Is dóigh leis an bhfear a chuir an banna ceoil iomráiteach Coldplay i láthair breis agus 81,000 duine as Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo caite gur tugadh ardán níos mó don Ghaeilge ag na ceolchoirmeacha sin ná mar a tugadh ag aon ócáid, idir cheol agus spórt, i gceannáras Chumann Lúthchleas Gael le fada an lá.
Dúirt Darach Ó Tuairisg, stiúrthóir an chomhlachta drámaíochta Fíbín, gur airigh sé go raibh an slua ar labhair sé féin leo oíche Dé hAoine “thar a bheith sásta” gur i nGaeilge a labhair sé.
“Dúradh na rudaí céanna i mBéarla sula ndúirt mé féin i nGaeilge iad, an ‘it’s our pleasure to welcome Coldplay to the stage’ agus an cineál sin ruda. Bhí an slua ag béiceach ach ansin dúirt mé féin i nGaeilge é agus bhí a dhá oiread béiceach ann.
“Thaispeáin sé go raibh tuiscint ag an mbanna ceoil ó thaobh cúrsaí teanga de. Bhí buy-in iomlán ag an lucht féachana ann, agus ba léir go raibh siad an-sásta leis na hiarrachtaí a rinne Coldplay chuile shórt a chur go dátheangach,” a dúirt Ó Tuairisg le Tuairisc.
Shíl sé go raibh níos mó Gaeilge in úsáid “ag leibhéal oifigiúil” ag an ócáid ná mar a bhíonn ag ócáidí eile i bPáirc an Chrócaigh.
“Bhraith mé cinnte go raibh níos mó Gaeilge ann agus go raibh iarracht níos mó á déanamh ná mar a dhéanfadh Cumann Lúthchleas Gael an teanga a úsáid sna fógraí ó bhéal agus sna fógraí scríofa. Bhí muid [foireann Fíbín] thar a bheith bródúil go raibh an Ghaeilge le cloisteáil agus le feiceáil ag an gceolchoirm agus chorraigh sé rud sa slua freisin,” a dúirt sé.
Ceathrar ón gcomhlacht Fíbín a bhí ag obair ag ceolchoirmeacha Coldplay, a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath Déardaoin, Dé hAoine, Dé Domhnaigh, agus Dé Luain seo caite. Bhí Darach Ó Tuairisg féin, Seán T Ó Meallaigh, Gráinne Bleasedale agus Cillian Ó Donnchadha ag puipéadóireacht le linn na ceolchoirme.
“Chuaigh duine i dteagmháil liom ó MCD, an dream a eagraíonn ceolchoirmeacha móra do leithéidí Coldplay, sé mhí ó shin agus é ag cuartú ceathrar puipéadóirí do cheolchoirm Coldplay. Níorbh fhéidir linne aon phoiblíocht a dhéanamh faoi ná aon phictiúr a thógáil ná é a lua le duine ar bith i ndáiríre agus sin an fáth nach raibh duine ar bith ar an eolas faoi go dtí gur tharla sé.
“Bíonn ar MCD na rudaí seo a shocrú agus ba iadsan a phioc Fíbín agus is iadsan a d’eagraigh an seó. Ní raibh aon ionchur againn sa seó. Chas muid le chéile maidin na ceolchoirme i bPáirc an Chrócaigh, bhí cleachtadh beag againn, shocraigh muid a raibh le déanamh ag chuile dhuine agus bhí cleachtadh beag eile againn ar an stáitse agus b’in é. Chuaigh muid ar an stáitse an oíche sin, agus is rud iomlán éagsúil a bhí ann san oíche faoi shoilse móra na Páirce agus an slua mór millteach ag breathnú orainn.”
Bhí siad ar aon stáitse le Coldplay ach níor chas siad leo i gceart ar chor ar bith.
“Ní raibh mé féin agus Gráinne Bleasedale ach fiche troigh ó Will Champion agus thug Chris Martin high-five don phuipéad a bhí ag an mbeirt againne, an draoi, ach níor casadh ar a chéile muid,” a dúirt Ó Tuairisg.
