Ní hé seo an t-am ceart le labhairt faoi ‘Éire Aontaithe’ a deirtear, ach céard é an t-am ceart mar sin?

Ní luíonn an chríochdheighilt go maith le go leor daoine agus ní dhearna riamh

Ní hé seo an t-am ceart le labhairt faoi ‘Éire Aontaithe’ a deirtear, ach céard é an t-am ceart mar sin?

Taca an ama seo céad bliain ó shin tháinig rí Shasana go Béal Feirste leis an oscailt oifigiúil a dhéanamh ar pharlaimint nua Thuaisceart Éireann agus leis an gcríochdheighilt a bhí déanta ar Éirinn a ghreanadh i gcloch.

Thug an rí óráid le linn a chuairte ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann breathnú ar an athmhuintearas agus glactar leis go raibh baint ag an achainí chéanna leis an sos comhraic i gcogadh na saoirse roinnt seachtainí dár gcionn. Ó shin tá an mhian go ndéanfaí athaontú ar an tír dearbhaithe agus luaite ag an uile chineál polaiteora ó thuaidh agus ó dheas. Ní bhaineann an mhian le haon dath polaitiúil ar leith cé go raibh blianta fada ann go gceapfá nach raibh ag iarraidh athaontú na hÉireann ach dream antoisceach foréigneach.

Tharraing óráid faoin ábhar a rinne ceannaire polaitiúil ó dheas den teorainn clampar an tseachtain seo. Cén fáth an oiread iontais ar thráchtairí na tíre go mbeadh an Tánaiste agus ceannaire Fhine Gael ar son aontú na tíre, go háirithe agus é ráite go minic cheana aige? Ar cheart go mbeadh iontas ar iriseoirí agus tráchtairí go bhfuil sciar mór den tír ar aon tuairim leis an Tánaiste? Ní shin le rá go bhfuil siad ag iarraidh go ndéanfaí amárach é. Go deimhin, bheadh formhór mór an phobail den tuairim go bhfuil tamall le dul fós againn agus socruithe praiticiúla go leor le déanamh.  Beidh daoine ag iarraidh an costas a bhainfidh lena leithéid a fheiceáil agus a mheas freisin.

Ní theastaíonn ó dhaoine a n-aitheantas a cheilt ar aontachtóirí. Ní dóigh liom go bhfuil aon duine ag iarraidh cos ar bolg a imirt orthu. Teastaíonn ó dhaoine go ndéanfaí plé oscailte ar an mbealach le fearr le haitheantas a thabhairt do chearta mionlaigh, chuile mhionlach. Is léir ó chaint Leo Varadkar an tseachtain seo, agus an méid a dúirt Simon Harris le tacú leis, gur caint í seo at ag teacht chun cinn níos minice i measc bhaill Fhine Gael. Ar bhonn polaitiúil, teastaíonn sciath chosanta bhreise uathu ar Shinn Féin agus ar ndóigh tá Fianna Fáil anois san áit a mbíodh Fine Gael – níl locht ar bith ar athaontú na tíre ach glac staidéar go fóill.

Ní inniu ná amárach a dhéanfar athaontú ar Éirinn. Tugann torthaí toghcháin agus cúrsaí daonra agus daonáirimh le fios go bhfuil an lá níos gaire dúinn ná mar a bhí le 100 bliain, tráth a ndearnadh socrú ‘sealadach’ le mionlach a chosaint. Is gá a chur ina luí ar an mionlach sin nach bhfuil aon duine ag iarraidh iad a scrios. Nárbh fhearr é sin a rá go hoscailte seachas a bheith inár dtost faoin ábhar de ghrá réitigh de shaghas éigin nach dtuigeann muid go baileach? Ní hé seo an t-am ceart a deirtear linn ach cén uair a bheidh an t-am ceart?

Tír bheag í seo. Rinneadh críochdheighilt uirthi ar mhaithe le fadhbanna polaitiúla a réiteach.

Céad bliain dár gcionn ní luíonn an chríochdheighilt sin go maith le go leor daoine.

Ní dhearna riamh.

Cén fáth mar sin nach féidir le polaiteoirí agus an pobal trí chéile an cheist a phlé?

Níor cheart gur bagairt a bheadh ansin d’aon duine.

Fág freagra ar 'Ní hé seo an t-am ceart le labhairt faoi ‘Éire Aontaithe’ a deirtear, ach céard é an t-am ceart mar sin?'

  • An Teanga Bheo

    Críocha gafa is cine dheilgilt dhá droch rud ach is stair í tá sí ann ó bhunú an Stát de bharr ionsaí eachtrannach.

  • Paul Laughlin

    Bíonn Tionól Thuaisceart Éireann i gcónaí idir dhá ceann na meá. B’fhéidir go mbeidh réiteach ar an bhfadhb is déanaí ach cá fhad go mbeidh siad i bponc arís? Nach bhfuil sé thar am go bhfuil muid ag obair le chéile chun athaontú a chur chun cinn agus tír níos fearr na seo a thógáil?

