Todhchaí gan dóchas ag na mílte atá damnaithe ag an gcóras tithíochta mífheidhmiúil

Ni féidir a shéanadh ach gur córas mífheidhmiúil é córas na tithíochta – easpa soláthair, praghsanna ag dul in airde, daoine gafa sa gcóras cíosa, creach-chistí, rialacha místuama morgáiste agus níos mó agus níos mó gan dídean ar bith acu

Todhchaí gan dóchas ag na mílte atá damnaithe ag an gcóras tithíochta mífheidhmiúil

Is cosúil nach bhfuil deireadh leis an ngéarchéim tithíochta, in ainneoin dea-chaint an rialtais. Tá costas morgáiste is cíosa araon ag dul in airde, is níl aon réiteach go fóill ar an soláthar áiteacha cónaithe, de réir na bhfigiúirí is deireanaí.

Chuaigh praghsanna tithe i mBaile Átha Cliath i mí Iúil in airde 9.3% agus 8.6% go náisiúnta. Tá na harduithe ollmhóra seo ar phraghsanna tithe sa mhullach ar na praghsanna arda atá ar thithe cheana féin. Tá praghsanna tithe 10% níos airde anois ná mar a bhí ag buaic an Tíogair Cheiltigh.

Anois tá tuairisc eile a deir go bhfuil an ghéarchéim tithíochta in Éirinn ‘ar leibhéal difriúil’ agus beagnach ceathrar de mhéadú ar an daonra do gach teach nua a thógtar. Deirtear i dtuarascáil Savills go bhfuil an cóimheas is measa idir soláthar tithíochta agus fás daonra in Éirinn i gcomparáid le naoi dtír ardioncaim eile ar bhreathnaigh siad orthu.

Tá cúiseanna ar leith ag Éirinn leis seo – borradh daonra nádúrtha, inimirce ard mar gheall ar fhás láidir eacnamaíochta, agus saincheisteanna struchtúrtha oidhreachta a d’eascair as tuairteáil an Tíogair Cheiltigh – a mhíníonn cén fáth go bhfuil an cóimheas soláthair agus daonra is measa ag Éirinn, dar le lucht na tuarascála.

Is in olcas mar sin atá an scéal ag dul, agus le polasaithe an rialtais mar atá ní cosúil go bhfuil aon réiteach i ndán dúinn.

Cén fáth?

Roimhe seo, sna 1940idí, sna 1950idí agus 1960idí is eile ba é an stát a chuir an t-airgead ar fáil le go dtógfaí tithe. Agus bhí foireann oibre faoi leith ag na comhairlí áitiúla chun an obair a dhéanamh ar an gcaighdeán ab fhearr. Fuarthas réiteach ar ghéarchéimeanna na linne sin dá bharr.

Ach anois deir an rialtas gur ar an earnáil phríobháideach atá an dualgas tithe a thógáil, is bíonn a gcuid polasaithe dírithe ar infheisteoirí, tógálaithe is úinéirí talún a mhealladh chun an jab a dhéanamh.

Ach ní ar son riachtanais na ndaoine a oibríonn na fórsaí sin ach chun brabús a dhéanamh, agus bíonn gach dream ag gach leibhéal den chóras ag iarraidh an brabús is mó a dhéanamh dóibh féin.

Sé an toradh ná nach leor an líon tithe atá ar fáil, is mar gheall air sin go mbíonn an cíos ag dul in airde, praghsanna tithe ag dul in airde, agus é ag éirí nós deacra morgáiste a fháil.

Gan dabht, cuireann córas místuama ciotrúnta pleanála leis na deacrachtaí soláthair is leis na praghsanna arda.

Ach cuirtear go mór leis seo go léir toisc go gceadaítear do chreach-chistí teacht isteach agus tithe a cheannach toisc gur mó i bhfad a gcuid acmhainní ná mar atá ag an ngnáthdhuine.

Maidir le morgáistí, ar ndóigh, is seafóideach an rud é gur féidir le duine os cionn míle euro sa mhí a íoc go rialta i gcíos ar feadh roinnt blianta ach nach n-aithnítear sin lena chruthú go bhfuil ar do chumas an morgáiste a aisíoc – cé gur minic gur lú an morgáiste ná an cíos.

Agus iad siúd atá ag íoc cíosa sa mhargadh phríobháideach, is ar éigean go bhfuil aon chosaint acu. Díshealbhú san earnáil sin atá ag cur go mór le líon na ndaoine nach bhfuil aon dídean acu. Agus nuair a bhainfear aois phinsin amach beidh orthusan atá fós ag íoc cíosa cíos an mhargaidh a íoc as ioncam laghdaithe.

