Tá easpa spéise maidir leis an bhfeachtas chun Gaelcholáiste nua a bhunú i mBaile Átha Cliath curtha i leith an Aire Oideachais agus gan an deis tapaithe go fóill aici bualadh le hionadaithe ón bhfeachtas.
Tá an grúpa BÁC 2468 ag éileamh cruinniú leis an Aire le breis is sé mhí anuas chun an plean chun scoil lán-Ghaeilge a dhéanamh de CBS Sráid Synge i ndeisceart na cathrach a phlé ach níor ghlac an tAire Helen McEntee le cuireadh chun cruinnithe go fóill agus níl aon ghealltanas tugtha ach an oiread go mbuailfidh sí leo amach anseo.
Bhailigh os cionn 100 páiste óg ó chúig Ghaelscoil atá páirteach sa bhfeachtas don scoil nua lasmuigh de Theach Laighean an tseachtain seo caite mar chuid d’agóid agus iad ag iarraidh ar an Aire casadh sí le hionadaithe “gan a thuilleadh moille”.
Dúirt príomhoide ó cheann de na scoileanna go bhfuil “an-díomá, frustrachas agus fearg” i measc na mball go bhfuil “neamhaird á déanamh orthu”.
D’iarr an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin ar an Aire bualadh leis an ngrúpa ach arís, níor tugadh aon choimitmint go ndéanfadh sí amhlaidh.
“Impím ar an Aire Oideachais Helen McEntee bualadh leis an bhfeachtas gan mhoill, mar a gheall sí féin agus an t-iarAire Norma Foley,” a dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc. “Is léir dom óna freagra ar mo cheist parlaiminte faraor nach bhfuil aon spéis aici déanamh amhlaidh.”
Dúirt Ó Snodaigh gur léirigh an agóid is déanaí ó BÁC 2468, atá i mbun feachtais ó 2021, an t-éileamh atá ann do Gaelcholáiste nua ach gur léiriú freisin a bhí ann ar an bhfrustrachas atá orthu siúd atá á iarraidh.
“Ní chóir go mbeadh ar dhaltaí bunscoile léirsiú ar na sráideanna chun a gcearta a fháil,” a dúirt Ó Snodaigh.
Fógraíodh mí Mheán Fómhair seo caite go raibh scoil comhoideachais lán-Ghaeilge le déanamh de CBS Sráid Synge ach tá míshástacht léirithe faoin bplean agus faoin easpa eolais ón Roinn ó shin.
Cé go raibh sé i gceist ar dtús go mbeadh gach dalta sa scoil ag fáil a gcuid oideachais go hiomlán trí Ghaeilge ó thús na bliana scoile 2026/27, fógraíodh ó shin go nglacfaí le rang a mhúinfí trí Bhéarla agus go mbeadh na daltaí a chláródh don oideachas lán-Ghaeilge á lonnú i bhfoirgneamh ar leith ar an gcampas.
Deir Ó Snodaigh go bhfuil “nithe praiticiúla” le réiteach go fóill.
“Agus rang nua trí Bhéarla anois chun tosú in éineacht leis an rang nua trí Ghaeilge, caithfear oibriú amach cá mbeidh an spás don dá dhream, fadhb nach raibh le sárú nuair a bhí an plé dírithe ar dhream lán-Ghaeilge amháin a bheith ag tosú in 2026, gan trácht ar conas áiseanna a roinnt amhail an clós, na múinteoirí agus socruithe chun an áit a ullmhú le bheith comh-inscneach.
“Teastaíonn gníomhú ón Aire McEntee, agus ba chóir di ar a laghad an meas atá tuillte ag na tuismitheoirí a léiriú agus bualadh leo.”
Sa bhfreagra a thug an tAire ar cheist an Teachta Uí Shnodaigh, dúradh go raibh an tAire “tiomanta go hiomlán” do bhunú Gaelcholáiste nua i ndeisceart na cathrach.
Dúradh go raibh an roinn ag obair faoi láthair le hIontaobhas Scoileanna Éamainn Rís agus le bainistíocht na scoile chun a chinntiú go mbeidh plé “leanúnach agus soiléir ann” le foireann CBS Sráid Synge.
“Is éard atá i gceist leis an bplé seo ná dul i gcomhairle le foireann agus bainistíocht na scoile agus machnamh a dhéanamh ar na céimeanna praiticiúla a theastaíonn ó phobal na scoile agus iad ag obair i dtreo teagasc agus foghlaim a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Ní mór soláthar a dhéanamh freisin do na scoláirí sin atá ag foghlaim trí Bhéarla faoi láthair agus iad siúd atá ag ullmhú do scrúduithe Stáit.”
Dúradh go raibh comhairliúchán mar chuid den phróiseas agus go gcuirfí cruinniú leis an ngrúpa BÁC 2468 “san áireamh sa chomhthéacs seo”.
Fág freagra ar '‘Ní chóir go mbeadh ar dhaltaí bunscoile léirsiú ar na sráideanna chun a gcearta a fháil’'