Ní leor cuma an aontais in Stormont chun soiniciúlacht faoi easpa gnímh a mhaolú

Tá clár rialtais le foilsiú ar deireadh thiar thall ach tá géarghá le gníomhartha agus mí na meala thart in Stormont

Ní leor cuma an aontais in Stormont chun soiniciúlacht faoi easpa gnímh a mhaolú

AChéad-Aire agus LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill agus Emma Little-Pengelly. Pic: Leon Farrell/RollingNews.ie

Ceannairí na bpáirtithe i bhFeidhmeannas Stormont os comhair na gceamaraí le dea-scéal. Déardaoin a d’fhógair na hairí Michelle O’Neill, Emma Little-Pengelly, Naomi Long agus Mike Nesbitt go raibh clár rialtais do na blianta amach romhainn aontaithe.  

Bhí sé thar am acu. Breis is seacht mí ó shin ba mhór an faoiseamh é nuair a athbhunaíodh Stormont. Bhí súil go ngabhfadh polaiteoirí áitiúla i ngleic le fadhbanna an phobail, nó le cuid acu ar aon nós. Sular chinn an DUP go gcuirfeadh sé deireadh lena bhaghcat, bhí na páirtithe ag maíomh go mbeidís ar a mbionda i mbun oibre chomh luath géar agus a d’athbhunófaí an Tionól. 

Ba bheag dá chosúlacht ar an scéal go dtí seo.  

Bhí na híomhánna go deas. Chothaigh pictiúir den Chéad-Aire agus LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill agus Emma Little-Pengelly, i bhfochair a chéile ag imeachtaí trasphobail muinín go mbeadh an Feidhmeannas stairiúil nua inmharthana. Bhí gá leis na taispeántais sin i bhfianaise easpa seasmhachta Stormont go dtí sin agus amhras ann an nglacfadh aontachtaithe le Sinn Féin sa chéad-aireacht den chéad uair.  

Ach ní leor cuma an aontais chun soiniciúlacht faoi easpa gnímh a mhaolú. Bhí go leor den bharúil nach raibh siad in ann clár oibre a aontú agus muinín is dóchas ag feo le himeacht ama. Tá cinntí crua le déanamh agus ní shásóidh fuarchaoineadh faoi easpa maoinithe ó Westminster: gan dabht tá tuilleadh maoine de dhíth ach tá céimeanna is féidir a ghlacadh leis an mbuiséad atá acu.  

Gníomhartha a éilíonn daoine atá ag fanacht le cóir leighis, le teach cónaithe, áit ar scoil, a bheith in ann páistí a bheathú nó an scannal faoi thruailliú uisce a leigheas. 

Ceannlínte faoi phrionsabail nó tosaíochtaí a nochtadh nuair a rinne na hairí ó cheithre pháirtí an Fheidhmeannais an fógra Déardaoin go raibh clár aontaithe acu. Cuirfear an plean faoi bhráid na dTeachtaí Tionóil Dé Luain agus cloisfidh an pobal na sonraí ina dhiaidh sin.  

Dúirt siad go bhfuil an clár bunaithe ar naoi gcinn de thosaíochtaí. Is iad sin: forbairt eacnamaíochta; cúram leanaí inacmhainne a sholáthar agus línte feithimh leighis a chiorrú; foréigean ar mhná agus cailíní a stop; tacaíocht do pháistí agus ógánaigh le riachtanais speisialta oideachais a fheabhsú; níos mó tithe a sholáthar; comharsanachtaí níos sábháilte; Loch nEathach agus an timpeallacht a chosaint; agus seirbhísí poiblí a athchóiriú. 

Ní bhfaighidh éinne locht ar na prionsabail. Ach céard is brí leo? Tá an obair riachtanach thar a bheith dúshlánach ach caithfear spriocanna a leagan síos. Deir ceannaire an fhreasúra, Matthew O’Toole an SDLP, go bhfuil gá le clár ama. An bhfuil aidhm aontaithe maidir leis an líon daoine a bhainfear de liostaí feithimh taobh istigh d’achar áirithe? An bhfuil buiséad ar leith leagtha amach don chuspóir sin agus plean le foireann bhreise a earcú? a d’fhiafraigh O’Toole. Beidh an pobal ag súil le freagraí dearfacha ar na ceisteanna sin agus go leor eile ag tús na seachtaine seo romhainn. Cuirfear an plean amach le haghaidh comhairliúchán poiblí agus deis ag daoine moltaí a dhéanamh. 

Ní mór don bhFeidhmeannas gníomhú fiú sula mbeidh críoch leis an gcomhairliúchán. Cháin tuarascáil ón ngrúpa Pivotal iad le déanaí faoin mhoill ar chlár rialtais ag rá go mba easnamh an-mhór é. I ngeall ar thitim Stormont faoi dhó ní raibh clár rialtais acu ón tréimhse 2011-2015. Má táthar chun muinín a chothú sa chóras agus má táthar chun feidhmiú go héifeachtach mar Fheidhmeannas díláraithe, caithfidh Michelle O’Neill agus Emma Little-Pengelly a chinntiú go bhfuil téagar sa phlean rialtais agus go ndéanfar monatóireacht ar conas mar atá sé á chur i bhfeidhm.  

Tá téarma na tástála buailte leo, tá mí na meala thart. Ní dhéanfaidh briathra binne ná pleananna ar an tseilf an gnó feasta. 

Fág freagra ar 'Ní leor cuma an aontais in Stormont chun soiniciúlacht faoi easpa gnímh a mhaolú'