Ní haon leigheas cuarbhóthar ar fhadhbanna tráchta na Gaillimhe – an Roinn Iompair

Maítear sa cháipéis The Economic Cost of Congestion in Regional Cities go maolófaí an trácht sa chathair ar feadh deich mbliana ach gur in olcas arís a ghabhfadh cúrsaí ina dhiaidh

Ní haon leigheas cuarbhóthar ar fhadhbanna tráchta na Gaillimhe – an Roinn Iompair

Tá an Roinn Iompair den tuairim nach fada gur plúchta le trácht a bheadh an cuarbhóthar timpeall chathair na Gaillimhe atá á mholadh le blianta fada.

Maítear sa cháipéis The Economic Cost of Congestion in Regional Cities go maolófaí an trácht sa chathair ar feadh deich mbliana, idir 2030 agus 2040, dá dtógfaí an bóthar conspóideach ach gur in olcas arís a ghabhfadh cúrsaí ina dhiaidh sin de réir mar a mhéadófaí ar an éileamh ar an mbóthar nua.

“D’fhéadfadh an bóthar breise an tranglam tráchta a fheabhsú go sealadach: ach mar sin féin, beidh an t-éileamh níos mó ná a d’fhéadfadh an bóthar freastal air,” a dúradh sa tuarascáil.

Tugtar le fios sa cháipéis gur tháinig méadú 7.5% ar dhaonra mhórcheantar chathair na Gaillimhe idir 2016 agus 2022 agus maítear go dtiocfaidh méadú 203% ar an gcostas de dheasca an tranglaim tráchta sa chathair ó 2022 go 2040. De réir na tuarascála, cosnaíonn an plódú tráchta sin €35 milliún sa bhliain faoi láthair agus meastar go gcosnóidh sé €107 milliún faoin mbliain 2040.

Deirtear go gcaithfear córas iompair “atá níos inbhuanaithe” a chur ar fáil le dul i ngleic le costas an tranglaim “atá ag dul i méad”. Cuireann an tranglam le costas na trádála ach maítear sa tuarascáil go dtiocfaidh méadú chomh mór le 403% ar an gcostas a bhaineann leis an bplódú tráchta d’fheithiclí tráchtála sa chathair agus chomh mór le 162% do charranna príobháideacha faoin mbliain 2040.

Léiríodh sa tsamhail a cruthaíodh, a bhí bunaithe ar Straitéis Iompair na Gaillimhe 2016, go mbeadh plódú carranna príobháideacha ar an gcuarbhóthar a bhí beartaithe, cé gur admhaíodh go dtiocfadh laghdú beag ar an tranglam ar feadh tréimhse deich mbliana.

“Thiocfadh ardú ar an tranglam sa chathair trí chéile mar gheall ar líon na bhfeithiclí a bheidh ar an mbóthar, líon a bheidh ag dul in airde de réir a chéile,” a dúradh.

Maítear nach leor na pleananna reatha atá ann le dul i ngleic leis an méadú seo agus go gcaithfí tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in infreastruchtúr glas – do choisithe, rothaithe, agus do phaisinéirí ar an gcóras iompair poiblí – le dul i ngleic leis an fadhbanna tráchta.

Tá ceist an chuarbhóthair nua ina cnámh spairne i gcathair na Gaillimhe féin agus i gConamara le fada an lá. Táthar ann a deir nach bhfuil aon rogha eile ann ach an bóthar a thógáil le fadhbanna tráchta na cathrach a leigheas agus daoine eile atá meáite de gur in olcas a ghabhfadh cúrsaí dá ndéanfaí a leithéid.

Is crá croí é an trácht do mhuintir na Gaeltachta in iarthar an chontae a bhíonn ag obair sa chathair, taobh thoir di, nó ag iarraidh dul trasna na cathrach le dul go háiteanna eile faoin tír.

Fág freagra ar 'Ní haon leigheas cuarbhóthar ar fhadhbanna tráchta na Gaillimhe – an Roinn Iompair'