  • Séamas de Barra

    Cuireann sé iontas ormsa i gcónaí a laghad machnamh a dhéanann tráchtairí polaitíóchta ar na hábhair a mbíonn siad ag trácht orthu.
    Is é croí na faibhbe thuaidh go bhfuil pobal mór ann a dteastaíonn uathu a bheith ina ndílseánaigh de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, agus nach dteastaíonn uathu a bheith ina saoránaigh de Stát na hÉireann. Tá dul amú mór ar dhaoine a mheasann gur ar chúiseanna creidimh amháin a theastaíonn ó na daoine sin a bheith ina ndílseánaigh de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. Cuid mhaith de na daoine atá i gceist, is Protastúnaigh iad ó thaobh creidimh de, agus is ó Ghalldachd na hAlban, nó ón taobh thuaidh de Shasana a seacht sinsir. Ach tá cairde Caitliceacha agamsa ó Thuaisceart Éireann a bhíonn ag iarraidh a chur abhaile orm go bhfuil cuid mhaith Caitliceach thuaidh nach dteastaíonn uathusan, ach a oiread, a bheith ina saoránaigh de Stát na hÉireann. Is mionlach de phobal Caitliceach Thuaisceart Éireann ar mhaith leo go mbeadh a gclann ag staidéar na Gaeilge ar scoil, abair. Tá a fhios againn nach bhfuil spéis ar bith sa Ghaeilge ag cuid mhaith de lucht leanúna Shinn Féin thuaidh.
    Mar sin féin, tá slí shíochánta chiallmhar ann chun dul chun cinn a dhéanamh, agus is é sin, córas ceart daonlathach Reifrinn a chur ar bun. I láthair na huaire is ag brath ar thromlach na vótálaithe a vótálann lá an Reifrinn a bhíonn toradh Reifrinn thuaidh agus theas. Is córas olagarcach é sin; ní córas daonlathach le ceart é. Ba cheart ar an chéad rud, córas Réamh–Reifrinn a thabhairt isteach, chun a fháil amach an dteastaíonn ó bhreis is 50% de na vótálaithe cláraithe ábhar éigin a chur ar Reifreann. Dá mba é TÁ toradh an Réamh–Reifrinn, bheadh bun ansin le Reifreann Iarmhartach a thionól. Is gnách go mbíonn idir 35% agus 40% de vótálaithe cláraithe Stát na hÉireann, nach gcaitheann vóta i Reifreann go deo. Dá réir sin, is annamh a vótálfadh breis is 50% de na vótálaithe cláraithe TÁ le togra ar bith. Dá bhrí sin, an córas Reifrinn atá thuaidh agus theas i láthair na huaire ann, ní fhéadfadh sé a bheith daonlathach sa ghnáthshlí, má tá brí ar bith leis an bhfocal ‘daonlathach’.
    Níl ach dhá Reifreann ó 1937 go dtí 2015 ar vótáil breis is 50% de na vótálaithe cláraithe TÁ leis i Stát na hÉireann: an Reifreann um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1972 [an Reifreann a lig do Stát na hÉireann ceangal le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa]; agus an Reifreann um an Naoú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1998 [an Reifreann um Chomhaontú na Breataine – na hÉireann, i.e. Reifreann Chomhaontú Aoine an Chéasta]. Tabhair faoi deara gur Reifrinn ar chúrsaí flaithis an dá Reifreann sin.
    Bíonn polaiteoirí go leor á mhaíomh gur tromlach de mhuintir Thuaisceart Éireann a vótáil i gcoinne an Bhreat–Imeachta in 2016. Ní fíor. 18 dtoghlach Reifrinn atá i dTuaisceart Éireann, agus níl a oiread is toghlach amháin ann ar vótáil breis is 50% de na vótálaithe cláraithe ann NÍL leis an mBreat–Imeacht.
    An córas daonlathach Reifrinn atáimse a mholadh, is toghlach ar thoghlach ba cheart é a oibriú. Tá seans maith go leor ann go vótálfadh breis is 50% de na vótálaithe cláraithe i dtoghlaigh áirithe i dTuaisceart Éireann TÁ le haontú le Stát na hÉireann. De ghrá na síochána, níor cheart an Réamh–Reifreann, ná an Reifreann Iarmhartach, a thionól níos minice ná gach uile chúig bliana. Ba é ba dhóichí le himeacht aimsire, go vótálfadh tromlach na dtoghlach thuaidh TÁ le haontú le Stát na hÉireann, ach bheadh toghlaigh ann nach vótálfadh go deo leis sin, go háirithe i dTuaisceart Cho. an Dúin agus i gCo. Aontroma. Bheadh gá an uair sin le débhealaí a cheanglódh na mionlaigh logánta le Stát na hÉireann –– cuir i gcás, débhealach ó Dhún Dealgan go dtí Iarthar Bhéal Feirste. Is i nDeoise an Dúin agus Choinnire atá timpeall leath na gCaitliceach i dTuaisceart Éireann. Ba cheart débhealach a thógáil ó Iarthar Bhéal Feirste go dtí an taobh thoir thuaidh de Cho. Aontroma, ceantar na hiomána. Ba cheart an chóir chéanna, ó thaobh na ndébhealaí de, a dhéanamh le mionlaigh Aontachtacha a bheadh scoite amach ón gcuid de Thuaisceart Éireann a vótálfadh le fanacht i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.
    Tá taithí agamsa ar a bheith ag comáint ó Bhaile Átha Cliath go Ciarraí, agus déanaim iontas i gcónaí de a éasca is atá sé, de bharr chóras na ndébhealaí atá ann, na bailte móra ar feadh na slí a sheachaint ar fad.
    Bheimis ag caint go dtitfeadh an teanga bheag as ár mbéal, ach bheadh toradh ar an gcóras atáimse a mholadh. Ní bheadh aon chúis ann ag Stát na hÉireann an uair sin le gan stádas pribhléideach a thabhairt do Thuaisceart Éireann, i gcúrsaí comhoibriú geilleagrach, i gcúrsaí turasóireachta, agus i gcúrsaí eile.

