Comórtais an Oireachtais, seó grinn Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus Naomh Bríd á ceiliúradh i gCill Dara

Sa cholún seo tá moltaí ag Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

Comórtais an Oireachtais, seó grinn Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus Naomh Bríd á ceiliúradh i gCill Dara

FÉILTE

 

Iarratais á lorg do na comórtais Ardáin ag Oireachtas na Samhna

Tá Oireachtas na Gaeilge ag glacadh le hiarratais ar Na Comórtais Ardáin 2024 ag Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl ón 30 Deireadh Fómhair go dtí an 3 Samhain.

Tríocha comórtas ardáin ar fad a bheidh ar siúl, idir an damhsa ar an sean-nós do dhaoine óga agus daoine fásta, lúibíní, agallaimh bheirte agus neart eile. Is féidir clár na gcomórtais a fheiceáil agus iontráil a dhéanamh ar líne anseo ag Comórtas Ardáin 2024, nó má theastaíonn cóip chrua den fhoirm iontrála uait, déan teagmháil le Oireachtas na Gaeilge ag eolas@antoireachtas.ie nó ar 091 572 545. An spriocdháta iontrála ná Dé hAoine, an 4 Deireadh Fómhair 2024.

‘Smidiríní’ – seó grinn as Gaeilge ag Féile Imill Bhaile Átha Cliath

 Beidh Féile Imill Bhaile Átha Cliath (Dublin Fringe Festival), féile a dhéanann ceiliúradh ar shaothar ealaíne ‘ar an imeall’, ar bun ón Satharn, an 7 Meán Fómhair, go dtí an Domhnach an 22 Meán Fómhair. Gealltar go dtabharfar tosaíocht sa gclár do léirithe dána, nuálacha atá ag iarraidh múnlaí nua a chruthú san amharclannaíocht, sa gceol agus sna hamharcealaíona.

Ar chlár na bliana seo tá an fuirseoir Julie Jay agus a seó grinn i nGaeilge, Smidiríní. Insint atá ann, a deirtear linn, ar an “streachailt” a bhíonn ag bean mhisniúil mhílaoiseach agus í ag iarraidh coinneáil le sruth an tsaoil is a bheith ‘ábhartha’.

Dáiríre, bíodh an fheamainn ag na ‘haters’, a deir Julie Jay linn!

Chomh maith leis an teiripe Tik Tok, labhraíonn sí sa seó faoi rollaí liamháis agus cáise, faoi mhálaí chips, agus faoi dheochanna oráiste.

Tá ticéid ar fáil anseo. 

Comhdháil faoi shaol agus saothar Naomh Bríd i gCill Dara

 Saol agus saothar bean réamh-mhílaoiseach a bheidh ar siúl i gCill Dara ag an gcomhdháil ‘Brigid’s Worlds’. Comhdháil dhá lá atá inti a bhreathnóidh ar shaol agus ar shaothar Naomh Bríd agus ar a hEaglais i gCill Dara idir an 5ú agus an 9ú céad. Beidh an chomhdháil ar bun in Ollscoil Mhá Nuad ar an 13 agus an 14 Meán Fómhair.

I measc na gcainteanna a bheidh ar bun, beidh ‘The significance of ‘Brigit’ le David Stifter. Beidh Dorothy Ann Bray ag caint ar Lá’l Bríde agus Féile Imbolg, is labhróidh Edel Bhreathnach ar thábhacht an athraithe ó chreideamh amháin go creideamh eile i saol Naomh Bríd.

Tá an chomhdháil á reáchtáil mar chuid de chomóradh 1500 bliain Naomh Bríd, togra a bunaíodh chun buanú a dhéanamh ar oidhreacht chultúrtha agus shóisialta an naoimh. Ní mór áit a chur in áirithe chun freastal ar an gcomhdháil. 

Féile Pobail Inspioráide Aeráid na Gaillimhe

Beidh féile nua ar bun i gCathair na Gaillimhe ón 12-15 Meán Fómhair a bhfuil sé d’aidhm léi aird a tharraingt ar chúrsaí aeráide i nGaillimh ar bhealach dearfach. Cuirfear trí lá imeachtaí ar bun in ionaid éagsúla ar fud na cathrach mar chuid den fhéile ‘Inspioráid Aeráide – Pobail i mBun Gnímh’.

I measc na bpríomhimeachtaí beidh ‘Sráideanna Spraíúla’ ar bun sa tSráid Láir. Beidh cluichí, léiriú sráide, sorcas agus ceol ar bun i rith an lae agus beidh an tsráid dúnta do charranna i rith na hócáide. Cuirfear sraith cainteanna agus díospóireachtaí ar bun sa Taibhdhearc ar an Satharn.

Beidh iar-Uachtarán na hÉireann, Mary Robinson sa Taibhdhearc agus í ag caint le Philip Boucher Hayes faoin obair aeráide atá idir lámha aici agus beidh ceol le John Spillane le cloisteáil ar an Satharn.

An féidir greann a bhaint as an apacailipsis aeráide? Beidh le feiceáil ag an seó grinn ‘Climate Worrier’ le Colm O’Regan.

Gach eolas agus áirithintí le fáil anseo.

Ainm Cleite – féile na bhfilí agus na scríbhneoirí

Beidh Ainm Cleite, ‘féile na bhfilí agus na scríbhneoirí’, ar bun i gCeantar na nOileán i gConamara ón 13 -15 Meán Fómhair. Tugann an fhéile seo aitheantas don Ghaeilge agus do chumas an phobail a bheith chun cinn i gcaomhnú na teanga.

Tá clár leathan imeachtaí leagtha amach do dheireadh seachtaine na féile. Is é Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha a bheidh ina fhear an tí ag seoladh na féile ar an Aoine, an 13 Meán Fómhair. Bronnfar Gradam Ainm Cleite ar an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile agus Gradam Tom a’ tSeoighe ar Chiarán Ó Fátharta.

Seolfar ábhar béaloidis Ó Ghlúin go Glúin ag an ócáid freisin, saothar a tháinig as togra a bhí ar bun le páistí bunscoile an cheantair. Seolfar an leabhar 1, 2 Spraoi chomh maith, saothar ó Scoil Thír an Fhia a rinneadh i gcomhpháirt leis an eagraíocht scríbhneoireachta Fighting Words.

Ceardlanna, léamha, seoltaí leabhar agus ceol beo, cuid de na himeachtaí atá ar chlár na féile. Tá gach eolas anseo.

Fág freagra ar 'Comórtais an Oireachtais, seó grinn Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus Naomh Bríd á ceiliúradh i gCill Dara'