadh na hÚcráine caillte, agus, cé gur mhaith leis an socrú is fearr a bhaint as an smionagar (greim ar acmhainní mianraí is tearcithreach na hÚcráine mar shampla), agus cé gur namhad chumhachtach dósan is dá chuid pleananna an ‘Stát Domhain’ i Meiriceá, tuigeann sé nach n-oireann sé dá sprioc leanúint leis an gcogadh.

Teastaíonn uaidh a aird a dhíriú ar an tSín.

Tá seans láidir ann go n-athróidh Trump na coinníollacha trádála idir Éirinn agus Meiriceá an oiread sin nach leanfaí leo. Ach sa chás sin, agus sula dtiteann an spéir agus an talamh ar a chéile, caithfimid ár súile a oscailt agus breathnú ar dheiseanna trádála in áiteacha eile sa domhan.

Mura bhfuil sé ró-eiriciúil, leis an Rúis agus leis an tSín, b’fhéidir?

Sé an t-aon rud atá cinnte nach dtiocfaidh an seanréimeas ar ais má éiríonn le Trump an lámh in uachtar a choinneáil ar a naimhde sa mbaile. Bheadh sé ciallmhar é sin a aithint agus polasaí a chruthú dá réir.

Fág freagra ar 'Ní leor Trump a mhaslú; ní mór é a thuiscint'

  • Pat Butler

    ….. agus nuair a thuigeann tú é, ansin tá sé ‘d’fhiachaibh ort é a mhaslú ó Cheann Slé’ go Charn Uí Néid, agus ar ais, fad a fhágann Dia puth ionat – má tá ribe den féinmheas fágtha agat. Lánstad. Go Lá an Bhráthair. Agus fiú má’s ann, amach ansin fud fad na síoraíochta. Déanta na fírinne. Ar son na fírinne. Ar son áilleacht an ionrachais. Ar son áilleacht an iolrachais. As son bun luacha na sibhialtachta. Ar son an Daonlathais. Agus araile. Agus araile. Agus araile. Agus araile…….