Ní léir go fóill an bhfuil na Daonlathaigh réidh le slán a fhágáil le Mamó Nancy

Tá an-tacaíocht léirithe le gairid do Saikat Chakrabarti agus an fear óg ag iarraidh suíochán Nancy Pelosi i San Francisco a bhaint di

Ní léir go fóill an bhfuil na Daonlathaigh réidh le slán a fhágáil le Mamó Nancy

Chomh fada siar le tús an chéid nuair a bhí Barack Obama sa Teach Bán tugadh Mamó an pháirtí Dhaonlathaigh ar Nancy Pelosi i measc tráchtairí agus iriseoirí. Bhí beagán baint ag an leasainm leis an teaghlach mór atá ag Pelosi ach is mó ná sin baint a bhí aige le haois na mná a bhí mar spéicéir ar Theach na nIonadaithe agus a raibh cumhacht thar na bearta aici sa bpáirtí.

Rugadh Pelosi i 1940 – tá sí 85 bliain d’aois agus bhí sí lárnach sna mórchinntí ar fad a rinne na Daonlathaigh anois le blianta fada. Tá Pelosi tofa i gcathair San Francisco mar ionadaí comhdhála ó 1987 nuair a bhí Ronald Reagan ina Uachtarán ar na Stát Aontaithe. Cuireadh i gcion uirthi tar éis an toghcháin deiridh seasamh i leataobh mar cheannasaí ar na Daonlathaigh sa gcomhdháil ach creideann go leor go bhfuil sí lárnach i gcónaí sa bpatuaire i measc bhaill ann pháirtí ó d’éirigh Joe Biden as an bhfeachtas uachtaránachta anuraidh agus ó fuair Donald Trump bua cuimsitheach ar Kamala Harris i dtoghchán mhí na Samhna.

Tá rún aici seasamh in athuair an bhliain seo chugainn do shuíochán comhdhála i San Francisco cé nach bhfuil sin deimhnithe ach tá duine nua a bhfuil go leor dá áireamh mar shlánaitheoir an Pháirtí Dhaonlathaigh ag tabhairt a dúshláin. Is beag seans atá aige, faoi láthair, meastar, an ceann is fearr a fháil ar dhuine de mhóruaisle an pháirtí ach tá go leor i measc na nDaonlathach den tuairim go bhfuil sé de chumas in Saikat Chakrabarti fuinneamh nua a chur sa bpáirtí atá in isle bhrí ón toghchán anuraidh.

Sheol Chakrabarti a cheanncheathrú nua i San Francisco le gairid agus chuir sé béim ar leith ar theagmháil a dhéanamh leis an gcosmhuintir lena chinntiú go n-éiríonn leis na Daonlathaigh tromlach i dtithe na comhdhála a bhaint amach sna toghcháin lár téarma an bhliain seo chugainn. Chuirfeadh toradh dá leithéid athrú ó bhonn ar an tírdhreach polaitiúil agus ar chumas an Uachtaráin Trump polasaithe a chur i bhfeidhm. D’fhreastail na sluaite ar an ócáid ach ceist eile an éireoidh le Chakrabarti iad a mhealladh le droim láimhe a thabhairt ar Pelosi taobh istigh den pháirtí.

Cé gur sa teicneolaíocht agus an comhlacht Stripe a bhunaigh na deartháireacha John agus Patrick Collison as Luimneach a thosaigh Chakrabarti a shaol gairmiúil, tá sé gníomhach sa bpolaitíocht le roinnt mhaith blianta freisin agus cáil air mar chomhairleoir straitéiseach. D’oibrigh sé ar fheachtas uachtaránachta Bernie Sanders in 2015 agus 2016 nuair a sheas Trump den chéad uair. Bhí sé ina bhainisteoir ar fheachtas Alexandria Ocasio-Cortez in 2018.

Tá na sluaite ag tarraingt ar shlógaí atá eagraithe ag an mbeirt sin ar fud Mheiriceá le míonna anois le cur in aghaidh pholasaithe Donald Trump ach an cheist an meallfaidh siad na sluaite leis an athrú a dhéanamh an bhliain seo chugainn. Tá súil ag roinnt mhaith sa bpáirtí gurb é Chakrabarti an léas dóchais is fearr atá acu.

Fág freagra ar 'Ní léir go fóill an bhfuil na Daonlathaigh réidh le slán a fhágáil le Mamó Nancy'