Bunú rialtais – damhsa na scuaibe nó damhsa na gcoiníní

Tugann an chaint ar fad faoin gcomhurraim leide dúinn faoin gcúis a mbeidh céilí fada ag Fianna Fáil agus Fine Gael agus rialtas á chur le chéile acu

Bunú rialtais – damhsa na scuaibe nó damhsa na gcoiníní

Damhsa na scuaibe nó damhsa na gcoiníní? Cé leis is mó a bhfuil cosúlacht ag imeachtaí na seachtaine i measc ár gcuid polaiteoirí? Damhsa fada casta a bheidh ann de réir gach cosúlachta cé go bhfuil toradh an toghcháin soiléir go maith.

Tá ceathrar déag Teachtaí Dála nua againn. Teastaíonn 88 suíochán ar a laghad i gcomhair móramh iomlán. Tá Fianna Fáil chun cinn mar gur acu atá an líon is mó suíochán. Tá caint ar na ‘roghanna’ ar fad le rialtas a bhunú ach nuair a bhreathnaítear go fuarchúiseach ar na figiúirí níl de rogha ann dáiríre ach Fianna Fáil in éineacht le Fine Gael nó Sinn Féin agus roinnt neamhspleách nó páirtí beag leis an móramh a chinntiú.

Níl mórán fonn ar na páirtithe beaga iad féin a chur i mbéal an mhadra ag an bpointe seo. Chonaic siad an bhail a cuireadh ar an gComhaontas Glas ag an deireadh seachtaine. Ní theastaíonn ón Lucht Oibre ná ó na Daonlathaithe Sóisialta dochar a dhéanamh don dul chun cinn a rinne siad.

Tá siad chun labhairt le chéile agus le grúpaí eile ar an eite chlé féachaint le comhghuaillíocht a chur le chéile a d’fhéadfadh labhairt le chéile faoi roghanna comhrialtais. Cén fáth nár chuala an pobal caint air seo sna seachtainí roimh an toghchán? Gach díospóireacht a rinneadh cuireadh an cheist ar na páirtithe. Níor tugadh ach aon fhreagra soiléir amháin gach uair ar pléadh bunú comhrialtais. Ní labhróidh Fianna Fáil agus Fine Gael le Sinn Féin. Ciallaíonn sin nach mbeidh Sinn Féin i rialtas.

Cén fáth, mar sin, a bhfuil muid ag caint ar mhíonna leis an socrú seo a dhéanamh? Is féidir a rá ón tús nach mbeidh grúpaí ar leith san áireamh ag Fine Gael agus Fianna Fáil in aon chomhráití. Beidh siad ag díriú ar an dream ar a dtugtar na neamhspleáigh ‘chiallmhara’. Tá siad luaite cheana féin – Seán Canney, Marion Harkin, Noel Grealish, Michael Lowry, Kevin Boxer Moran, Verona Murphy agus Gillian Toole. Tugann sin os cionn an 90 muid. Tá daoine eile ar nós Mattie McGrath agus muintir Healy-Rae a bhféadfaí labhairt leo. Cén fhad a thógfadh sé socrú a dhéanamh leo sin ar fad?

Tugann an chaint ar fad faoin gcomhurraim leide dúinn faoin gcúis a mbeidh céilí fada anseo. Ní theastaíonn ó Fhine Gael a thaispeáint go bhfuil an iomarca fuadair fúthu ag dul ar ais i rialtas, go háirithe agus iad deich suíochán ar gcúl. Ar an gcaoi chéanna, ní theastaíonn ó Fhianna Fáil a bheith róchaithréimeach ach tá siad chun cinn agus gach ceart acu féiríní breise a lorg – aireachtaí agus cathaoirleachtaí coistí. Agus, ar ndóigh tréimhsí in oifig an Taoisigh.

Tá an chéad damhsa thart an tseachtain seo – de réir gach uile chosúlacht mairfidh an céilí go hEanáir ar a laghad. Beidh na boinn tinn go maith againn ar fad faoin tráth sin.

Fág freagra ar 'Bunú rialtais – damhsa na scuaibe nó damhsa na gcoiníní'

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá Rialtas ar son na beatha de dhíth ar Éireann,
    Beir Dé ar ais go h-Eireann.
    In Ainm Dé agus A Mháthar Beannaithe.

  • Carraig

    Cuirfear clabhsúr air le seana-váls mhuise, agus beidh an sean-phort céanna á sheinnt, iad chomh ceanúil ar a chéile is a bheadh seana-bhó ar choca féir.
    Galamaisíocht agus seó bóthair ar fad ‘sea an cúram.
    Clab go cluasa orthu, cumá ná beadh?