‘Eibhlín mo dheirfiúr mar bhean chabhrach agus gan í ach cúig bliana déag’ – Nollaig 1954 i gCorca Dhuibhne

Tá an-áthas orainn an dán ‘Nollaig 1954’ le Liam Ó Néill a fhoilsiú. Tá an dán ar fáil i ‘Riastáil’ leabhar nua an tsárealaíontóra ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne

‘Eibhlín mo dheirfiúr mar bhean chabhrach agus gan í ach cúig bliana déag’ – Nollaig 1954 i gCorca Dhuibhne

Ar bharra an staighre sa tigh nua
Mise saolaithe, an tríú leanbh déag den gceathrar déag againn a mhair
M’athair ullamh chun dul go Baile na nGall don Jubilee Nurse
‘Ná bac léi, tá sé tagaithe ar an saol’
Eibhlín mo dheirfiúr mar bhean chabhrach
Agus gan í ach cúig bliana déag.

Bheir m’athair ar a phaidrín a bhí ar crochadh ar thaobh an adharta
‘Sea, gach éinne ar a nglúine don gCoróin Mhuire
In ainm an Athar agus an Mhic…’

Thosnaigh Euge ag sciotaráil
Ach fuair sé bos an chaipín i bpoll na cluaise
D’imigh na gáirí agus thosnaigh an gol
Ní raibh gíocs ná míocs as éinne eile.

An tigh déanta suas ó bhun go barr don Nollaig
Na héinne ag ní is ag glanadh
Pledge, Ajax, Vim, Brillo agus DDT
Uisce ón dTobar iarrtha chun an t-urlár agus na pábhailí a ní
Coinneal mhór ard dhearg lasta i ngach fuinneog.

Cuileann dearg ón Scairt timpeall ar na fuinneoga
Agus slabhraí de pháipéar daite ar crochadh ón tsíleáil.

An mhaidin tugtha ag mo dheirfiúracha ag bácáil aráin, cístí agus píonna
An císte Nollag déanta ag Mam ón tseachtain seo caite
Na hábhair ar fad curtha le chéile aici an oíche roimh ré
Na rísíní, na sultanas, na silíní, agus na cnóite
Im agus siúcra.

‘Ná déan dearmad ar steancán maith fuisce’
An chuid óg bailithe timpeall uirthi ag faire amach don mbabhla
Nó fiú amháin spíonóg le líobadh
Boladh breá ar fuaid an tí.

Thíos sa Daingean ag bailiú na Nollag
Beedie Keane, ‘Fág do leanaí anso, a Mheáigín, tá do dhóthain cúraim ort’
Mercy Murdoch, ‘Jasmine with ivy, now that’s beautiful wallpaper
Péint magnolia ó Foxy John
Isteach go Rita Bhenny Jack the Grove
Cimeonó beag nua don leanbhín
Trasna go dtí Mae Delia na bpurties
Síos go dtí Jimmy McKenna
Suas go dtí Muiris Dan
Ábhairín beag eile le baint as an leabhar.

An bord clúdaithe le bia ná feacaigh leanaí an bhaile riamh
Chocolate chip cookies, snack bars, sugar pops agus jell-o
Suite ar an settle ag fanacht go foighneach agus uisce lena bhfiacla
Eilín Ann agus Hannah Mae ag cur na súl trí na buidéil de Nash’s red lemonade.

Dos agus Séamaisín tagaithe le císte Madeira nuadhéanta
Le dath breá buí na n-ubh
Mic Mhaidhc Liam ag insint scéal fiannaíochta, Diarmaid agus Gráinne
a leanann os cionn uair a’ chloig
Mary an Oileáin lena casóg uaine
Maidhc Pheaid lena iníon, Máirín na Yanks, agus fonn scéalta púcaí air féin
Peats Lís lena chána, a chulaith pinstripe agus an trilby
É ag féachaint aríst ar an uaireadóir óir as póca a veiste
A bhí stopaithe ó tháinig sé abhaile ó Korea
An seanbhothán róthais is dócha.

