Ní hiad na himreoirí amháin a bhfuil tine ar a gcraiceann agus tús á chur leis na cluichí

San am a caitheadh bhíodh dearcadh difriúil ag na contaetha éagsúla ar thábhacht na gcluichí sraithe

Ní hiad na himreoirí amháin a bhfuil tine ar a gcraiceann agus tús á chur leis na cluichí

Cuid d'imreoirí Thiobraid Árann. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

An deireadh seachtaine seo tá tús á chur leis an tsraith iomána agus foirne ar bior le tosú ag imirt arís.

Gan dabht tá siad go léir faoi mhíbhuntáiste agus gan ach tréimhse ghairid trí seachtaine acu le chéile chun fáil réidh don aicsean. Níl aon dabht ach gur tháinig na himreoirí go léir ar ais chuig an traenáil agus scóip orthu. An rud mór a bhí in easnamh orthu agus iad ag traenáil ina n-aonar ná an teagmháil fhisicúil.

Tógfaidh sé tamall orthu fáil isteach air sin. Caithfidh go mbeidh níos mó gortuithe ann freisin agus iad ag díriú isteach ar an teagmháil agus gan ach cúpla seachtain le chéile acu roimh chluichí na deireadh seachtaine. Ach sin an saol agus Covid-19 fós inár measc.

I measc na rudaí dearfacha a bhaineann leis an séasúr i mbliana tá an scéala nach raibh ach beagán traenáil réamhshéasúir i gceist i gcomparáid le gach séasúr eile agus an scéala nach raibh aon chomórtais réamhshraithe nó comórtas Mhic Ghiobúin ann. Le blianta anois bhí cuid mhaith imreoirí ag iarraidh dhá thrá a fhreastal i ndrochaimsir agus ar pháirceanna uafásacha. Bhíodh an iomarca cluichí ann agus bhí sé sin an-dian orthu.

Tá cluichí dúshláin ceadaithe ón tseachtain seo chugainn agus tiocfaidh an chraobh go tapaidh sna sála ar an tsraith. Beidh a lán tábhachta leis na cluichí sraithe.

San am a caitheadh bhíodh dearcadh difriúil ag na contaetha éagsúla ar thábhacht na gcluichí sraithe. D’úsáid chuid maith contaetha na cluichí mar ullmhúchán don chraobh. D’úsáid na contaetha a cháiligh do phríomhroinn na sraithe mar shlat tomhais í. Is minic Brian Cody ag rá go mbíonn dúil aige an tsraith a bhuachan gach bliain. Is cosúil go bhfuil an meon céanna ag John Kiely Luimnigh faoi láthair agus é ráite aige gurb é an sprioc ná go mbuafadh Luimneach gach cluiche i ngach comórtas.

É sin go léir ráite ní minic a úsáidtear bonn sraithe mar fhianaise ar shaol rathúil iomána. Bhí tréimhse ann nuair a fuair imreoir nó dhó áit ar fhoireann na All Stars bunaithe ar thaispeántais sa chomórtas sraithe. Faraor is annamh a tharlaíonn sé sin i láthair na huaire. Nuair a bhíos mar roghnóir agus ina dhiaidh sin mar bhainisteoir ar iománaithe Chorcaí, níor labhraíomar riamh faoin chomórtas sraithe a bhuachan nuair a bhíodh na príomhspriocanna á bplé againn. D’úsáideamar na cluichí sraithe i gcónaí mar dheis rudaí a thástáil don chraobhchomórtas. Ar an taobh eile de nuair a bhíos ag obair le Luimneach bhí dúil againn gach cluiche a bhuachan chun fáil amach as an diabhal Roinn a Dó.

Beidh gné eile ag baint le scéal shraith na bliana seo an deireadh seachtaine seo freisin agus an loca pionóis le tabhairt isteach den chéad uair, rud a chuirfidh brú ar réiteoirí agus imreoirí.

Cuirfear tús le Roinn 1 agus Roinn 2 an deireadh seachtaine seo agus críochnófar iad deireadh seachtaine an 12/13 Meitheamh. Ansin beidh deireadh seachtaine amháin saor ann roimh na cluichí craoibhe.

Ó thaobh na teilifíse de beimid ag dul ó ghorta go cóisir an deireadh seachtaine seo agus sé chluiche á dtaispeáint.

Tá tábhacht ag baint leo ar fad ach bheinnse ag díriú ar Pháirc na nGael i Luimneach ar leathuair tar éis a cúig um thráthnóna. Is ann a bheidh an fhoireann baile, seaimpíní na sraithe agus na hÉireann, á fhéachaint leis an tsean-namhaid as Tiobraid Árann.

Ní hiad na himreoirí amháin a bhfuil tine ar a gcraiceann.

Fág freagra ar 'Ní hiad na himreoirí amháin a bhfuil tine ar a gcraiceann agus tús á chur leis na cluichí'

  • alan titley

    an ceart ar fad ag John. Agus nach iontach go raibh cluichí ann inar scóráladh cúil! Ba mhór an baol nach mbeadh san iomáint feasta ach cispheil…is é sin, tugtar an sliotar duit agus gheobhaidh tú cúilín.Aon seans go ndéanfaí luach aon chúl amháin cothrom le cúig/sé/ seachtain gcúilín? D’athródh sé an cluiche bun barr.