Níl aon fhuascailt ar an achrann faoi ionad síochána

Dhá bhliain déag ó shin chuir an DUP stop le plean Stormont chun ionad síochána a thógáil sa Cheis Fhada

Níl aon fhuascailt ar an achrann faoi ionad síochána

Busanna, carranna, scata turasóirí ar na sráideanna ar a bhfuil na múrphictiúir pholaitiúla agus tacsaithe pacáilte ag triall ar cheantair inar tharla uafáis. ‘Turasóireacht na dTrioblóidí’ agus an-ráchairt uirthi.

Déanann roinnt treoraithe a ndícheall insint chruinn a thabhairt dá gcustaiméirí ach ní hamhlaidh an scéal i gcónaí, ní nach ionadh. Fiontraíocht phríobháideach den chuid is mó ag soláthar seirbhísí a bhfuil teipthe glan ar Stormont déileáil leo. Easaontas idir an DUP agus Sinn Féin faoi ndear an phairilis.

Dhá bhliain déag ó shin chuir an DUP stop le plean Stormont chun ionad síochána a thógáil ar An Mhaigh/An Cheis Fhada agus mar fhreagra chuir Sinn Féin stop le forbairt ar bith eile ar an eastát. Dá réir, níl aon láthair lárnach léirmhíniúcháin ar an stair i dTuaisceart Éireann. Ina theannta sin bhí stop curtha le tógáil staid spóirt roimhe sin, a iarmhairt á brath inniu. De dheasca na n-easaontas tá eastát mór poiblí chóir a bheith dearóil agus plean athnuachana £300 milliún reoite.

Coinníodh paraimíleataigh, idir phoblachtánaithe agus dílseoirí, le linn na dTrioblóidí i bpríosún na Ceise Fada a bhí ar eastát beagnach 350 acra. Bhí an t-eastát ar cheann de na hacmhainní a bronnadh ar Fheidhmeannas Stormont chun dlús a chur le forbairt an gheilleagair abhus. Dúnadh an príosún in 2000, leagadh go leor de na foirgnimh ach caomhnaíodh H-Bhloc amháin, túr faire agus ospidéal an phríosúin ina bhfuair stailceoirí ocrais poblachtánacha bás i 1981.

D’aontaigh Sinn Féin agus an DUP plean d’ionad síochána agus réiteach coimhlinte i bhfoirgnimh an phríosúin, fostaíodh an t-ailtire cáiliúil Daniel Libeskind chun é a phleanáil. Bunaíodh comhlacht forbartha (Maze Long Kesh Development Corporation) don eastát; maíodh go bhféadfaí infheistíocht £800 milliún a fháil agus suas le 14,000 post a chruthú.

Bhí staid ilspóirt comhroinnte le tógáil ar an láthair do Chumann Lúthchleas Gael, Rugbaí Uladh agus Sacar Thuaisceart Éireann. Bhí spás do 45,000 le bheith ann ach dhiúltaigh cuid den lucht sacair agus an DUP don bplean a caitheadh i dtraipisí in 2009. Tógadh staid rugbaí agus forbraíodh Páirc Windsor ach tá Páirc Mhic Easmuinn dearóil agus an chonspóid faoin mhoill ag géarú.

Ba é an t-ionad síochána an chnámh spairne ba mhó. Sinn Féin a bhí á iarraidh ach chosain an DUP an plean i dtosach báire. Chuaigh Peter Robinson, ceannaire an pháirtí ag an am agus Edwin Poots, a bhí ina Theachta do Ghleann an Lagáin ina bhfuil an Cheis Fhada, ar theilifís agus meáin eile ag diúltú do cháineadh gur “scrín in ómós do sceimhlitheoirí (an IRA)” a bheadh ann.

Nuair a treisíodh ar an mbrú ón UUP, TUV, Ord Oráisteach agus roinnt san DUP féin, áfach, ghéill Peter Robinson. Ina u-chasadh gan choinne i mí Lúnasa 2013 tharraing sé amach as an margadh faoin ionad síochána/léirmhíniúcháin ag rá go raibh cuimhneacháin Shinn Féin ar bhaill den IRA ag cothú teannais agus mímhuiníne. Ba é freagra a LeasChéad-Aire, Martin McGuinness, Sinn Féin, nach ndéanfaí aon fhorbairt eile in eastát na Ceise Fada d’uireasa an ionaid. Sin mar atá fós cé is moite den seó talmhaíochta uair sa bhliain agus músaem beag eitleoireachta ar an láthair.

Le déanaí cháin an t-ailtire Daniel Libeskind an argóint faoi ómós do sceimhlitheoirí; caint sheafóideach ar sé. A mhalairt a bhí i gceist aige, arsa Libeskind, a dhear Ground Zero, ionad cuimhneacháin 9/11 i Nua-Eabhrac agus an músaem Giúdach i mBeirlín. Tá aontachtaithe naimhdeach don ionad i gcónaí áfach; ní fada ó dúirt Paul Givan, an tAire Oideachais ón DUP in Stormont, go raibh an láthair ‘truaillithe’ toisc gur coinníodh foirgnimh phríosúin.

Is furasta imní íobartach faoi mhóradh an fhoréigin a thuiscint ach is iomaí sampla ar fáil d’ionaid ina seachnaítear é sin. Ba cheart go mbeadh saineolaithe in ann ionad léirmhíniúcháin bunaithe ar scothchleachtas a thógáil agus míshuaimhneas a chiúnú. Tá tairiscintí déanta go nglacfadh músaem freagracht as an obair ach ní léir go bhfuil aon réiteach á phlé ag Sinn Féin agus an DUP.

Tá an brú chun tabhairt faoi obair forbartha ag méadú agus géarghá léi. Tá go leor díobh sin atá ag iarraidh gnímh ag seachaint na ceiste faoin údar aighnis. Níl aon fhuascailt ar an achrann tairgthe, tost faoi scáth na Ceise Fada. Tá acmhainn luachmhar á cur amú agus airgead á chaitheamh ar chothabháil in áit a bheith ag saothrú maoine.

Fadhb pholaitiúil is ea an t-easaontas agus réiteach polaitiúil idir Sinn Féin agus an DUP atá riachtanach. Comhartha sóirt ar éagumas Stormont, ar easpa tathaig is ea an mhoill fhada; tá grianghrafanna gealgháireacha agus an gairdeachas faoi Rory McIlroy go deas ach tá sé in am a dhul i ngleic le cruacheisteanna.

Fág freagra ar 'Níl aon fhuascailt ar an achrann faoi ionad síochána'