D’fhiafraigh cailín óg díom an lá faoi dheireadh an mbíodh mórán cleasanna ar bun againne sa teach oíche Shamhna. Dúirt mé léi nárbh é an oiread sin é ach thug mé an liosta beag seo di mar sin féin:
- Go gcuirtí cheithre shásar ar an mbord. Bhíodh créafóg ar cheann acu, paidrín ar cheann eile, fáinne ar cheann eile agus uisce ar an gceathrú ceann. Chuirtí púicín ar dhuine ansin. Dá leagfadh sé a lámh ar an gcréafóg gheobhadh sé bás go luath, dá leagfadh sé a lámh ar an bpaidrín ghabhfadh sé le sagartóireacht (nó ina bean rialta i gcás mná), dá mba é an fáinne a bhraithfeadh sé bheadh sé i ndán dó pósadh agus dá mba é an t-uisce a bhraithfeadh sé ghabhfadh sé thar sáile.
- Chuirtí úll ar crochadh ar ruóg as an tsíleáil agus bhítí ag iarraidh plaic a bhaint as gan na lámha a úsáid.
- Scaití eile is é an chaoi a gcuirtí an t-úll i mias uisce.
- Bhítí ag iarraidh airgead geal a thabhairt as mias uisce agus aríst bhíodh na lámha taobh thiar dá dhroim ag duine.
- Bhítí ag súil leis an bhfáinne a fháil sa mbairín breac.
Tá an-chaint anois ar na puimcíní. Tornapaí in áit puimcíní a bhíodh acu fadó. Scríobtaí an bia as an tornapa, chuirtí éadan scanrúil air agus chuirtí laindéar solais istigh ann. Déantar an rud céanna anois leis an bpuimcín.
Tá stair an-fhada ag deasghnátha seo Oíche Shamhna. Ba mhór i gceist ag na Ceiltigh an oíche sin, más Ceiltigh a bhí in ár sinsear ar chor ar bith.
Bhíodh an bhliain deighilte ina dhá cuid acu –ó Shamhain go Bealtaine agus ó Bhealtaine go Samhain. Ceapadh go mbíodh pointe cinnte in Oíche Shamhna a dtarlaíodh an deighilt. Chomh luath agus a tharlaíodh bhíodh deis ag an aos sí a dhul ag taisteal.
Ar ndóigh le teacht na Críostaíochta tháinig athrú ar an scéal seo. Ar na mairbh a cuireadh an bhéim feasta. D’fhéadfadh duine de do mhuintir a bhí básaithe a theacht ar ais chugat agus dualgas eicínt a chur ort.
Taobh amuigh d’Oíche Shamhna ar fad tá neart scéalta ann faoi dhaoine a tháinig ar ais. Tá aithne agam ar shagart a dúirt liom go bhfaca sé sagart eile a bhí básaithe le roinnt blianta roimhe sin.
Bhí scéal ag mo mháthair faoi shagart a tháinig chuig sagart paróiste Ros Muc, má b’fhíor, agus é ag fáil faoi réir leis an Aifreann a léamh. D’fhiafraigh sé den sagart paróiste an bhféadfadh seisean Aifreann a léamh láithreach mar go raibh gealltanas tugtha aige faoi Aifreann sular bhásaigh sé, gealltanas nár chomhlíon sé. Thug an sagart paróiste an cead sin dó agus d’imigh an sagart eile ansin ar an bpointe.
Pearsa eile a d’fhéadfadh a bheith amuigh Oíche Shamhna is ea an púca. Níl teorainn ar bith leis an diabhlaíocht a bhíonn ar bun ag an mboc sin. Cacann sé ar na sméara dubha fiú amháin le nach bhféadfar níos mó acu a ithe.
Cé mhéad duine a chreideann sna heachtraí seo ar fad? Níl a fhios agam ach is duine mé féin a bhfuil faitíos orm roimh thaibhsí. Ní fhanfainn sa teach liom féin ar ór na cruinne. Ní hé go gcreidim i dtaibhsí ach cheapfainn go bhféadfainn taibhse a fheiceáil, nó go gceapfainn go bhfaca.
Samhlaíocht an duine is cúis leis déarfainn. Samhlaíocht a fhéachfas mise lena coinneáil faoi smacht an Oíche Shamhna seo.
Carraig53@protonmail.com
Is é an duine féin an taibhse is mó atá aige.