Ni féidir a shéanadh ach gur córas mífheidhmiúil é seo – easpa soláthair, praghsanna ag dul in airde, daoine gafa sa gcóras cíosa, creach-chistí, rialacha místuama morgáiste, níos mó agus níos mó gan dídean ar bith acu.

Léiríonn pobalbhreitheanna gurb í fadhb na tithíochta an t-ábhar polaitiúil is mó a chuireann buaireamh ar dhaoine, ach léiríonn na pobalbhreitheanna céanna go bhfuil an pobal sásta vótaí a thabhairt do pháirtithe an rialtais cé gur léir go leanfaidh siad leis na polasaithe teipthe seo má fhilleann siad i mbun rialtais.

Mura bhfuil tú sásta leis an gcóras mífheidhmiúil atá ag damnú na mílte go todhchaí gan dóchas, caithfear rogha a aimsiú, agus sé an t-aon rogha atá ar fáil ná rialtas faoi cheannas Shinn Féin.

Níl a fhios agamsa an seasfaidh Sinn Féin an fód agus iad i mbun rialtais agus iad faoi bhrú ó lucht an airgid, ach tá a fhios agam nach bhfuil aon réiteach ar fhadhb na tithíochta mura gcuireann muid na polasaithe atá á moladh acu faoi láthair i bhfeidhm:

Airgead stáit a chaitheamh le tithe sóisialta is inaisíoctha a thógáil ar thalamh an stáit a fhanfas i seilbh an stáit, tithe le ceannach agus le fáil ar cíos faoin gcóras difreálach a laghdaíonn an cíos má laghdaítear an t-ioncam.

Fág freagra ar 'Todhchaí gan dóchas ag na mílte atá damnaithe ag an gcóras tithíochta mífheidhmiúil'

  • JP

    Fanaim in árasán os cionn siopa istigh i lár Páras de ghnáth.
    Thuas ar an tríú urlár atá sé.
    Gan aon ardaitheoir ach staighre cúng marmair.
    Is minic a ritheann sé liom go mbeadh dearg-thoirmeasc ar a leithéid seo in Éirinn.
    Mar gheall ar na rialacha dochta daingne do-lúbtha.
    Na rialacha dochta sin is bun le cuid mhór den easpa tithíochta in Éirinn, rud a fhágann go bhfuil folmhú déanta ar lár na gcathracha agus na sráidbhailte i ngach áit.
    Baol tine ar bharr an liosta ag na húdaráis.
    Ach cad faoi fhreagracht an duine féin?
    Sa bhFrainc agus san Eúróip i gcoitinne tuigtear nach mór don duine bheith stuama airdeallach istigh AGUS amuigh, nach mór dó freagracht a ghlacadh as féin, bheith ciallmhar agus gan iomarca alcóil nó drugaí a chaitheamh siar agus é i mbun cócaireachta mar shampla, nó roimh dhul a chodladh dó.
    Agus an gás nó an tine a mhúchadh, cuir i gcás.
    Ciall a bheith agat.
    Tuigtear gur sa duine féin is mó atá an dainséar.
    Go háirithe nuair atá sé ar mire le drugaí, deoch nó meascán mearaí eile, faoi mar bhíonn go minic.
    In ainneoin méid agus líon na rialacha dochta daingne do-lúbtha

  • JP

    Tharla gur dódh athair agus mac ina mbeatha in árasán a chuaigh trí thine.
    Ar an dara urlár a bhí an t-árasán, os cionn siopa.
    I gcathair Shligigh a tharla sé sin na blianta siar.
    Bhí an bheirt acu ‘concálta amach’ t’réis ragairne trí lá agus trí oíche a dhéanamh.
    Níor oibrigh an t-alárm fiú agus an áit ar fad ina bladhm lasrach.
    Ciontaíodh agus cúisíodh an tiarna talún.
    Na héadaí leapan a thóg an tine ón Superser, de dheáraimh.
    Sa scrúdú iarbháis fuaireadh go raibh méid as cuimse cócaoin agus alcóil ina gcuid fola, lán na beirte acu.
    Bunaíodh na rialacha go léir maidir le hárasáin srl ar an eachtra sin amháin. Déantar tagairt ar leithligh dó sa rialachán.
    Dá mbeadh an t-alárm ag feidhmiú mar ba chóir an mbeadh sé cloiste acu?