Tá cáil na puipéadóireachta ar Fíbín agus puipéid úsáidte acu i go leor leor de na léiriúcháin atá curtha ar stáitse acu i gcaitheamh na mblianta. Dúirt Ó Tuairisg go bhfuil an phuipéadóireacht láidir i gConamara mar gheall ar TG4 agus na cúrsaí oiliúna a cuireadh ar fáil tráth bunaithe an stáisiúin.
“Bhí clár de chuid Jim Henson le craoladh ar TG4 cúpla bliain i ndiaidh don stáisiún teacht ar an aer. Theastaigh aisteoirí daonna le haghaidh cuid den chlár agus mar sin b’éigean puipéadóirí as Éirinn a thraenáil. Bhí sé dhuine dhéag ar an gcúrsa oiliúna a chuir TG4 agus Údarás na Gaeltachta ar bun agus d’éirigh liom féin agus beirt eile áit a fháil ar an gclár.
“Níorbh in an chéad chúrsa puipéadóireachta ná an ceann deireanach a cuireadh ar siúl i gConamara, mar sin ní haon ionadh gur chun na Gaeltachta a tháinig MCD agus iad sa tóir ar phuipéadóirí!” a dúirt sé.
Ag an nóiméad deireanach a iarradh ar Ó Tuairisg Coldplay a chur i láthair oíche Dé hAoine.
“Thug muid faoi deara agus muid ag cleachtadh go raibh na fógraí uilig dátheangach, agus fuair mé féin teachtaireacht faoi sheiceáil litrithe agus gramadaí. An chéad rud eile, fiche nóiméad roimh an seó tháinig duine den fhoireann léiriúcháin isteach agus dúirt go raibh ‘fadhb’ ann agus gur theastaigh cainteoir Gaeilge uaidh leis an mbanna a chur i láthair.
“Bhí mé thar a bheith neirbhíseach agus bhí sé thar a bheith deacair. Is rud iomlán difriúil é a bheith ar an ardán os comhair 81,000 duine, bhí a fhios agam go raibh an lucht féachana ag fanacht ar Coldplay agus bhraithfeá fuinneamh an phaintéóin san atmaisféar a bhí ann. Lasadh na soilse, bhéic an slua, agus dúradh liom ‘Go! Go! Go!’.
“Ar bhealach, bheadh sé níos deacra é a dhéanamh os comhair lán an tí sa Taibhdhearc. Ní raibh mé in ann é a phróiseáil ag an am, níor thuig m’intinn céard a bhí ag tarlú,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Tuairisg gur “mór an phribhléid” a bhí ann a bheith ar dhuine den fhoireann puipéadóireachta agus ar an duine a chuir “ceann de na bannaí ceoil is mó ar domhan” i láthair do mhuintir na hÉireann.
“Tá deiseanna iontacha ann an Ghaeilge a bheith fite fuaite in ócáidí den chineál seo agus an rud a bhí speisialta faoi seo ná gurbh iad an banna ceoil féin a d’aithin an deis sin agus an tábhacht a bhain leis. B’fhéidir go molfadh duine éigin in MCD é don chéad bhanna ceoil eile, ach chaithfeadh sé teacht ón mbanna ceoil. Ba iad Coldplay féin ba chúis le húsáid na Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo caite,” a dúirt sé.
Robbiecronin
Iontach an t-alt !
Is mòr an chreidiùnt dò fein agus don ghrùpa fèin.
Mar mhùinteoir , cuireann sè uafàs orm nuair a chloisim daoine ag fàil locht ar mhùinteoirì toisc drochstaid na Gaeilge. Ach thaispeàon Darach agus Coldplay go bhfuil gean ag muintir na hÈireann don teanga ach caithfidh àr n-eagraìochaì fèin nios mò a dhèanamh. Agus bì hamhàin an CLG ! TAISPEÀNAIGÌ go bhfuil ann don Ghaeilge taobh amuigh dos na ranganna scoile !
Carraig
Dea-mhéinn, dea-thoil, báúlacht, meas.
Na gártha áthais is mórtais ón slua agus ansin:
” It’s lonely round the fields of Athenry.”