Bhí R. ar an gcéad chomháitritheoir a casadh ar mo mháthair nuair a bhog mo mham isteach san ionad cúraim do dhaoine a bhfuil Alzheimer orthu, dhá bhliain go leith ó shin.
Bean lách as oirthear na hÍsiltíre í R., gan aon chur i gcéill ag baint léi mar is dual do mhuintir na mbólaí sin. Tá sí i lár na n-ochtóidí, rud beag níos sine ná mo mháthair, ach ní hionann agus mo mham, i gcás R. níl an galar Alzheimer ach ina thús. Tá cónaí uirthi ar urlár na talún, buailte ar an ngairdín, agus is sa ghairdín sin a casadh orainn í an chéad mhaidin sin agus is ann a chastar orainn í go minic nuair a théimid amach ar shiúlóidín.
Tá cosúlacht fhisiciúil aisteach idir an bheirt acu; bíonn R. ag magadh gur deirfiúracha iad agus d’fhás dáimh eatarthu dáiríre. Níl an focal ‘cairdeas’ in úsáid agam anseo d’aon ghnó. Teastaíonn cumarsáid bhéil chun cairdeas a bhunú agus níl ar chumas mo mháthar í féin a chur in iúl trí mheán na bhfocal a thuilleadh; is í an afáise an siomptóm is suntasaí den ghalar atá uirthi.
Ach tuigeann siad a chéile ar leibhéil eile. Ar leibhéal na mothúchán agus, más fíor do R., ar leibhéal spioradálta. Creideann R. i nDia agus – go háirithe – in aingil.
An lá cheana nuair a thug mé mo mham amach chun aghaidh le gréin a dhéanamh ar mhaithe le dáileog den vitimín D, bhí R. romhainn sa ghairdín agus bhí leabhar urnaí ina glac, seanleabhairín agus clúdach donn leathair air, agus ní raibh muid ach inár suí síos in aice léi nó rug mo mháthair ar an leabhar. Theastaigh uaithi an leabhar a chuimilt.
Níor tógadh mo mháthair le creideamh ach chuireadh mo sheantuismitheoirí í féin agus a cuid deirfiúracha chuig scoil Domhnaigh theampall protastúnach an bhaile ionas go mbeadh cúpla uair an chloig dóibh féin acu uair sa tseachtain agus ionas nach gcaillfeadh a mbácús gnó na gcreidmheach. Níor léirigh mo mháthair aon spéis i gcúrsaí creidimh ó shin agus is cinnte nár spreag sí a leithéid ina clann, ach ó am go chéile bhaineadh sí úsáid as leaganacha cainte ar nós ‘Nuair a bheidh mé ar Neamh …’, ráitis bheaga a thugadh orm a cheapadh gur fhág na maidineacha Domhnaigh sin sa teampall protastúnach lorg éigin uirthi.
Agus an leabhar urnaí á chuimilt ag mo mháthair rug R. ar lámha mo mham, bhrúigh a baithis i gcoinne bhaithis mo mham agus thosaigh ag caint faoi aingil. Dhírigh sí a méar ar chleite colúir a bhí ina luí in aice linn agus dúirt gur chomhartha é sin go raibh aingeal in aice láimhe.
D’éirigh mo mháthair corraithe agus rug ar chluasa a siúladáin, ag iarraidh éirí, ach dúirt mé léi fanacht tamall, ní raibh muid ach tar éis suí síos agus lena chois sin, an fhoireann as an áireamh, is í R. an t-aon duine san ionad cúraim ar fad a dhéanann iarracht teagmháil de chineál éigin a choinneáil le mo mham. Ní hé nach maith leis an gcuid eile de na háitritheoirí mo mháthair, ach toisc nach féidir léi comhrá a dhéanamh ní bhacann siad léi. Measaim gur chóir do mo mham iarracht éigin a dhéanamh a bheith sóisialta agus bíonn drogall orm éirí a luaithe is a éiríonn sí corrthónach.
Ach theastaigh ó mo mháthair éirí dáiríre. Ghabh mé mo leithscéal le R. as imeacht linn mar sin, faoi dheifir, agus chuaigh muid isteach. Bhí mo máthair an-chorraithe. Thuas ar an tríú hurlár, thug duine de na haltraí faoi deara ar an bpointe boise go raibh rud éigin cearr agus mhínigh mé di céard a bhí tar éis tarlú.
‘Seans nár thaitin sé léi gur bhrúigh an bhean eile sin a baithis i gcoinne a baithise,’ a dúirt an t-altra. ‘Ní thaitneodh sé sin liomsa ach oiread.’
Rith sé sin liomsa freisin. Ach uaireanta, beireann mo mham ar lámh R. as a stuaim féin; cé go bhfuil i bhfad níos mó dochair déanta ag galar Alzheimer d’intinn mo mháthar ná d’intinn R., ní dáimh aontreoch an dáimh eatarthu.
‘Ach sa chás sin, is í do mháthair a chuireann tús leis an teagmháil fhisiciúil,’ a dúirt an t-altra, agus lean muid orainn leis an gcluiche buille-faoi-thuairim; toisc nach bhfuil an chaint ag mo mháthair a thuilleadh ní féidir linn ach iarracht a dhéanamh brí a bhaint as a cuid cumarsáide neamhbhriathartha.
Ar feadh lae nó dhó i ndiaidh na heachtra, bhí mo mháthair níos ciúine fós ná mar is dual di.
Casadh an t-altra céanna orainn sa phasáiste.
‘Shílfeá go bhfuil brat bróin uirthi,’ a dúirt sí liom.
‘An bhfuil faitíos ort roimh rud éigin?’ a d’fhiafraigh mé de mo mham nuair a bhí muid inár suí i gcúinne ciúin, ag ól tae.
Focal ní raibh aisti agus ní raibh mé in ann bun ná barr a dhéanamh den fhéachaint ina cuid súl, súile a bhí folamh ach, ag an am céanna, dírithe go teann ormsa.
Tráthnóna inné, bhí pé rud a bhí uirthi imithe agus bhí fonn uirthi dul amach sa ghairdín. Ní raibh R. romhainn, bhí solas órga ar dhuilliúr úr na gcrann agus shiúil muid píosa beag níos faide ná mar is gnáth linn.
Fág freagra ar '‘An bhfuil faitíos ort roimh rud éigin, a mhamaí?’'