Bhuail an fíodóir isteach agus an maintín
Na Marasaíos ar fad
An bráthair ó Nigeria
Pí is a chéile Máire ar a slí ón nDaingean
An jennet agus cairt dhearg uirthi ceangailte don ngeata
Dan Joan agus é os cionn sé troithe ceithre n-orlach ar airde
A bhean agus séailín beag dubh timpeall ar a guaille.

Bhuail na Maonasáí isteach
Paddy, An Boy, Maurice an siúinéir
Thomas ag teacht ón nDaingean
Leathcheann muice ar na handlebars aige is é féin leath-bhogaithe.

Gold Flake sa ghairdín ag Seán Mhuintir Shé agus Seán Johnny
Mary Callaghan anuas ó Chill Chuáin le dhá ghalún bainne
Tháinig mo mháthair agus m’athair baistí
Han Mhuintir Shé agus Dónaillín Chití
le corcán mór caoireola, beirithe agus ullamh le n-ithe
Bridge Bill le corcán crúibíní leáite sa gheir
Sobal ar na fearaibh á súrac
Lil tagaithe le Gateaux Swiss roll
Molly le Jacob’s coconut creams.

Maureen aige baile ó Manhattan
Í ag ól New Nescafé Instant Coffee as cupa china
Buidéal raspberry cordial dos na mná
‘Is breá an blas atá air seo,’ arsa Neil Bhurke
‘Go hálainn ar fad,’ arsa Nóra Johnny
Beirt bhan nuaphósta ar an mbaile
‘Beidh braoinín fuisce agamsa ach go háirithe,’ a deir Biddy Pheatsaí
Mary Bhríd Neans ag ól Bristol Cream sherry as gloine bheag tanaí.

Pap, mo sheanuncail tagaithe ó Springfield Massachusetts
Deatach as a chuid Havana cigars ag dó mo scamhóga beaga nua
M’uncail William aige baile ó Londain agus na pointy toes air
É ag amhrán:

O’Sullivan’s John for the road you’re gone
Far away from your native home …

Kathleen Moriarty ina seasamh i lár an urláir
Mar a bhí sí ar ardán Carnegie Hall:

You may travel from Clare to the County Kildare …
But where would you see a fine widow like me?
Biddy Mulligan the pride of the Coombe.

Mary Collins:

Near Oranmore in the County Galway…

Tom Néill is a chluais ar bior aige
Páid Pheats Pheaid le ‘Galway Bay’:

On her back she has tattooed the map of Ireland
And when she takes a bath on Saturday
She washed the sunlight soap around the Claddagh …

Tony Moriarty, ‘O bless my soul, a Pháid, ná cloiseadh na leanaí thu’,
agus é ag casadh a chaipín ar a leathcheann.

Johnny Grumell ar an Hohner agus Kerry slides ag éirí an staighre in airde
Mick Sheáin Mhichíl ag déanamh rince Pheatsaí McDonnell
Agus greim aige ar dhroim na cathaoireach
Tom Mhic ar an mileoidean anois dos na seiteanna
Na rinceoirí ag sleamhnú ar an ngaineamh geal timpeall an urláir suiminte
M’athair ag líonadh aríst
Buidéal lionn dubh dúbalta agus gloine Paddy do gach fear.

Mo mháthair tagaithe anuas anois leis an leanbh nua
‘William, glaoigh William air’
M’uncail William ag rá, ‘William John Eugene Bill’
‘Sea,’ a deir sí, ‘tabharfaimid Liam air.’

Fág freagra ar '‘Eibhlín mo dheirfiúr mar bhean chabhrach agus gan í ach cúig bliana déag’ – Nollaig 1954 i gCorca Dhuibhne'

  • Seosamh Ó Maolalaí

    Go diail ar fad.