Deir Easpag Chill Dalua Fionntán Ó Monacháin nach chun leas na hEaglaise Caitlicí ná an phobail é go mbeifí ag caint faoi dhaoine a dhíbirt ón eaglais toisc gur vótáil siad ar son aisghairm an Ochtú Leasú.
Dúirt an tEaspag go bhfuil imní air go dtiocfaidh athrú ar mheon an phobail i leith daoine faoi mhíchumas agus seandaoine mar gheall ar thoradh an reifrinn inar vótáil 67% ar son na haisghairme.
Agus é faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin, dúirt an tEaspag Ó Monacháin, arb as an gCeathrú Rua i gConamara dó, gur chuir an toradh idir ionadh agus dhíomá air, ach go gcaithfí glacadh le mian an phobail.
“Is dóigh liom gur deireadh seachtaine fíorbhrónach a bhí ann don tír, [tá] díomá mhór orm fhéin go pearsanta … ach tá vóta déanta ag muintir na hÉireann, caithfidh muid glacadh leis anois.”
Dúirt sé go raibh imní air go n-athródh an toradh meon an phobail i leith cheist na beatha agus go bhféachfaí feasta ar an nginmhilleadh mar réiteach ar fhadhbanna.
“Bheadh faitíos orm amach anseo go n-athródh sé [meon an phobail] ó thaobh seandaoine agus ó thaobh daoine atá faoi mhíchumas agus rudaí mar sin.”
“I gcás an ghinmhillte, má tá fadhb ann, an meon a chruthóidh sé seo ná má tá fadhb ann is féidir fáil réidh leis trí ghinmhilleadh a dhéanamh … Sin an faitíos a bheadh orm leis an meon a chruthódh sé seo mar tá na staitisticí ann ó thaobh daoine le Down Syndrome agus rudaí mar sin go bhfuil an céatadán an-ard i Sasana agus tíortha eile, go mbíonn an ginmhilleadh i gceist dóibh sin. Agus bheadh faitíos orm ó thaobh seandaoine leis an meon seo ag méadú. B’fhéidir nach n-athróidh sé, ach sin é an faitíos a bheadh orm leis an meon a bheadh cruthaithe théis an toraidh.”
Dúirt an tEaspag Ó Monacháin gur ceist chasta í ceist líon na gCaitliceach a vótáil ar son na haisghairme ach nach aon chabhair é a bheith ag caint faoi dhaoine a dhíbirt ón Eaglais toisc gur vótáil siad ‘Tá’ sa reifreann ginmhillte.
“Is ceist fhíordheacair é sin. Is Eaglais é agus tá go leor daoine le tuairimí difriúla agus caithfidh muid glacadh leis go bhfuil sé mar sin. Ní dóigh liom gur cabhair é a rá nach féidir leat a bheith i do Chaitliceach, mar bheadh go leor daoine imithe ansin. An dearcadh a bheadh ag an bPápa ná má tá aon dóchas ann go mbeidh daoine go mbeidh creideamh acu agus go mbeidh siad ag leanacht rialacha Íosa Críost, gan iad a chaitheamh amach ar fad as an Eaglais… Ach tá sé deacair an teannas sin a choinneáil agus an dá thaobh a choinneáil le chéile,” a dúirt an tEaspag Ó Monacháin agus é faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu.
Idir an dá linn, dúirt Easpag Aill Finn Kevin Doran gur “peaca” a bhí ann vótáil ar son na haisghairme agus mhol sé d’aon Chaitliceach a vótáil ‘Tá’ smaoineamh ar dhul chun faoistine.
Dúirt an tArdeaspag Éamon Martin, Príomháidh na hÉireann Uile, go raibh “scrios” déanta ag muintir na hÉireann ar cheart chun beatha an bheo gan breith.
“Tá tús áite tugtha againn don cheart chun rogha phearsanta a dhéanamh ar an gceart chun na beatha féin,” a dúirt Martin.
Dúirt Diarmuid Martin, Ardeaspag Átha Cliath go raibh an Eaglais Chaitliceach in Éirinn ag tabhairt conair eile uirthi féin agus gur ceann de na dúshláin ba mhó a bhí roimpi ná conas mar a rachaidh sí i bhfeidhm ar dhaoine óga.
Laoise
Sílim dá mbeadh cead ag an gcléir pósadh bheadh tuiscint níos fearr acu agus bheadh daoine sásta éisteacht leo ach is deacair éisteacht le comhairle ó dhuine nach mbeidh orthu dul i ngleic leis na fadhbanna sin riamh.
Pádraig
Ní bhaineann scéal an ghinmhillte le pósadh.Dé shíor cloistear focail mar fadhbanna géarchéim agus rogha maidir leis an leanbh sa bhroinn.Ní gá don duine a bheith pósta chun an rud ceart a thuiscint agus comhairle cuí a thabhairt,Tá dúnmharú i gceist agus mar sin níl sé ceadaithe i súile Dé agus i súile an Chríostaí
Laoise
Is dóigh liom gurb é caidreamh collaí a bhí i gceist agam i ndáiríre. Éisteann daoine leo siúd le taithi pearsanta ar nós gur éist muintir na hÉireann le mná agus teaghlaigh roimh an reifreann. Is cosúil go mbaineann céard atá ceart agus cóir le coinsias an duine féin. Is maith an rud nach bhfuil bac dleathach ag cur do thuairim anuas ar an gcuid eile den daonra a thuilleadh.