  • Seán Mag Leannáin

    Alt an-tomhaiste ag Máirín Ní Ghadhra. Dúil gan fháil (nó caisleán óir) ag Séamas De Barra! Brón orm, a Shéamais.

  • Séamas de Barra

    Dar le Seán Mag Leannáin, is ‘Dúil gan fháil (nó caisleáin óir)’ iad na moltaí atá déanta agamsa chun córas an Reifrinn thuaidh agus theas a dhéanamh daonlathach. Meabhraíonn freagra Sheáin domsa caint a chaith George Bernard Shaw tráth: ‘Feiceann daoine eile nithe, agus fiafraíonn siad ‘cad chuige iad sin a bheith ann? … Ach taibhrímse ar nithe nach raibh riamh ann, agus a deirim: ‘cad chuige nach mbeidís ann?’ Bhaineadh John F. Kennedy, agus deartháir dó, Robert, leas, ina gcuid óráidí féin, as caint sin Shaw. Ní raibh aon fháilte ag a lán roimh bheartais na beirte Cinnéideach, dar ndóigh. Is amhlaidh a feallmharaíodh an bheirt acu, trócaire sa chré orthu.
    Bhí dochtúireacht sa tSíceolaíocht ó Ollscoil Columbia i Nua–Eabhrac, ag an Ath. Benedict J. Groeschel, CFR, duine de bhunaitheoirí Chuallacht San Proinsias leis an Athnuachan. Caitliceach an–dílis ba ea an tAth. Benedict, ach fuair sé lochtanna go leor ar an gcultúr a leanann an Creideamh Caitliceach. Deireadh an tAth. Benedict gurb iad ‘na Caitlicigh an dream is déanaí i gcónaí chun teacht den bhus.’ Is é rud a bhí i gceist ag an Ath. Benedict leis sin: nach mórán slí atá don smaointeoireacht theibí in aigne an Chaitlicigh, agus nuair a dhéanann Caitliceach a chuid féin de smaoineamh nó de pholasaí, bíonn an–leisce ar fad air scaradh leis. Dúirt an tAth. Benedict gur lean sagairt ó Mheiriceá Láir agus Theas de bheith ag cur a gcuid airgid ballraíochta go dtí Páirtí Cumannaíoch an Aontais Shóivéadaigh na blianta tar éis deireadh a bheith curtha leis an Aontas Sóivéadach, agus nach ndéanadh údaráis na Rúise ach an t–airgead ballraíochta a chur ar ais go dtí na sagairt sin.
    Ó thaobh cultúir de, is Caitlicigh i gcónaí is ea formhór mhuintir na hÉireann, ainneoin a lán acu a bheith éirithe as cleachtadh an Chaitliceachais le blianta. Tá cara domsa ón Spáinn a chuir an méid seo in iúl dom cúpla bliain ó shin i dtaobh fhormhór na Spáinneach –– na Sóisialaithe féin –– dá gcuirfí ceist orthu: ‘cén creideamh atá agat? go ndéarfaidís ‘is Caitliceach mé,’ ainneoin iad a bheith éirithe as cleachtadh an Chaitliceachais le fada. Formhór na gCumannaithe san Iodáil, déarfaidís an rud céanna.
    Tá Náisiúnaithe na hÉireann céad bliain ag iarraidh athaontú na tíre a bhaint amach. Níl éirithe leo. Is fearr leathbhairín ná a bheith gan arán. Nach mithid do na Náisiúnaithe seift eile a thriail?